Leanfaidh Marglanna Beostoic ar aghaidh le díolacháin ar líne amháin
Tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta go leanfaidh díolacháin ag marglanna beostoic ar aghaidh ar ardáin ar líne agus sin amháin ar mhaithe le daoine san earnáil agraibhia agus i bpobail faoin tuath níos leithne a chosaint ó scaipeadh Covid-19, agus i gcomhréir le treoirlínte sláinte poiblí.
Ar nós go leor tíortha eile, tá Éire i ngreim ag paindéim an Choróinvíris. Tá na bearta sláinte poiblí diana atá glactha ag an Rialtas ag teastáil go huile agus go hiomlán chun sláinte daoine a chosaint. Bhí sé sin deacair ar go leor daoine in earnálacha go leor, lena n-áirítear earnáil na talmhaíochta.
Tá an Roinn ag obair go dlúth le páirtithe leasmhara chun slabhraí soláthair agraibhia a chosaint, in ainneoin na rialuithe diana atá i bhfeidhm. Ciallaíonn sé sin nach féidir dul i mbun gnó ar an ngnáthbhealach. Ina fhianaise sin, tá córais díolacháin ar líne marglainne i bhfeidhm in Éirinn ó thús mhí Aibreáin agus tá na céadta míle eallaí agus caorach ceannaithe agus díolta trí úsáid a bhaint as na hardáin éagsúla ar líne atá ar fáil anois.
Bhí fadhb ag ceann den trí phríomhchóras ar líne a úsáideann marglanna Dé Sathairn seo caite agus bhí moill ar dhíolacháin marglainne i 16 d'ionaid mharglainne. Réitíodh an fhadhb tar éis 2 uair an chloig nó mar sin agus bhíothas ábalta leanúint leis an díol. Tugadh 26 as tuairim is 30 díolachán marglainne a bhí ar siúl ar fud na tíre Dé Sathairn chun críche, cé gur tuairiscíodh gurbh éigean ceithre mharglann a chur ar ceal.
Bhí Oifigigh Roinne i dteagmháil le gach ceann de na soláthróirí córais inniu, agus tá a ngealltanas dearbhaithe arís acu go nglacfaidh siad gach céim is gá chun go seachnófar a leithéid d'fhadhbanna ag tarlú arís. B'éigean do roinnt díobh acmhainneacht bhreise a chur lena gcórais mar gheall ar an líon ollmhór daoine, nach raibh aon súil leis, ag féachaint agus ag déanamh tairiscintí ar na córais mharglainne ar líne, agus mar gheall ar an luas a bhfuil glactha ag feirmeoirí leis an teicneolaíocht nua seo.
Cé go bhfuil sé róluath fós conclúidí críochnúla a thabhairt, tá trádáil marglainne ar na córais ar líne le haghaidh eallaí agus caorach fós go maith, agus tá 95% den stoc marglainne á ghlanadh, agus tá trádáil seasta leanúnach fós ar bun, mar ab amhlaidh i go leor marglann an fómhar seo.
Déanfar gach gné den chás maidir le marglanna a athbhreithniú go leanúnach sa tréimhse amach romhainn.
Cuirtear i gcuimhne arís do gach duine san earnáil agraibhia cuimhneamh i gcónaí ar an tábhacht a bhaineann le cloí go hiomlán leis na bearta sláinte poiblí atá leagtha amach le gach duine, go háirithe daoine leochaileacha, a choinneáil sábháilte ag an am dúshlánach seo.
CRÍOCH
Date Released: 25 October 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
