There were 1,113 press releases posted in the last 24 hours and 400,917 in the last 365 days.

Béim curtha ag an Aire McConalogue ar an soláthar €102 milliún i mBuiséad 2021 do thacaíochtaí don earnáil beostoic

Béim leagtha ag an Aire Talmhaíocht, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu ar thacaíochtaí spriocdhírithe ar leith don earnáil beostoic i Meastacháin na Roinne don bhliain 2021.

 

Maidir leis na tacaíochtaí d'fheirmeoirí beostoic, dúirt an tAire McConalogue: Is ar fheirmeoireacht mairteola agus caoireola a mhaireann go leor pobail tuaithe. Cuirfear €102 milliún i dtacaíochtaí spriocdhírithe ar leith ar fáil d'fheirmeoireacht bheostoic leis an mBuiséad seo.  

 

Tá €85 milliún leithdháilte ar thacaíochtaí ar leith d'fheirmeoireacht mairteola inbhuanaithe:

Áirítear breis is €40 milliún air seo chun síneadh a chur leis an gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola le linn na hidirthréimhse roimh an gcéad CAP eile. Tacaíocht shuntasach atá sa scéim seo d'fheirmeoirí atá ag glacadh páirte inti, agus cuirtear feabhsúcháin intomhaiste ar fáil maidir le feidhmíocht gheilleagrach agus timpeallachta thréad na mbó diúil ina iomlán chomh maith. Cuirfear síneadh roghnach ar fáil do dhuine ar bith a bhfuil ceanglais na scéime sásaithe acu agus atá tiománta do na ceanglais sin a choinneáil. Cuirtear i gcuimhne arís do dhaoine atá ag glacadh páirte i láthair na huaire nár mhór dóibh gach ceanglas don scéim a shásamh faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2020 chun bheith incháilithe d'íocaíocht in 2020 agus chun go mbeidh siad ábalta leas a bhaint go fóill as an scéim don bhliain 2021.

 

Dúirt an tAire McConalogue, "Mar aon le scéimeanna eile Cláir Forbartha Tuaithe, tá tús áite tugtha agam do mhaoiniú chun go mbeifear ábalta an scéim BDGP a thabhairt ar aghaidh do rannpháirtithe reatha le linn na hidirthréimhse roimh an gcéad CAP eile. Táim ag súil go mbainfidh tuairim is 22,000 feirmeoir buntáiste as an scéim seo an bhliain seo chugainn."

 

 Tá €45 milliún leithdháilte ar an Scéim Phíolótach um Éifeachtúlacht na hEarnála Mairteola.  Cuirfear tuileadh leis an rath a bhí ar scéim BEEP-S i mbliana leis an scéim seo, dírithe ar éifeachtúlacht na mbó diúil agus laonna a fheabhsú trí mheáchan a thaifeadadh, agus trí bhearta sláinte agus leasa ainmhithe roghnacha eile.

Déanann sé seo soláthar d'íocaíocht suas le €90 in aghaidh an phéire bó diúil/lao don chéad deich mbó dhiúil agus €80 ina dhiaidh sin.

Áireofar €5 milliún i scéim na bliana seo chugainn ar mhaithe le beart nua chun laonna a mheá chun tacú le feirmeoirí atá ag tógáil laonna déiríochta mairteola. Dúirt an tAire McConalogue, "Creidim go bhfuil an-acmhainn ann comhtháthú níos fearr a dhéanamh idir na córais déiríochta agus mairteola, chun sruth ioncaim nua a chur ar fáil d'fheirmeoirí mairteola. Táim ag súil go mbainfidh tuairim is 32,000 feirmeoir buntáiste as an scéim ina iomláine an bhliain seo chugainn."

 "Tá an earnáil caorach ríthábhachtach do chuid de na háiteanna is mó atá faoi mhíbhuntáiste i gceantair thuaithe na tíre" a dúirt an tAire McConalogue.  "Dá réir sin tá €17 milliún á leithdháileadh agam chun go mbeifear ábalta Scéim Leasa na gCaorach a thabhairt ar aghaidh le linn na hidirthréimhse roimh an gcéad CAP eile. Is léir go bhfuil an scéim seo éifeachtach agus go raibh feirmeoirí páirteach ar bhealach maith inti.  Táim ag súil go mbainfidh tuairim is 18,000 feirmeoir buntáiste as an scéim seo an bhliain seo chugainn."

 

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, "Cuirfear tacaíocht ar fáil d'fheirmeoirí beostoic leis an bpacáiste seo in iomlán chun feidhmíocht gheilleagair agus timpeallachta a dtréad a fheabhsú fad agus atá siad ag tabhairt tacaíocht luachmhar ioncaim don earnáil."

 

CRÍOCH

Date Released: 15 October 2020