There were 189 press releases posted in the last 24 hours and 424,419 in the last 365 days.

Oibríochtaí marglainne le linn Leibhéal 5 de Chreat Náisiúnta um Bearta Sriantacha an Rialtais mar Fhreagra ar COVID-19

D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin TD an 19 Deireadh Fómhair go mbeadh bearta sriantacha Leibhéal 5 i bhfeidhm ó mheán oíche Dé Céadaoin, an 21 Deireadh Fómhair.  Mar fhreagra air sin, tá treoir tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do mharglanna beostoic a gcuid oibríochtaí a oiriúnú mar a leanas ón am sin:

  • Fanfaidh fáinní díolacháin dúnta - is féidir le marglanna díolacháin ar líne a éascú.
  • Ní mór do mharglanna polasaí fág agus imigh a chur i bhfeidhm do dhíoltóirí. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh feirmeoirí nó a gcuid ionadaithe beostoc a thabhairt chomh fada leis an marglann trí choinne a bheith déanta agus go gcaithfidh siad áitreabh na marglainne a fhágáil ansin.  Nuair is féidir, ba chóir d'fheirmeoirí nó a gcuid ionadaithe fanacht ina bhfeithicil fad is atá siad ar áitreabh na marglainne, agus ba chóir d'fhoireann na marglainne an beostoc a dhílódáil agus a lódáil agus na pasanna a thógáil.
  • Ní mór do mharglanna amanna coinne aonair a thabhairt do cheannaitheoirí aonair le féachaint ar bheostoc nó le beostoc a bhailiú.   Ba chóir do dhíoltóirí teacht chuig an marglann ina n-aonar, gan aon duine ina gcuideachta. 

 

Tá na bearta seo faoi réir athbhreithniú leanúnach agus is féidir iad a leasú de réir mar is gá lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí le polasaí an rialtais ar Covid-19.

 

Tá na bearta seo mar a chéile den chuid is mó leis na bearta a cuireadh i bhfeidhm i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine.

 

Ní mór do mharglanna a bhfuil sé i gceist acu a bheith i mbun oibre ó mheán oíche an 21 Deireadh Fómhair nós imeachta oibríochta caighdeánach leasaithe ("Leibhéal 5 SOP - Deireadh Fómhair") a chur ar aghaidh chuig a nOifig Tréidliachta Réigiúnach lena cheadú chomh luath agus is féidir.

 

Tá na bearta nua seo curtha in iúl ag an DAFM d'eagraíochtaí ionadaíocha agus scríobhfaidh sí chuig gach marglann inniu chun na bearta nua a chur in iúl dóibh.

 

CRÍOCH

Date Released: 21 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.