There were 160 press releases posted in the last 24 hours and 437,648 in the last 365 days.

Foilsiú Staitisticí Foraoise na hÉireann 2020 fógartha ag an Aire Hackett

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, inniu go bhfuil Tuarascáil bhliantúil na Roinne maidir le Staitisticí Foraoise don bhliain 2020 foilsithe. Ullmhaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara an Tuarascáil seo gach bliain.

 

Dúirt an tAire agus í ag seoladh na tuarascála ‘Is cnuasach staitisticí maidir leis an eastáit foraoise agus tionscal na foraoiseachta in Éirinn atá i 'Staitisticí Foraoise - Éire 2020'. Is cnuasach críochnúil atá inti d'fhaisnéis atá cothrom le dáta ar fhoraoiseacht in Éirinn agus is é an doiciméad tagartha is fearr d'aon duine a bhfuil suim aige/aici san ábhar. Tá sé leagtha amach go soiléir i gClár an Rialtais an tiomantas atá againn don fhoraoiseacht, agus do ghnáthóga coillearnaí a chruthú in Éirinn. De réir mar a bheidh mé i mbun idirbheartaíochta leis na páirtithe leasmhara go léir faoi na tiomantais sin, tá sé tábhachtach go mbeadh staitisticí ar féidir brath orthu againn chun dul chun cinn an chláir nua foraoiseachta a léiriú.

Ar na deich staitisticí barrthábhachtacha ó Staitisticí Foraoise - Éire 2020 áirítear:

  1. In 2019, chaith DAFM €89.9 milliún ar ghníomhaíochtaí foraoise lena n-áirítear foraoisiú, deontais chothabhála, íocaíochtaí préimhe bliantúla agus deontais chun bonneagar bóithre foraoise a chur isteach.
  2. Cuireadh 3,550ha d'fhoraoisí nua le linn 2019. Ba i gCorcaigh a bhí an ceantar faraoisithe is mó ag 423ha agus bhí Co. an Chláir ina dhiaidh sin le 352ha.
  3. Is speicis bhuaircíneacha na speicis is mó dá bhfuil ann go náisiúnta, agus is ionann iad agus 71.2% d'achar na bhforaoisí agus tá na speicis leathanduilleacha ag 28.7%.
  4. B'ionann sciar an bhforaoisí leathanduilleacha i bhforaoisí nua a cuireadh le linn 2019 agus 25%, ar méadú é ar an bhfigiúr 21% sa bhliain roimhe sin.
  5. Tá níos mó na leath (50.8%) de na foraoisí faoi úinéireacht phoiblí agus an chuid eile faoi úinéireacht phríobháideach. Is ar thailte feirmeoirí a cuireadh foraoisí ar 81% de thailte príobháideacha idir 1980 agus 2019.
  6. Ó 1980 i leith, fuair breis agus       23,000 úinéir príobháideach talún cúnamh deontais chun foraoisí a bhunú. Ó 1980 i leith, is 8.6 ha meánmhéid na bhforaoisí príobháideacha a cuireadh isteach agus a fuair cúnamh deontais.
  7. Ba ionann an méid lomáin chruinne a leagadh (lena n-áirítear adhmad tine) i bPoblacht na hÉireann sa bhliain 2018 agus 3.69 M m3, an leibhéal is airde ó tosaíodh ag coinneáil taifead. Sháraigh an leagan i bhforaoisí príobháideacha 1 M m3 den chéad uair. Baineadh úsáid as 40% den snáithín adhmaid atá ar fáil lena úsáid chun fuinneamh a ghiniúint, laistigh den earnáil táirgí foraoiseachta den chuid is mó.
  8. Cuireadh maoiniú ar fáil le linn 2019 chun 94km de bhóithre foraoise príobháideacha a thógáil, méadú 20km ar an mbliain roimhe sin. Is léiriú é seo ar an méadú a mheastar a thiocfaidh ar adhmad le baint a bhfuiltear ag súil a dhúblóidh faoi 2030.
  9. Eisíodh ceadúnais chun crainn a leagan le linn 2019 chun 47,571 ha a thanú agus chun 9,626ha a ghlanleagan.
  10. Tá breis is leath d'eastát foraoise na hÉireann deimhnithe ag eagraíochtaí idirnáisiúnta neamh-rialtais chun dea-chleachtas foraoise a chur chun cinn. Tá an chuid is mó den cheantar sin san eastát foraoise poiblí, tá 11,181ha d'fhoraoisí príobháideacha deimhnithe faoi láthair.

Nóta d'eagarthóirí:

Is féidir teacht ar an Tuarascáil ar láithreán gréasáin na Roinne ar www.agriculture.gov.ie/forestservice/forestservicegeneralinformation/foreststatisticsandmapping/annualforestsectorstatistics/  

 

 

Date Released: 15 July 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.