There were 1,844 press releases posted in the last 24 hours and 426,981 in the last 365 days.

33 deontas breise bronnta ag Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh EMFF fógartha ag an Aire McConalogue

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go mbeidh an tríú tráinse de dheontais ar fiú €558,039 iad á bhronnadh ag cúig Ghrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh atá bunaithe faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann ar 33 grúpa pobail áitiúla agus micrithionscadailClár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar na deontais.

                            

Is éard a dúirt an tAire McConalogue agus an tríú tráinse deontais á fhógairt aige, "Tá ríméad orm a fhógairt inniu go mbeidh 33 tionscadal cósta eile ag baint tairbhe as cistiú EMFF tríd na Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh a bunaíodh mar chuid de Chlár EMFF na Roinne chun tacú lenár n-earnáil bia mara agus pobail cois cósta a fhorbairt. Ciallaíonn na deontais is déanaí seo a bronnadh go bhfuil cistiú FLAG ar fiú €3.3 milliún é bronnta i mbliana aisti féin le 188 tionscadal le cósta." 

 

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith, "Beidh tairbhe ríluachmhar, ó thaobh na heacnamaíochta agus go sóisialta, le baint ag pobail le cósta as na tionscadail seo le linn tréimhse ar bhain deacracht léi do go leor daoine. Níl anseo ach ceann de na bealaí a bhfuil Clár EMFF mo Roinne féin ag déanamh difríocht cheart dár bpobail cois cósta."

 

Tá sonraí na scéime FLAG agus conas iarratas a dhéanamh uirthi le fáil ag www.bim.ie/schemes/

 Fisheries Fund

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

 

Seoladh Clár Oibríochta EMFF in Eanáir na bliana 2016.  Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. An Státchiste agus an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Clár eatarthu.

 

Is straitéis forbartha do phobail le cósta í FLAG, an Bhuíon Gníomhaíochta Limistéir Áitiúil Iascaigh (2014 – 2020) a bhfuil ciste €12 milliún ar fáil le dáileadh ar 7 bpobal ainmnithe le cósta na hÉireann. Is iad na 7 réigiún FLAG - Deisceart, (Corcaigh), Iardheisceart (Ciarraí, Luimneach), Oirdheisceart (Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin), Iarthar (Gaillimh, An Clár), Iarthuaisceart (Maigh Eo, Sligeach, Liatroim), Tuaisceart (Dún na nGall) agus Oirthuaisceart (Baile Átha Cliath, Lú, An Mhí).

 

Cuidíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le grúpaí FLAG an scéim seo a sheachadadh trí thacaíocht a riaradh trí dheontais i gcabhair, oiliúint agus éascú i measc an phobail. Tá comhordaitheoirí FLAG ar fáil i ngach réigiún.

 

Seo a leanas mar a dámhadh na deontais:

 

 

FLAG

Líon na dtionscadal

Infheistíocht Iomlán

Deontais a Dámhadh

Deisceart

10

€167,875

€110,921

Oirdheisceart

6

€182,160

€145,728

Tuaisceart

4

€172,630

€104,904

Iarthuaisceart

4

€207,321

€89,978

Iarthar

9

€157,025

€106,509

Iomlán

33

€887,012

€558,039

 

 

Tá sonraí ar na deontais aonair go léir a bronnadh leagtha amach thíos maidir le gach ceann den 5 FLAG.

 

FLAG an Deiscirt

 

 

 

 

Iarratasóir

Teideal an Tionscadail

Ráta

Costas Iomlán

Cúnamh Deontais

Cumann Rámhaíochta na Rinne

Trealamh

80%

6,500.00

5,200.00

Courtmacsherry Rowing Club CLG

Trealamh

80%

9,985.00

7,988.00

Oceans of Discovery

Scúbadóireacht & Oideachas Mara Oceans of Discovery / Domhan Faoi Thuinn Chorcaí a Chur Chun Cinn

50%

20,063.00

10,031.50

Wild Atlantic Glamping Ltd.

