There were 1,640 press releases posted in the last 24 hours and 396,671 in the last 365 days.

Méadú 11% ar mhaoiniú do Thalmhaíocht, Bia agus d'Iascach fógartha ag McConalogue i mBuiséad 2021 €79 milliún i maoiniú nua don Agra-chomhshaoil Síneadh curtha le Scéimeanna móra Forbartha Tuaithe

Tá sonraí maidir le Buiséad 2021 na Roinne fógartha inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. Cuireann Meastacháin 2021 oll-Vóta €1.826 billiún ar fáil don Roinn. €179 milliún sa bhreis é sin ar an oll-mhaoiniú a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2020 agus is ionann sin agus méadú 11% ar leithdháileadh Bhuiséad 2020.

Dúirt an tAire tráthnóna inniu, "Níor facthas a leithéid de chúlra a bhain le buiséad riamh agus a bhí i gceist le buiséad na bliana seo.   Seachas an dá dhúshlán a bhaineann leis an mBreatimeacht agus le Covid táthar ag tabhairt faoi seo agus aistriú á dhéanamh ón gComhbheartas Talmhaíochta reatha don tréimhse 2014-2020 go dtí an ceann nua.

Ba í an tosaíocht a bhí agam a bheith cinnte nach mbeadh aon bhearna i maoiniú ann d'fheirmeoirí de bharr na haistrithe seo.   Bhí mé ag iarraidh tacaíochtaí a choinneáil do na hearnálacha leochaileacha ach muid fós ag díriú ar n-aird ar fhorbairt straitéiseach talmhaíochta agus bia. Bhí mé ag iarraidh bonnsraitheanna a chur le chéile do Scéim mhór nua Agra-chomhshaoil chun tacú le hioncaim fheirmeoirí chomh maith le gníomhú ar son na haeráide agus chomhshaoil a spreagadh don todhchaí. Táim sásta go bhfuil na príomhchuspóirí sin ar fad bainte amach agus méadú suntasach tacaíochta a chur ar fáil d'earnálacha mar an earnáil gairneoireachta agus orgánaice agus do réimsí mar thaighde agus nuálaíocht straitéiseach, margaíocht agus promóisean agus infheistíocht a dhéanamh san earnáil iascaigh mara."

Dúirt an tAire, agus é ag tagairt go sonrach do na dúshláin a bhaineann leis an mBreatimeacht, "Agus €39 milliún breise curtha ar fáil d'fhoireann agus do bhonneagar i mbliana, tá mo Roinnse in áit mhaith chun a hoibleagáidí rialaithe, a bhfuil síneadh curtha leo, ag calafoirt agus ag aerfoirt a chomhlíonadh chun trádáil i dtáirgí agraibhia a éascú i ndiaidh Idirthréimhse an Bhreatimeachta. Tuigim go maith an tionchar diúltach a bheadh i gceist sa chás nach mbeadh aon mhargadh ann do na hearnálacha agraibhia agus iascaigh. Táim sásta go bhfuil ciste téarnaimh ar fiú €3.4 billiún curtha ar leataobh ag an Rialtas chun tacú le hearnálacha, lena n-áirítear na hearnálacha agraibhia agus iascaigh, go háirithe earnálacha a mbeadh tionchar ag Breatimeacht gan mhargadh agus Covid-19 orthu."

 

Leag an tAire McConalogue béim ar roinnt príomhsholáthairtí i meastachán 2021 na Roinne. Dúirt sé, "Táim ag cur tuairim is €79 milliún i maoiniú nua ar fáil do roinnt bhearta píolótacha sa réimse agra-chomhshaoil. Is céim fíorshuntasach í seo. Cuirfidh an maoiniú seo le scéim phíolótach a fhorbairt chun gníomhaíocht chomhshaoil a spreagadh i measc feirmeoirí nach bhfuil páirteach i GLAS i láthair na huaire, chomh maith le roinnt gníomhaíochtaí píolótacha comhshaoil a bheidh ar fáil d'fheirmeoirí ar bhonn níos leithne. Táim ag súil go mbainfear leas as na gníomhaíochtaí píolótacha seo chun scéim mhór nua thalmhaíochta a fhorbairt i ndiaidh na scéime GLAS. Tuigim go rímhaith na brúnna atá ar an earnáil curaíochta i mbliana, agus beidh mé ag cur tuairim is €10 milliún den tsuim sin ar leataobh don earnáil sin go sonrach. Bainfear leas as an maoiniú seo chun forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh maidir le sábháilteacht ar fheirmeacha.

