There were 1,691 press releases posted in the last 24 hours and 413,887 in the last 365 days.

Ráiteas ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara Foraoisí na hÉireann - foinse nó áit stórála dé-ocsaíde carbóin?

Ní astaíre glan de ghás ceaptha teasa iad foraoisí na hÉireann.  Is stór dé-ocsaíde carbóin suntasach iad atá ag fás agus beidh sin i gceist as seo amach, agus is míthreorach iad na moltaí a rinneadh le déanaí a deir a mhalairt, a mhéid agus nach bhfuil siad ach ag féachaint ach ar fho-thacar amháin den eastáit.

 

Déantar ‘FRL 2021-2015: Plean Cuntasaíochta maidir le Foraoiseacht Náisiúnta na hÉireann'   a phlé sna moltaí agus sa tráchtaireacht ina dhiaidh. Is tuarascáil í seo a réitigh an Roinn chun eolas a dhéanamh dár bhfardal de gháis cheaptha teasa don chúig bliana amach romhainn.

 

Déantar foraoisí na hÉireann a chatagóiriú mar dhá chineál éagsúla ar mhaithe leis an gcleachtadh seo - 'Talamh Foraoisithe' nó 'Talamh Foraoise Bainistithe'.  Cé gur astaíre beag a bheidh sa limistéar um thailte Foraoise Bainistithe (MFL) sa tréimhse amach romhainn, mar gheall ar chúinsí agus ar thráthúlacht ar leith, sáróidh an méid atá á stóráil agus á cheapadh sa chuid eile den eastát go mór an méid atá i gceist.

 

Chun sin a mhíniú: áirítear sa chatagóir 'Talamh Foraoisithe' gach foraois a bheidh 30 bliain nó níos lú le linn na tréimhse cuntasaíochta 2021-2030, i.e. aon fhoraois nua a cuireadh ó 1991 agus foraoisí nua ar fad a chuirtear sna 10 mbliana amach romhainn.  Áit stórála shuntasach dé-ocsaíde carbóin a bheidh iontu le linn na tréimhse sin, agus breis is 1 mhilliún tona CO2 go maith á cheapadh acu in aghaidh na bliana agus táirgí adhmaid saothraithe curtha san áireamh, sa tréimhse 2021-2025.

 

Cuimsítear na foraoisí ar fad atá níos sine ná 30 bliain le linn na tréimhse ó 2021-2030 ar na foraoisí bainistithe i "dTalamh Foraoise Bainistithe". Meastar, nuair a beidh na táirgí adhmaid saothraithe curtha san áireamh, gur foinse ghlan a bheidh sna foraoisí sin de thuairim is 0.1 milliún tona CO2 in aghaidh na bliana sa tréimhse 2021-2025.  Ach, tá sé tábhachtach áfach a aithint go gcuirtear na foraoisí seo arís i ndiaidh iad a bheith saothraithe agus de réir mar a aibíonn na foraoisí seo feidhmeoidh siad mar áit stórála arís.

 

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, "Táimid i mbéal ghéarchéim aeráide, agus braithfidh cibé an éireoidh linn déileáil leis go rathúil nó nach n-éiríonn ar an mbealach a mbainfimid úsáid as talamh na tíre amach anseo. Ní mór dúinn í a chosaint, chomh maith le saothar a bhaint as ar mhaithe le sochaí, timpeallacht agus geilleagar na tíre. Sa chomhthéacs sin, tuigim go maith an imní a bhí ar go leor daoine maidir leis na tuarascálacha ar fhoraoisí na hÉireann a bheith ina n-astaíre glan de gháis cheaptha teasa agus táim an-sásta go bhfuil an cás á shoiléiriú ag mo Roinnse.

 

Níl aon dabht faoi ach go bhfuil ról tábhachtach ag foraoiseacht maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Agus é mar aidhm againn geilleagar na tíre a dhécharbónú tá d'acmhainn ag an bhforaoiseacht réimse leathan de sheirbhísí éiceachórais a chur ar fáil.  Níl aon dabht ach go dtacaíonn foraoiseacht leis na mílte post chomh maith agus tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an tionscal a chomhtháthú le breithniúcháin pobail agus aeráide eile agus é mar aidhm againn múnla nua a fhorbairt ina leith, múnla a oibreoidh do chách agus na crainn chearta á gcur sna háiteanna cearta.

Táim ag súil an múnla nua seo a fhorbairt. Beifear ag cur tús leis an obair ina leith sin go ríghairid agus tá tús curtha agam leis an rannpháirtíocht le daoine a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí agus ar pháirtithe leasmhara a chuideoidh liom an todhchaí sin a mhúnlú. Ní mór foraoiseacht amach anseo a bheith ilfheidhmeach.  Ní mór di aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide, chomh maith le maitheas a dhéanamh don bhithéagsúlacht, ar mhaithe le caighdeán uisce agus ar mhaithe le pobail áitiúla. Ní mór dúinn é seo a dhéanamh i gceart."

