There were 1,441 press releases posted in the last 24 hours and 447,198 in the last 365 days.

Fáilte curtha ag an Aire McConalogue roimh thorthaí an Tascfhórsa Mairteola

Ag labhairt dó tar éis chruinniú an lae inniu den Tascfhórsa Mairteola, dúirt an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., ‘Tá áthas orm a fhógairt gur aontaigh na páirtithe leasmhara i bprionsabal ag cruinniú an lae inniu den tascfhórsa mairteola, go dtacóidís leis an dréachtiarratas ar stádas PGI do mhairteoil féarbheathaithe na hÉireann. Déanfaidh mo Roinn gach rud atá riachtanach anois chun an próiseas a thabhairt chun críche. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne gach duine a bhí bainteach leis, chun iarratas ar PGI a dhéanamh do mhairteoil féarbheathaithe na hÉireann. Má ghlactar leis, d’fhéadfadh an stádas PGI cabhrú le mairteoil na hÉireann a suí sa mhargadh a fheabhsú, ag tráth a bhfuil géarghá leis.’ 

Dúirt an tAire, ‘má ghlacann Coimisiún an AE leis an iarratas in am tráth, d’fhéadfadh sé deis a thabhairt do shaothar mairteola na hÉireann a bheith in áit mhaith ó thaobh táirge ardchaighdeáin atá uathúil agus féarbheathaithe, a aithnítear mar tháirge as Éirinn, agus anuas air sin, dul chun tairbhe dóibh siúd atá ar an mbiashlabhra, go háirithe an príomhtháirgeoir.

D’aontaigh an Tascfhórsa Mairteola i bprionsabal freisin, go mbunófaí, sa chás is go nglactar leis an iarratas, Grúpa Monatóireachta PGI chun tuairiscí rialta maidir le dul chun cinn a sholáthar don Tascfhórsa agus aontaíodh gur feirmeoirí a bheadh i mbunáit na n-ionadaithe.

Dúirt an tAire McConalogue, “Nuair a bheidh an t-iarratas deiridh á chur isteach tarraingeoidh mé anuas dhá cheist leis an gCoimisiún:

- bunaithe ar thuairimí láidre a léirigh cuid de na páirtithe leasmhara, cuirfidh mé in iúl gur chóir go mbeadh na tairbh óga féarbheathaithe san áireamh freisin, nuair a bheidh fáil mar thacaíocht, ar shonraí breise i leith an ghrúpa seo.

- bunaithe ar chainteanna le mo chomhghleacaí i dTuaisceart na hÉireann, go mbeadh Éirinn i bhfabhar go leathnófaí an PGI sa chaoi is gur scéim uile-oileáin a bheadh inti, nuair a chuirfí córas deimhnithe féarbheathaithe i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann.’

Thacaigh an tascfhórsa freisin le moladh ón mBord Bia go mbeadh clár ann ar mhaithe leis an mairteoil diúil a chur chun cinn agus chun branda tairisceana a fhorbairt don mhairteoil diúil as Éirinn agus go mbeadh buiséad suas le €6 mhilliún aige thar na trí bliana atá amach romhainn, ag brath ar athbhreithniú bliantúil a bheith déanta ar an dul chun cinn. Déanfaidh an t-athbhreithniú bliantúil seo, á mhaoirsiú ag grúpa monatóireachta ar a mbeidh tromlach na hionadaíochta ag feirmeoirí, measúnú ar an dul chun cinn ó thaobh éileamh margaidh a chruthú trí idirdhealaitheacht a dhéanamh i leith mhairteoil diúil na hÉireann, agus ar inniúlacht an bhranda torthaí méadaitheacha a sholáthar. Cuirfear tús leis an obair seo láithreach. 

D’fháiltigh an tAire roimh thiomantas na bpáirtithe leasmhara oibriú le chéile chun forbairt a dhéanamh ar bhranda do laonna, a bheadh ábhartha ar an margadh agus a mbeadh gach duine againn sásta seasamh agus tacú leis.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue, ‘Chuir Buiséad 2021 maoiniú suntasach ar fáil d’earnáil an bheocstoic, go háirithe i bhfoirm tacaíochtaí dírithe ar fheirmeoirí mairteola diúil. Cuideoidh na scéimeanna seo le feirmeoirí laonna a gcuid eallach mairt a fheabhsú ó thaobh an chomhshaoil agus na heacnamaíochta, agus cuntais á gcoinneáil acu a chuideoidh leo aitheantas a bhaint amach maidir le leas agus timpeallacht. Tá súil agam gur féidir tógáil ar na scéimeanna seo agus iad a fhorbairt mar ullmhúchán don chéad bhabhta eile de CAP. Tá na tacaíochtaí seo ag teacht leis an moladh go ndéanfaí branda a fhorbairt le haghaidh mhairteoil diúil as Éirinn.’

Nótaí do na heagarthóirí:

Faoi scéimeanna cáilíochta an AE má bhaineann táirgí an cháilíocht PGI amach cuireann sé ar chumas an tomhaltóra muinín a bheith aige as táirgí ardchaighdeáin agus iad a aithint. Ag an am céanna cuidíonn sé le táirgeoirí margaíocht níos fearr a dhéanamh ar a gcuid táirgí. Ar cheann de na bearta a haontaíodh i gComhaontú an Tascfhórsa / na bPáirtithe Leasmhara  don Mhairteoil i Meán Fómhair 2020 bhí: ‘go bhfuil plé gníomhach ar bun ag DAFM agus ag Bord Bia le Coimisiún an AE maidir le PGI a fháil do mhairteoil na hÉireann.’ I gClár an Rialtais tugtar gealltanas maidir le ‘oibriú ag leibhéal an AE chun cáilíocht PGI a fháil do mhairteoil na hÉireann.’ Dá mbeadh toradh deimhneach ar an iarratas chuig an gCoimisiún Eorpach i leith an PGI cheadófaí do mhairteoil as Éirinn, a bheadh de réir na sonraíochta, an lógó PGI a úsáid.  

Tá an comhaontú seo gan dochar d’aon chur in aghaidh a cuireadh isteach tríd an gcóras náisiúnta chun cur i gcoinne an iarratais ar PGI a sheol an Roinn, mar a éilítear faoi Rialachán uimhir 1151 de 2012, ar an 14 Lúnasa 2020 agus ag teacht chun críche ar an 11 Meán Fómhair 2020. Táthar ag súil go n-eiseofar freagraí i leith na gcur in aghaidh seo, go gairid.  

Is gníomh aontaithe é forbairt an iarratais faoi Chomhaontú na hEarnála Mairteola, Meán Fómhair 2019, agus is gealltanas é freisin faoi Chlár an Rialtais.  

 

Críoch

Date Released: 23 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.