There were 1,676 press releases posted in the last 24 hours and 413,801 in the last 365 days.

Deontais ar fiú €1.4m iad fógartha ag McConalogue chun tacú le hinfheistíocht €4.9 milliún in ocht gcuideachta próiseála bia mara

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu infheistíocht nua €4.9 milliún in ocht gcuideachta próiseála bia mara, le Clár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na Roinne faoina gcuirfear deontais €1,408,949 ar fáil. Tá 50% de na deontais cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus 50% ag an Aontas Eorpach agus tá siad faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha.

 

Dúirt an tAire McConalogue agus na deontais á bhfógairt aige, "Bliain an-dheacair a bhí in 2020 d'earnáil bia mara na tíre, agus do gheilleagar na tíre ar fad.  Mar sin, is ábhar misnigh é go bhfuil go leor de phríomhphróiseálaithe bia mara na tíre ag leanúint de bheith ag déanamh infheistíochta chun a ngnóthaí a fhorbairt tuilleadh.  Tá ríméad orm mo thacaíocht a thabhairt don ocht bpróiseálaithe bia chun todhchaí a ngnóthaí a fhorbairt. Cé go bhfuil dúshláin roimh an earnáil próiseála fós, agus tionchar ag an bPaindéim ar mhargaí domhanda agus neamhchinnteacht ann maidir le hidirbheartaíochtaí trádála leanúnacha leis an Ríocht Aontaithe, tá go leor deiseanna ann chomh maith forbairt a dhéanamh agus rath a chothú ó tharla comhlachtaí á n-oiriúnú féin chun teacht a bheith acu ar dheiseanna margaidh atá ar fáil do tháirgí ardchaighdeáin bia mara na hÉireann."

 

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith, “Tá Clár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh mo Roinne fós i bhfeidhm agus leanann de dheontais a chur ar fáil maidir le réimse leathan infheistíochtaí a dhéanamh in earnáil bia mara na hÉireann, lena n-áirítear infheistíocht caipitil, nuálaíocht, pleanáil gnó agus margaíocht."

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Clár Oibríochta EMFF 2014-2020 ag cur €240m i maoiniú ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.

Tá trí scéim tacaíochta ar fáil don earnáil próiseála bia mara d'fhonn an nuálaíocht, an breisluach, forbairt margaí nua agus infheistíocht i dtrealamh agus áitreabh nua a chur chun cinn agus tacú leo. Cuirtear cúnamh suas le 30% ar fáil d'áitribh próiseála bia mara faoin Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara d'fhonn spreagadh a thabhairt i ndáil le hinfheistíocht caipitil san acmhainn táirgiúlachta breisluacha.  Cuirtear cúnamh suas le 50% ar fáil do ghrúpaí na bhfiontar próiseála bia mara faoin Scéim un Scálú Bia Mara agus Margaí Nua a Fhorbairt a oibríonn as lámh a chéile chun onnmhairí onnmhairithe nua a fhorbairt.  Cuirtear cúnamh suas le 50% ar fáil d'fhiontair próiseála bia mara faoin Scéim um Nuálaíocht Bia Mara agus Pleanáil Gnó d'fhonn an nuálaíocht i ndáil le táirgí nua a fhorbairt a chur chun cinn. 

Deontais ceadaithe - Scéim Infheistíochta Caipitil um Próiseáil Bia Mara 2020

Tairbhí

Áit

Tionscadal

Infheistíocht Iomlán

Deontas EMFF

Bio-marine Ingredients Ireland Ltd.

Muineachán

Córas Uathoibrithe chun Púdar a chur i Málaí agus athruithe lena mbaineann

€153,691

€46,107

Rockabill Seafood Ltd.

Baile Átha Cliath

Íontóir aeir agus córas lipéadaithe portán

€153,281

€43,918

Shellfish De La Mer

Corcaigh

Aershreabh, fuaraitheoir agus córas iompróra agus bruthaire gaile

€442,590

€130,723

Atlantis Seafood Wexford Ltd.

 

Loch Garman

Líne filléadaithe iasc geal & Pacálaí Craicne

€715,685

€214,706

Kish Fish Company Ltd.

 

Baile Átha Cliath

Roisfhuaraigh, seomra pacála, inneall folúsphacálaithe

€30,825

€9,248

Good Fish Processing (Carraig Uí Leighin) Ltd.

 

Corcaigh

Líne filléadaithe iasc geal

€1,511,444

€449,979

Keohane Seafoods Unlimited

 

Corcaigh

Trealamh próiseála bradán agus athchumrú monarchan

€1,712,709

€463,899

Breizon Ltd.

Gaillimh

Costais fuinnimh a laghdú trí PV gréine a shuiteáil

€93,799

€14,070

Iomlán:

 

€4,814,024

€1,372,649

 Deontais ceadaithe – Scéim um Nuálaíocht Bia Mara agus Pleanáil Gnó

Tairbhí

Contae

Tionscadal

Infheistíocht Iomlán

Deontas EMFF

Keohane Seafoods Unlimited

 

Corcaigh

Bainistíocht agus sainchomhairleoireacht pleanála gnó

€72,600

€36,300

Iomlán:

 

 

€72,600

€36,300

 

CRÍOCH

                       

 

Date Released: 11 October 2020