There were 1,803 press releases posted in the last 24 hours and 426,412 in the last 365 days.

Achoimre tugtha ag an Aire McConalogue ar thacaíocht €1m atá le cur ar fáil chun oiliúint a chur ar chomhairleoirí talmhaíochta

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. cur síos inniu ar an tacaíocht atá curtha ar fáil i mBuiséad na bliana seo chun oiliúint a chur ar chomhairleoirí talmhaíochta agus ar mhaithe lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach.

 

Dúirt an tAire "Bhí ríméad orm maoiniú a fháil le haghaidh líon nua tacaíochtaí d'fheirmeoirí i mbuiséad na bliana seo.  Measaim go mbeidh príomhról ag comhairle ghairmiúil ardchaighdeáin a chur ar fáil de réir mar a bheidh mo Roinnse ag cur na dtionscnamh nua iontacha seo i bhfeidhm, tionscnaimh mar an Clár um Oiliúint a chur ar Fheirmeoirí maidir le Sláinte agus Sábháilteacht, Bearta Agrachomhshaoil mar oiliúint sa Bhithéagsúlachta d'fheirmeoirí agus staidéir Bhithéagsúlachta ar an bhfeirm, tionscadal píolótach nua torthaí-bhunaithe agus tacaíochtaí nua don earnáil curadóireachta. Ar an gcaoi chéanna, de réir mar atáimid ag ullmhú do Chomhbheartas Talmhaíochta nua a thabhairt isteach d'fhonn cuidiú leis an earnáil freagra a thabhairt ar dhúshláin timpeallachta agus eacnamaíochta agus shóisialta, beidh an t-eolas is cothrom le dáta a chur ar fáil do chomhairleoirí talmhaíochta ina ghné lárnach inár gcur chuige."

 

Dheimhnigh an tAire go mbeidh a Roinn ag dul i mbun idirbheartaíochtaí go luath leis na páirtithe leasmhara cuí maidir le leagan amach na hoiliúna agus an bealach a chuirfear ar fáil í.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 17 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.