There were 129 press releases posted in the last 24 hours and 391,533 in the last 365 days.

Seoladh Shraith na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Chlár COALESCE na Comhairle Taighde fógartha ag an Aire Heydon

Tá ríméad ar an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), Martin Heydon T.D., agus Stiúrthóir Chomhairle Taighde na hÉireann (IRC) Peter Brown, a fhógairt go bhfuil Sraith na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi Chlár COALESCE Chomhairle Taighde na hÉireann seolta. Cuireann clár COALESCE tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí le bheith páirteach i dtaighde agus réitigh nuálaíochta a fhorbairt i bpríomhréimsí den earnáil agraibhia.

 

Chuir an tAire fáilte roimh an tionscnamh seo agus dúirt, "gur sampla den scoth a bhí anseo de chomhpháirtíocht i gcomhar idir eagraíochtaí rialtais, ag obair le chéile chun taighde nuálaíochta do ghnólachtaí a chur ar fáil i réimse na gcóras bia agus an bhithgheilleagair chiorclaigh. Cuideoidh sin le tionchar a imirt ar rannpháirtíocht na hearnála agraibhia d'fhonn slabhraí luacha, táirgí agus seirbhísí atá níos inbhuanaithe, sláintiúla agus níos báúla don timpeallacht a chruthú idir táirgeoirí, tomhaltóirí agus saoránaigh.

   

Is éard a bhí le rá ag Peter Brown, Stiúrthóir IRC, "Tá Comhairle Taighde na hÉireann ar a dícheall ag iarraidh comhpháirtíochtaí a bhunú agus a chothú idir Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí a bhfuil sé i gceist acu lucht taighde agus lucht déanta polasaí a thabhairt le chéile. Féachtar ach go háirithe leis an gclár COALESCE le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shochaíocha náisiúnta agus ar fud an domhain, lena n-áirítear iad sin atá amach roimh earnáil agraibhia na hÉireann. Forbraíonn rannpháirtíocht saineolaithe inár gcóras taighde poiblí bunáit dhaingean fianaise agus eolais, a mbíonn cleachtais talmhaíochta atá níos nuálaí agus níos inbhuanaithe mar toradh air chun leas sóisialta agus eacnamaíochta chách."

 

Seolfar Glao COALESCE le haghaidh iarratas Dé Céadaoin an 28 Deireadh Fómhair ón 4pm. Tugtar cuireadh do gach Eagraíocht a bhíonn i mBun Taighde a bhíonn incháilithe de ghnáth faoi chláir mhaoiniúcháin taighde an DAFM iarratais ar mhaoiniú ón DAFM a chur ar aghaidh faoi Chlár COALESCE, a fheidhmítear go hiomaíocht, an IRC. Go háirithe, féachtar le Sraith an DAFM dar teideal ‘Re-imagining Cities for a Circular Bioeconomy’ tograí taighde a fháil a bhreithníonn na ceangail agus sinéirgí idir ceantair thuaithe agus uirbeacha le béim ar chathair Éireannach mar shraith agus tiománaí tástála le haghaidh córas táirgthe bia agus bithgheilleagair chiorclaigh atá inbhuanaithe, aithghiniúnach agus ag feidhmiú go maith.

 

Cuirfear torthaí an taighde ar fáil chun go mbeidh an earnáil agraibhia agus earnálacha bithbhunacha, an tomhaltóir, saoránaigh agus lucht déanta polasaí ábalta tairbhe a bhaint astu.

