There were 664 press releases posted in the last 24 hours and 400,098 in the last 365 days.

Tuilleadh sonraí fógartha ag McConalogue maidir le tionscnaimh timpeallachta a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2021

Tá tuilleadh sonraí maidir le Buiséad 2021 na Roinne fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., sonraí maidir leis na tionscnaimh agra-chomhshaoil nua go sonrach. Cuirtear méadú suntasach 11% ar fáil do thalmhaíocht na tíre ó bhuiséad na Roinne i gcomórtas leis an bhliain roimhe sin.

Dúirt an tAire, "Tá ríméad orm féin, ar an Aire Hackett agus ar an Aire Heydon, go bhfuil méadú suntasach faighte i maoiniú againn i mBuiséad 2021 do thalmhaíocht na hÉireann agus sciar mór de seo a chur i leataobh do thionscadail agra-chomhshaoil nua agus reatha. Tionscnaimh iad seo a chuirfidh le straitéisí náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cúrsaí athraithe aeráide a mhaolú agus maidir le bithéagsúlacht agus caighdeán aeir agus uisce a chosaint".

Cuireadh an buiséad i dtoll a chéile i gcomhthéacs an Bhille um Ghníomhú ar son na hAeráide (Leasú) a foilsíodh le déanaí agus ina leagtar amach creat chun uaillmhian aeráide na hÉireann a thabhairt chun fíre sa 30 bliain amach romhainn. Thug an tAire McConalogue le fios, "Tá aontaithe againn, mar Rialtas, gur tosaíochtaí ríthábhachtacha iad astaíochtaí a laghdú agus ár oibleagáidí aeráide agus oibleagáidí timpeallachta eile a shásamh. Tá athrú aeráide ag tarlú, agus tá feirmeoirí, thar aon dream eile, goilliúnach maidir leis an tionchar a bhaineann le heachtraí adhaimsire. Seo hiad na daoine a tháirgeann an bia a ithimid. Tuigeann siad mar a chuireann chuid is measa den bháisteach, nó den triomach nó an chaoi a gcuireann fórsa stoirme gaoithe isteach ar a gcórais táirgthe agus ar a slí beatha".

Ba é mo chéad tosaíocht sa Bhuiséad seo maidir le maoiniú agra-chomhshaoil a chinntiú go dtarlódh an t-aistriú chuig an chéad CAP eile gan aon stró agus go mbeadh feirmeoirí ábalta teacht a bheith acu ar scéimeanna reatha an bhliain seo chugainn gan dada ag cur as dó sin. Tá tacaíochtaí feirme leanúnaí ar fiú €879 milliún iad in 2021 churtha ar fáil leis an mbuiséad seo, lena n-áirítear breis is €628 milliún don Chlár Forbartha Tuaithe (RDP). Cuirfidh sé seo maoiniú ar fáil chun go leanfar de na scéimeanna reatha. Is é seo an chéad uair a raibh an cineál seo leanúnachas ag feirmeoirí atá páirteach i scéimeanna ar scála mór mar GLAS agus iad ag aistriú ó thréimhse CAP amháin go ceann eile. 

 

Dheimhnigh an tAire go bhfuil a Roinn ag cur síneadh leis na scéimeanna RDP reatha lena n-áirítear: Limistéir faoi Shrianta Nádúrtha (ANC), an Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS), an Clár Géanómaíochta & Sonraí Mairteola (BDGP), Scéim Leasa na gCaorach (SWS), an Scéim Feirmeoireachta Orgánaí (OFS),  Clár Bhoirne, tacaíocht chun Eagraíochtaí Táirgeoirí Mairteola (BPOnna) a shocrú suas, Seirbhís Spriocdhírithe um Shláinte Ainmhithe (TASAH), Scéim Deontais Foirgnimh Feirme Traidisiúnta GLAS (GTFB) agus Feirmeoireacht i gComhar.  Tá an Roinn anois ag lorg ceadú foirmeálta ón gCoimisiún maidir le fad na scéimeanna RDP reatha a oiriúnú, i gcomhréir le rialacha an AE, sna míonna amach romhainn. 

Dúirt an tAire, "Leis an leithdháileadh buiséid beidh Éirinn ábalta an maoiniú AE ar fad d'Fhorbairt Tuaithe a tharraingt anuas chomh luath agus is féidir chun go mbeimid ábalta leanúint de thacaíochta a thabhairt don earnáil feirmeoireachta sa lá atá inniu ann nuair nach bhfuil mórán cinnteachta ann. Cuidíonn sé chomh maith linn leanúint de na buntáistí timpeallachta faoinár scéimeanna. Cuireann GLAS buntáistí ar leibhéal suntasach ar fáil lena n-áirítear 60,500 heicteár de Mhóinéar Féir Traidisiúnta, 250,000 heicteár d'Fhéarach Buan Ionchuir Ísil, 18,600 heicteár de chlúdach d’éin fhiáine. Tá breis is 1.5m crann agus 1.1m méadar d'fhálta sceach curtha agus caomhnaithe ar feadh chúrsa na scéime chomh maith le 430,000 boscaí beach, éan agus ialtóg curtha suas."

Dheimhnigh an tAire chomh maith €79 milliún breise do thionscnaimh Agra-Chomhshaoil agus Sábháilteachta Feirme, agus go mbeadh sé ag lorg cead ó Choimisiún na hEorpa len iad a chur i bhfeidhm trí Chlár leasaithe Forbartha Tuaithe. Dúirt sé cé go raibh obair ar bun chun cineál díreach na mbeart a bhí le háireamh a shainaithint, bhí sé, faoi réir cheadú AE, i gceist soláthar a dhéanamh do:

  • scéim phíolótach, torthaí-bhunaithe le béim shuntasach ar chúrsaí bithéagsúlachta agus athraithe aeráide. Beidh seo dírithe ar fheirmeoirí nach bhfuil páirteach i nGLAS faoi láthair, d'fhonn líon na bhfeirmeoirí atá páirteach i scéimeanna agra-chomhshaoil a mhéadú chomh maith le Beart nua Agra-Chomhshaoil a fhorbairt ar scála náisiúnta;
  • Bearta nua a chuirfeadh ar chumas feirmeoirí a n-uaillmhianta timpeallachta a mhéadú, agus €10 milliún curtha i leataobh don earnáil curadóireachta;
  • €4 milliún chun méadú 30% ar mhaoiniú a chur ar fáil chun tacú le feirmeoirí orgánacha;
  • €12 milliún le haghaidh oiliúint feirmeoirí, le béim ar an mbithéagsúlacht agus sábháilteacht ar fheirmeacha a fheabhsú.

Mar fhocal scoir dúirt an tAire, "Tá mé an-sásta an maoiniú agus na scéimeanna nua seo a chur ar fáil agus go raibh mé ábalta oibriú go dlúth le mo chuid Comhghleacaithe Aireachta sa Roinn, Martin Heydon agus Pippa Hackett. Leag mé sprioc dhúbailte shoiléir do mo Roinn féin sa bhuiséad seo chun ioncaim feirme a chosaint, i bhfianaise na ndúshlán nach facthas riamh cheana maidir leis an mBreatimeacht agus Covid, chomh maith le bearta timpeallachta nuálacha agus nua a chur ar fáil.   Tá mé thar a bheith sásta go ndearnamar maith ar an dá rud agus tá cosán straitéiseach soiléir don chéad CAP eile leagtha amach againn dúinn féin agus le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna athraithe aeráide agus timpeallachta ríthábhachtacha.

 

CRÍOCH

Date Released: 15 October 2020