 

Is ar fheirmeoireacht mairteola agus caoireola a mhaireann go leor pobail tuaithe. Cuirfear €102 milliún i dtacaíochtaí spriocdhírithe ar fáil d'fheirmeoireacht bheostoic leis an mBuiséad seo.  Tá breis is €85 milliún á chur ar fáil agam chun tacú le feirmeoireacht mairteola inbhuanaithe. Áirítear breis is €40 milliún air seo chun síneadh a chur leis an gClár Géanómaíochta agus Sonraí Mairteola le linn na hidirthréimhse. Áirítear €40 milliún ann do Scéim Phíolótach um Éifeachtúlacht na hEarnála Mairteola, bunaithe ar an Scéim BEEP-S, chomh maith le €5 mhilliún breise a chur ar fáil do scéim nua laonna a mheá chun tacú le feirmeoirí mairteola atá ag tógáil laonna déiríochta. Táim ag cur €17 milliún a fáil chomh maith le síneadh a chur le Scéim Leasa na gCaorach.

 

Cuirfear tacaíocht ar fáil leis an bpacáiste seo, i dteannta le breis is €450 milliún atá á chur ar fáil do scéimeanna ar nós GLAS agus ANCanna, d'fheirmeoirí bheostoic d'fhonn feidhmiú eacnamaíochta agus comhshaoil a dtréad a fheabhsú, fad agus atáthar ag tabhairt tacaíocht thábhachtach ioncaim don earnáil. Táim ag cur €80m ar fáil chomh maith do scéim TAMs chun tacú le hinfheistíocht a dhéanamh ar fheirmeacha agus chun leanúint den scéim."

 

Rinne an tAire McConalogue tagairt chomh maith don Ombudsman Náisiúnta Bia a bhunú, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gClár an Rialtais agus dúirt, "Is tosaíocht domsa é an seasamh atá ag feirmeoirí sa tslabhra soláthair a neartú.     Beidh mo Roinnse ag dréachtú na reachtaíochta atá de dhíth chun an ombudsman bia a bhunú in 2021, agus táim ag cur €1m ar fáil ar dtús chun cuidiú leis na costais tionscnaimh. Is tionscnamh fíorthábhachtach é seo, agus idir sin agus an tacaíocht leanúnach a bheidh ann chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú beifear in ann difear mór a dhéanamh.

 

Cuireann meastacháin 2021 na Roinne tuairim is €13 milliún i maoiniú méadaithe ar fáil chun forbairt inbhuanaithe chomhshaoil a chur chun cinn ar bhonn leanúnach don tionscal iascaigh, dobharshaothraithe agus don tionscal bia mara níos leithne. Tugann sin maoiniú iomlán an Chláir iascaigh Mara go €151 milliún. Tacaíonn an earnáil seo le tuairim is 16,000 post díreach agus indíreach sna pobail cois cósta.   Tríd an soláthar buiséid 2021 seo, cuirfear ar chumas Fhoras na Mara dul chun cinn a dhéanamh maidir le hárthach taighde nua-aimseartha €25 milliún a thógáil agus cuirfear maoiniú breise ar fáil chun calafoirt iascaigh a fhorbairt.

