There were 1,220 press releases posted in the last 24 hours and 401,071 in the last 365 days.

Comhghairdeas déanta ag an Aire McConalogue leis an gClár Bia Domhanda faoi Dhuais Nobel na Síochána a bheith bronnta orthu

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus na Mara, Charlie McConalogue T.D., comhghairdeas inniu le Clár Bia Domhanda na Náisiún Aontaithe (WFP) mar gur bronnadh Duais Nobel na Síochána 2020 orthu.

 

Dúirt an tAire McConalogue, “Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh leis an gClár Bia Domhanda agus lena Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an tUasal David Beasley, faoi Dhuais Nobel na Síochána don bhliain 2020 a bheith bronnta air. Is aitheantas é seo atá tdlite as iarrachtaí WFP, de réir tagairt an Choiste Nobel , dá chuid iarrachtaí dul i ngleic le hocras, don obair atá déanta aige na dálaí maidir le síocháin i limistéir atá buailte le coimhlint a fheabhsú agus as a bheith ina fhórsa neartmhar in iarrachtaí cosc a chur leis an ocras a úsáid mar uirlis chogaidh agus choimhlinte.

 

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara i gceannas ar rannpháirtíocht na hÉireann leis an WFP, tá €70 milliún geallta ag Éireann don WFP maidir leis an tréimhse 2019-2021.

 

Dúirt an tAire McConalogue “Tugann obair sholúbtha agus intuartha na hÉireann deis don WFP freagairt mhear a thabhairt san áit is mó a bhfuil sé ag teastáil. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis sin le gairid i gcásanna éigeandála ar mhórscála i Yemen agus Syria, chomh maith le deileáil leis an bpaindéim choróinvíris reatha. Tá mé an-mhórtasach as comhpháirtíocht na hÉireann leis an gClár Bia Domhanda, atá ag déanamh difríochta maidir leis na hiarrachtaí ár gcuspóir comhpháirteach de SDG2 Neamhfhulaingt Ocrais a bhaint amach.”

 

Nóta d’Eagarthóirí:

Is é €70 milliún an t-iomlán atá ann idir Éireann agus WFP 2019-2021 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéiseach, a bhfuil €45 milliún de íoctha cheana féin.

 

CRÍOCHNAÍONN

Date Released: 09 October 2020