There were 1,864 press releases posted in the last 24 hours and 399,357 in the last 365 days.

Ráiteas ar Cheadú maidir le Táirge Díghalrán Lámh ViraPro a Bhaint den mhargadh

D'fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara inné go raibh an táirge díghalrán lámh Virapro Hand Sanitiser (PCS 100409) bainte den Chlár Táirgí Bithicíde agus gur cheart an táirge sin a bhaint den mhargadh. Má bhítear ag úsáid an táirge sin go fadtéarmach d'fhéadfadh deirmitíteas, greannú súil, greannú sa chóras riospráide uachtarach nó tinnis cinn a bheidh mar thoradh air.

 

Le linn an fhiosrúcháin ar an ábhar seo, tá sé tagtha chun cinn go raibh roinnt táirgí sláintíochta eile faoi bhranda Virapro nach raibh ar liosta ceadaithe na Roinne le haghaidh táirgí bithicíde. Tá sé ráite leis an gcuideachta atá i gceist na táirgí seo go léir a bhaint den mhargadh. Tá an Roinn ag moladh mar sin, ar bhonn réamhchúraim, go gcuirfí gach táirge sláintíochta de chuid Virapro a chur ar ais chuig an soláthróir. Táthar ag moladh don phobal stopadh de na táirgí seo a úsáid mar nach bhfuil siad ceadaithe lena n-úsáid.  

 

Ní mór PCS nó uimhir IE/BPA nó AE atá le feiceáil go soiléir a bheith ar an lipéad atá ar gach táirge sláintíochta ina bhfuil bithicidí.

 

Tá fiosrúchán ar bun ag an Roinn faoin gcás seo faoi láthair.

 

CRÍOCH

Date Released: 23 October 2020