 

Ag labhairt faoin soláthar buiséid rinne an tAire Stáit Martin Heydon tagairt don mhaoiniú breise a fuarthas do Thaighde agus Nuálaíocht, do Mhargaíocht agus Promóisean agus do Shábháilteacht ar an bhFeirm agus dúirt, "Tá deontas i gcabhair Bord Bia méadaithe faoi €4 mhilliún go €52.250 milliún. Cuirfear tacaíocht ar fáil do ghníomhaíochtaí margaíochta agus promóisin leis an leithdháileadh maoinithe bhreise chun seasamh de scoth maidir le honnmhairí bia agus dí na tíre chuig margaí na Ríochta Aontaithe, na hEorpa agus na margaí idirnáisiúnta níos leithne a fhorbairt agus a chruthú. Príomhghnéithe maidir le hiomaíochas idirnáisiúnta a chur chun cinn iad taighde agus nuálaíocht agus táim sásta go bhfuil na soláthairtí do chláir taighde iomaíocha na Roinne, do Teagasc agus d'Fhoras na Mara ar fad méadaithe. Táim sásta chomh maith go ndéanfar soláthar leis na soláthairtí buiséid do roinnt tionscnaimh nua shamhlaíocha faoi stiúir an phobail maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm agus do bhéim nua a leagan ar shábháilteacht i gclár oiliúna sábháilteachta d'fheirmeoirí."

 

Chuir an tAire Stáit Pippa Hackett fáilte roimh gur foilsíodh meastachán fíordhearfach maidir leis an gcomhshaol, agus maidir le príomhearnálacha mar fhoraoiseacht, ghairneoireacht agus fheirmeoireacht orgánach agus dúirt, "Ní mór ár bhfeirmeacha a bheith folláin agus a bheith saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de.  Is dá bharr sin go bhfuil ríméad orm go bhfuil an €23m atá curtha ar leataobh ón gCáin Charbóin, chomh maith leis an €56 milliún i maoiniú breise atá á chur ar fáil ag an AE á leithdháileadh ar réimse bearta nua píolótacha Comhshaoil.  Is ionann sin, móide an maoiniú d'fhoraoiseacht, do ghairneoireacht agus d'orgánaic, agus céim mór chun cinn d'fheirmeoirí agus don chomhshaol araon."

Rinne an tAire McConalogue tagairt freisin don phacáiste agra-chánachas agus mhol sé caiteachas vóta a Roinne, ag rá, "Bhí mé ag obair go dlúth leis an Aire Donohoe maidir le cúrsaí cánachais."  Chomh maith leis na bearta agra-chánachas reatha a choinneáil, is ionann an tairbhe a mheastar a bheidh i gceist leis d'fheirmeoirí na tíre agus meán de €240 milliún in aghaidh na bliana, táim thar a bheith sásta go bhfuil na faoisimh tábhachtacha ó dhleacht stampála athnuaite:

  • Uirlis thábhachtach é Faoiseamh ó Dhleacht Stampála do dhaoine a bhfuil gaol fola eatarthu chun comharbas agus athnuachan idirghlúine a chur chun cinn; agus
  • Faoiseamh ó Dhleacht Stampála ar Chomhdhlúthú Feirme, a éascaíonn d'fheirmeoirí ilroinnt ar fheirmeacha a laghdú.
  •  

Fáiltím chomh maith le cinneadh an Aire an Bunráta CBL breise d'fheirmeoirí nach bhfuil cláraithe a ardú go 5.6%, is ionann an cinneadh sin agus tairbhe ar fiú tuairim is €12 milliún é don earnáil in aon bhliain iomlán amháin. Chomh maith leis sin, beidh an Creidmheas Cánach d’Ioncam Tuillte comhionannaithe chun tairbhe d'fheirmeoirí agus do dhaoine féinfhostaithe.   Leanfaidh mé de bheith i dteagmháil leis an Aire Donohoe maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann agus ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn".

 

Dúirt an tAire McConalogue, "I bhfianaise na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith i gceist d'earnálacha na tíre an bhliain seo chugainn, bhí sé ríthábhachtach ioncaim feirme a chosaint chomh maith le fócas a choinneáil ar bhealaí straitéiseacha a fhorbairt ar mhaithe leis na hearnálacha agraibhia agus iascaigh a fhorbairt amach anseo. Idir an mhaoiniú suntasach breise agus an phacáiste cánach straitéiseach creidim gur éirigh linn é sin a dhéanamh. Táim féin, an tAire Hackett agus an tAire Heydon ag súil le bheith ag obair le páirtithe leasmhara le linn na bliana seo chugainn agus muid ag tógáil ardáin chun an earnáil iontach seo a fhorbairt."

 

 

CRÍOCH

                       

Date Released: 12 October 2020