Tuarascáil Bhliantúil an DAFM don bhliain 2019 seolta ag an Aire McConalogue
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2019 na Roinne seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D.
Is í an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a chuireann an Tuarascáil Bhliantúil i dtoll a chéile chun athbhreithniú mionsonraithe a thabhairt le chéile ar obair na Roinne thar ceann earnáil agraibhia na hÉireann. Leagtar amach i bhfoilseachán na bliana seo na mórghníomhaíochtaí a tugadh fúthu in 2019 chun an cúig sprioc straitéiseacha atá i Ráiteas Straitéise 2016-2019 na Roinne a chur chun cinn.
Áirítear sláinte an phobail, sláinte ainmhithe agus plandaí a chur chun cinn agus a chosaint air sin chun leasa tomhaltóirí agus táirgeoirí agus an geilleagar níos leithne chomh maith le tacaíocht ioncaim agus margaidh a chur ar fáil chun tacú leis an ngeilleagar tuaithe agus leis an timpeallacht.
Dúirt an tAire McConalogue, "Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach is tábhachtaí in Éirinn agus leanadh den an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil agraibhia i ngeilleagar na hÉireann, agus b’ionann onnmhairí agraibhia agus 9.5% d’onnmhairithe iomlána ar bhfiú €14.5 billiún iad agus b'ionann sin agus fás breis is 63% ón mbliain 2010."
Nóta d'Eagarthóirí:
Is féidir Tuarascáil Bhliantúil 2019 na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag
https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/publications/2020/DAFMAnnualReport2019.pdf
CRÍOCH
Date Released: 12 October 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