Trealamh

50%

11,252.00

5,626.00

Cóstaí Glana Bhaile na Móna

Trealamh

80%

31,666.80

25,333.44

Bantry Inshore Search & Rescue Association CLG

Trealamh

80%

22,448.00

17,958.40

Gecko Adventures

Trealamh Spóirt Uisce

50%

30,016.00

15,008.00

Ballycotton Development Company Limited

Múrphictiúr d'Oileán Bhaile Choitín

80%

1,142.00

913.60

Elln Hutchins

Tacaíochtaí Oideachais Feamainne

80%

9,902.00

7,921.60

Comhairle Pobail Dhún na Séad

Croí Na Mara

60%

24,900.00

14,940.00

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

167,874.80

110,920.54

 

 

 

 

 

FLAG an Oirdheiscirt

 

 

 

 

Iarratasóir

Teideal an Tionscadail

Ráta

Costas Iomlán

Cúnamh Deontais

Ionaid Acmhainní Teaghlaigh Southend / Grúpa Forbartha Pobail Southend

Grúpa Cadhcála Southend agus forbairt na gCarraigeacha Southend

80%

14,083.05

11,266.44

Wicklow Aquanauts

Áiseanna Reatha a Uasghrádú & a Fhorbairt

80%

9,349.00

7,479.20

Bothán Fear na Gráinsí

Tionscadal Adhmadóireachta Bhothán Fear na Gráinsí a fheabhsú

80%

7,357.00

5,885.60

Cumann Bhothán Fear Dhún Garbhán

Áiseanna a Uasghrádú

80%

43,395.25

34,716.20

Cumann Rámhaíochta St Kearns

Aonad Frithloitiméireachta agus Meaisíní Rámhaíochta chun teicnící rámhaíochta a mhúineadh

80%

27,975.30

22,380.24

Our Lady’s Island Community Development Company Ltd.

Ionad Léirmhínitheach Turasóra Oileán Mhuire

80%

80,000.00

64,000.00

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

182,159.60

145,727.68

 

 

 

 

 

FLAG an Tuaiscirt

 

 

 

 

Iarratasóir

Teideal an Tionscadail

Ráta

Costas Iomlán

Cúnamh Deontais

Comhairle Chontae Dhún na nGall

Áiseanna Cuain

60%

26,400.00

15,840.00

Coiste Forbartha na Carraige

Droichead Coise

80%

32,627.12

26,101.70

On the Rocks

Meithleacha

40%

69,800.00

27,920.00

Muileann Coirce Leitir CTR

Siúlóid Timpeallachta le hais Abhann

80%

43,803.32

35,042.66

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

172,630.44

104,904.35

 

 

 

 

 

FLAG an Iarthuaiscirt

 

 

 

 

Iarratasóir

Teideal an Tionscadail

Ráta

Costas Iomlán

Cúnamh Deontais

Grúpa Stiúrtha Cheann Scríbe Mhaigh Eo

Tacaíocht do Thurasóireacht Mhaigh Eo Thuaidh a chur chun cinn agus do phlean forbartha 2020 - 2023 ina leith

80%

22,623.27

18,098.62

Jasmin Priegelmeir

Cré - Siopa Potadóireachta Chliara

40%

14,698.05

5,879.22

Comhairle Chontae Mhaigh Eo/Bailte Slachtmhara Bhéal an Mhuirthead

Comhairle Chontae Mhaigh Eo/Bailte Slachtmhara Bhéal an Mhuirthead

33%

150,000.00

50,000.00

Pobal le Cósta Chéide

Staidéar féidearthachta maidir le Céide Coast Incubation Hub

80%

20,000.00

16,000.00

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

207,321.32

89,977.84

 

 

 

 

 

 

 

FLAG an Iarthair

 

 

 

 

Iarratasóir

Teideal an Tionscadail

Ráta

Costas Iomlán

Cúnamh Deontais

J & S Ocean Products

Trealamh Próiseála a Uasghrádú

80%

16,549.00

13,239.20

Séamus Ó Flatharta

Ionad Campála agus Glampála Inis Oírr

40%

17,460.00

6,984.00

Caisleán Óran Mór

Ionad Cultúir Chaisleáin Óran Mór

40%

42,553.21

17,021.28

Ceolchoirmeacha Tí na Ceallúraí

Feabhsúcháin Ceardlainne

40%

7,801.00

3,120.40

Loop Head Tourism Ltd

Táirge turasóireachta a fhorbairt ar leithinis Cheann Léime lena mbainfidh éifeacht dearfach leis do phobail áitiúla

80%

4,900.00

3,920.00

Cuan Beo CLG

Cuan Beo - Cur chuige iomlánaíoch a chur i bhfeidhm maidir le hinbhuanaitheacht i gCuan na Gaillimhe 2020

80%

16,191.55

12,953.24

Ceardlann an Spidéil

Feachtas margaíochta ar líne

80%

6,500.00

5,200.00

Owen O Connell

Oiliúint

50%

2,000.00

1,000.00

Údarás na Gaeltachta

Cosán Shlí Chonamara

100%

43,070.58

43,070.58

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

157,025.34

106,508.70

 

 

 

 

 

 

Iomlán Foriomlán

 

887,011.50

558,039.12

 

 

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 23 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.