 

Tá sonraí iomlána maidir le scóip Shraith an DAFM faoi ghlao taighde COALESCE leagtha amach ar www.agriculture.gov.ie/research/competitivenationalprogrammes/opencalls/

 

Nótaí d'Eagarthóirí

  • Tá sé mar chuspóir le Clár COALESCE taighde den scoth a mhaoiniú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin náisiúnta agus Eorpacha/dhomhanda. Tá glao COALESCE 2020 á thionól i gcomhpháirtíocht le roinnt ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, a dhéanann sraitheanna ar leith a mhaoiniú nó a chómhaoiniú.
  •  
  • Tá sé mar sprioc ag Sraith an DAFM suas le €120,000 thar 18 mí a chur ar fáil don togra a n-éireoidh leis. Córais bia agus an bithgheilleagar an t-ábhar agus, go háirithe, tá staidéar deasca i gceist leis d'fhonn cuidiú le polasaí a bhfuil sé mar aidhm leis cur chuige ilghníomhaire ar mar is féidir le cathracha agus na córais bia agus an margadh d'earraí agus seirbhísí atá acu tionchar dearfach a bheith acu ar cheantair thuaithe tríd an ngeilleagar ciorclach a aimsiú.
  •  
  • Beidh tuilleadh eolais faoi shonraí an ábhair taighde faoi Shraith an DAFM, an próiseas iarratais, cáipéisí an ghlao agus dáta deiridh an ghlao le haghaidh aighneachtaí ar fáil nuair a osclaítear glao an COALESCE ar láithreán gréasáin an IRC ag: 
  • http://research.ie/funding/coalesce/?f=principal-investigator-led
  • Is éard é an bithgheilleagar ciorclach ná táirgeadh agus próiseáil inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha arna stiúradh ag eolas & nuálaíocht faoina gcinntítear: úsáid inathnuaite caipitil nádúrtha le haghaidh talmhaíochta, dobharshaothraithe, foraoiseachta agus iascaigh; scagadh agus oiriúnú (bithscagadh) amhábhar bitheolaíochta lena n-áirítear amhábhar ó úrfhoinsí (e.g. feithidí, féar) trí athúsáid (luach níos airde) agus úsáid chiorclach (il-) chun táirgí bithbhunacha a tháirgeadh (e.g. bia, beathúchán, ceimicí & ábhair bhithbhunacha) le feidhmeanna nua níos luachmhara (e.g. níos folláine, astaíochtaí níos ísle, neodrach ó thaobh carbóin) agus seirbhísí (e.g. bainistiú bithfhuinnimh chiorclaigh & bithdhramhaíola ciorclaí); agus aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht, ciorclaíocht agus gníomhú ar son na haeráide[1].   
  •  
  • Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara leis an bPolasaí Taighde & Nuálaíochta a bhaineann le Agraibhia, Agra-Chomhshaoil & Aeráid, Foraoiseacht, Córais Bhia agus an Bithgheilleagar Ciorclach a fhorbairt. Feidhmíonn agus bainistíonn sí cláir maoiniúcháin taighde iomaíocha d'Eagraíochtaí incháilithe a bhíonn i mBun Taighde in Éirinn agus cuireann rannpháirtíocht i gcodanna cuí de na creataí Náisiúnta agus AE do chláir maoiniúcháin taighde agus nuálaíochta, mar Clár Horizon an AE don Taighde agus Nuálaíocht chun cinn agus tacaíonn leo.
  •  
  • In 2012 a bunaíodh Comhairle Taighde na hÉireann agus feidhmíonn sí faoi choimirce an Údaráis Ardoideachais.  Is í croífheidhm na Comhairle ná tacú le taighde teorann den scoth ar fud gach disciplín agus gach céim gairme.  Cuireann an Chomhairle deiseanna éagsúla gairme chun cinn do lucht taighde trí oibriú i gcomhpháirt le lucht fiontair agus fostóirí.  Tá ról faoi leith ag an gComhairle chomh maith tacú le taighde le béim shochaíoch, agus tá comhpháirtíochtaí bunaithe ar fud an rialtais agus na sochaí poiblí aici.

CRÍOCH

 

 

[1] Tá an bithgheilleagar dírithe ar spleáchas ar amhábhair iontaise a laghdú ach ní gá go gciallódh sin díláithriú ná malartú 1:1.

Date Released: 22 October 2020