There were 1,252 press releases posted in the last 24 hours and 355,076 in the last 365 days.

Ráiteas ón DAFM d’Iarratasóirí ar Scéim na bhFeirmeoirí Óga

Scríobh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chuig na hiarratasóirí ar fad de chuid Scéim na bhFeirmeoirí Óga  le comhairle úsáideach a chur orthu maidir le téarmaí agus coinníollacha na scéime a shásamh agus pionóis imscrúdaithe a sheachaint. Beidh fáil ag na hiarratasóirí ar fad ar an litir trína gcuntas AgFood. Chomh maith leis an litir seo beidh seimineár gréasáin ar siúl Dé Máirt an 13 Deireadh Fómhair.

 

Tugadh Scéim na bhFeirmeoirí Óga isteach in 2015 mar bhreisíocaíocht ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí. Glactar leis go bhfuil dúshlán airgeadais ag baint le cruthú agus forbairt gnó feirme nua agus is tacaíocht ioncaim atá beartaithe leis an íocaíocht seo chun bunú gnó feirme a éascú d’fheirmeoirí óga atá ag tosú ar a gcuid gníomhaíochtaí talmhaíochta.

 

Is féidir le feirmeoir óg iarratas a dhéanamh má tá sé/sí faoi 40 bliain d’aois le linn na chéad bhliana den iarratas, má tá bunleibhéal oideachais talmhaíochta bainte amach acu agus má tá smacht airgeadais agus bainistíochta acu ar an ngabháltas. Íocfar Scéim na bhFeirmeoirí Óga ar feadh 5 bliana ar an uasmhéid. Tá na riachtanais incháilitheachta mhionsonraithe leagtha amach  i dtéarmaí agus coinníollacha na scéime atá ar fáil ag an nasc seo leanas: www.agriculture.gov.ie/media/migration/farmingschemesandpayments/capentitlementsrelatedapplicationforms/2020nryf/2020NRandYFSTermsandConditions.pdf

 

Bíonn réimse leathan socruithe agus cúinsí i bhfeidhm ar fheirmeacha nuair a thosaíonn feirmeoirí óga amach. Chun cabhrú le feirmeoirí óga a chinntiú go sásaíonn a gcuid socruithe féin riachtanais Scéim na bhFeirmeoirí Óga, scríobh an Roinn chuig gach rannpháirtí sa scéim chun béim a leagan ar chuid de na príomhriachtanais a chaithfidh a bheith i bhfeidhm chun cloí le riachtanais smachta airgeadais agus bainistíochta na scéime (an chúis is mó do phionóis). Moltar do rannpháirtithe na scéime seiceáil go gcloíonn siad leis na príomhcheanglais seo chun a chinntiú go mbeidh siad cáilithe i gcónaí do Scéim na bhFeirmeoirí Óga agus chun cailliúint íocaíochtaí a sheachaint.

 

Is iad na cúiseanna is coitianta a dteipeann daoine san imscrúdú ar Fheirmeoirí Óga:

  1. Ní chuirtear cuid de na hidirbhearta gnó trí chuntas bainc na feirme – sé sin an cuntas in ainm an Fheirmeora Óig.
  2. Tá cuntas bainc amháin na feirme in úsáid ag an bhfeirmeoir óg agus ag duine eile atá ag feirmeoireacht as/aisti féin. Glacfar le comhchuntas fad is nach bhfuil an duine eile atá ainmnithe ar an gcuntas ag feirmeoireacht as/aisti féin.
  3. Níl an Feirmeoir Óg in ann, nuair a iarrtar sin, a thaispeáint go bhfuil sé/sí páirteach go gníomhach i reáchtáil na feirme agus go bhfuil láneolas aige/aici ar gach fiontar ar an bhfeirm.

 

Tá seimineár gréasáin socraithe don Mháirt an 13 Deireadh Fómhair ag 3in agus ní mór  d’Fheirmeoirí Óga a bhfuil suim acu ann clárú ag an nasc seo leanas: https://register.gotowebinar.com/register/7978367943040446733.

 

CRÍOCH

Date Released: 13 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.