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Tá ról tábhachtach ag an bhforaoiseacht maidir le hathrú aeráide a mhaolú trí gháis cheaptha teasa a bhaint as an atmaisféar. Is áit thábhachtach an eastáit foraoise náisiúnta mar áit stórála carbóin, arb ionann é agus tuairim is 312 milliún tona[1]  
  •  
  • Tá tuairim is 3.8 milliún tona de dhé-ocsaíd charbóin bainte as an atmaisféar ag foraoisí na hÉireann gach bliain sa tréimhse idir 2007 go 2016[2]. Cuimsítear foraoisí de gach aois agus de gach speiceas atá le fáil ar fud na hÉireann. Athraíonn an figiúr seo ó bhliain go bliain agus foraoisí na hÉireann ag aibiú agus i gcásanna áirithe déantar iad a bhaint agus a chur arís.
  •  
  • Scrúdaítear agus déantar an seasamh carbóin atáthar ag súil leis sa tréimhse ó 2021 go 2025 leis an bPlean Cuntasaíochta maidir le Foraoiseacht Náisiúnta le tagairt ar leith ann d'fhoraoisí níos sine. Tagann laghdú ar rátaí ceaptha na speiceas ar fad agus na foraoisí ag dul in aois ach is stór carbóin suntasach fós iad na crainn iad féin.
  •  
  • Cruthaíodh eastát foraoise nach raibh ach ag clúdach 1% de thalamh ag tús na 1900idí agus atá anois ag 11% mar gheall ar na rátaí foraoisithe bliantúla éagsúla le 100 bliain anuas. Aibíonn foraoisí ag amanna éagsúla mar gheall ar na torthaí éagsúla seo, bíonn rátaí saothraithe agus athchurtha níos airde i mblianta áirithe agus níos ísle i mblianta eile. Déanann an Plean Cuntasaíochta maidir le Foraoiseacht Náisiúnta múnla de na hathruithe seo agus, i gcomhar le foraoisiú le déanaí, is é sin le 30 bliain anuas, léirítear gur áit stórála glan dé-ocsaíde carbóin iad foraoisí na hÉireann agus is amhlaidh a bheidh go dtí 2050 agus ar aghaidh.
  •  
  • Leagtar amach creat cuntasaíochta i Rialachán an AE 841/2018, a dtugtar an rialachán LULUCF air, chun cuntas a thabhairt ar astaíochtaí agus baint gáis ceaptha teasa sna catagóirí talún a leanas ó 2021 go 2030. Is iad seo a leanas na catagóirí sin;
  • Talamh Foraoisithe
  • Tailte Foraoise Bainistithe
  • Talamh Dhífhoraoisithe
  • Tailte Féaraigh Bainistithe
  • Tailte Barr Bainistithe
  • Bogaigh Bainistithe
  • Táirgí adhmaid saothraithe
  •  
  • Mar chuid den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, bhí ar Éire, mar a bhí ar Bhaillstát an AE ar fad a dhéanamh, Plean Cuntasaíochta maidir le Foraoiseacht Náisiúnta a chur ar aghaidh maidir leis an gcatagóir "Tailte Foraoise Bainistithe". Tá sé seo de dhíth chun leibhéal tagartha a chruthú a bheidh á úsáid chun cuntas agus tuairisc a thabhairt ar athruithe gáis ceaptha teasa ó 2021-2025 i gcomórtas leis an gcatagóir talún seo. Is ionann an chatagóir talún foraoise bainistithe agus 60% den eastát foraoise. Cuimsítear na foraoisí ar fad atá níos sine ná 30 bliain le linn na tréimhse ó 2021-2030 ar fhoraoisí na hÉireann sa chatagóir seo.
  •  
  • Meastar gur foinse ghlan bheag tuairim is 0.1 milliún tona de CO2 in aghaidh na bliana a bheidh sna foraoisí nuair a chuimseofar na táirgí adhmaid saothraithe sa tréimhse 2021-2025. Is cinnte go gcoinneoidh siad stór ollmhór carbóin mar chun den 312 milliún tona i bhforaoisí na hÉireann ar fad;
  •  
  • Cé gur foinse bheag dé-ocsaíde carbóin a bheidh sa talamh foraoise bainistithe sa tréimhse 2021-2015, tugtar le fios le réamh-mheastacháin gur a mhalairt de threocht a bheidh ann agus gur áit stórála a bheidh sna foraoisí seo sa tréimhse 2036-2050.
  •  
  • Ach, leanfaidh foraoisí na tíre sa chatagóir eile "talún foraoisithe" lena n-áirítear na foraoisí ar fad a bheidh 30 bliain nó níos lú le linn an tréimhse cuntasaíochta 2021 go 2030 de bheith suntasach mar áit stórála dé-ocsaíde carbóin agus gur áit stórála é sin a bheidh ag méadú. Is ionann an chatagóir sin i láthair na huaire agus tuairim is 40% den eastát foraoise. Is ionann an chatagóir sin agus an chuid is mór de na foraoisí a cuireadh ó 1990 agus áireofar ann gach foraois nua a chuirfear sna 10 mbliana amach romhainn.

 

 

CRÍOCH

 

 

[1] Fardal Náisiúnta Foraoise na hÉireann - 2017

[2] [2] Fardal Náisiúnta Foraoise na hÉireann - 2017

Date Released: 30 October 2020