There were 1,862 press releases posted in the last 24 hours and 400,071 in the last 365 days.

Fógartha ag an Aire Hackett go bhfuil tús curtha leis an Acht Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Cúrsaí Bithéagsúlachta sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett gur cuireadh tús inné, Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair, le hachtú an Achta Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020, a shínigh an tUachtarán Dé hAoine seo caite.

Tá sé deimhnithe ag an Aire chomh maith gur tháinig feidhm leis an reachtaíocht thánaisteach atá de dhíth chun éifeacht a thabhairt do phríomhfhorálacha an Achta inniu, Dé Céadaoin an 7 Deireadh Fómhair. 

D'fháiltigh an tAire Hackett roimh an Ordú um Thosach Feidhme agus leag béim ar an tosaíocht a bhaineann leis an reachtaíocht d'fhonn próiseas ceadúnaithe a Roinne a bheith ag teacht le próisis phleanála eile mar atá leagtha amach i gClár an Rialtais.

Leis an Acht Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha), cuirfear bunús dlí ar fáil don Choiste Achomharc Foraoiseacht 2020 nósanna imeachta a thabhairt isteach lena mbeifear ábalta líon na n-achomharc sa chóras a bhainistiú ar bhealach níos fearr.  Foilsíodh an dréacht-Bhille an 31 Iúil 2020 agus bhí comhchomhairliúchán poiblí ar siúl ina leith ar feadh cheithre seachtaine go dtí an 28 Lúnasa 2020.  Spreag sé seo rannpháirtíocht shuntasach ón bpobal agus cuireadh ar aghaidh beagnach 9,000 aighneacht i bhfabhar an dréacht-Bhille roimh an spriocdháta.

 

Is éard a dúirt an tAire faoi na bearta nua, "Cuirfear córas ceadúnaithe agus achomhairc i bhfeidhm leis na socruithe nua seo a bheidh níos oiriúnaí don fheidhm agus trína mbeifear ábalta freastal níos fearr a dhéanamh do pháirtithe leasmhara. Táim ag obair go tapa anois chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáil don Choiste Achomharc Foraoiseachta chun go mbeidh sé ábalta dul i ngleic leis an riaráiste maidir le hachomhairc, agus tabharfaidh sin cinnteacht do dhuine ar bith atá ag fanacht le toradh na n-achomharc."

 

Táthar ag tabhairt isteach táillí maidir le hiarratais, aighneachtaí agus achomhairc foraoiseachta ag an am céanna leis na forbairtí sin. Chomh maith leis sin, osclófar tairseach foraoiseachta go gairid, trína mbeidh sonraí iarratais agus suímh ar fad ar aon láithreán gréasáin amháin, chun a chinntiú go mbeidh an próiseas ceadúnaithe níos feiceálaí agus níos trédhearcaí.

 

Tá an Roinn ag dul i ngleic leis an riaráiste maidir le ceadúnais a phróiseáil. Tá plean bainistithe tionscadail i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar líon na gceadúnas a eisítear a mhéadú ar bhealach córasach. Tá breis foirne ceaptha chun am próiseála a fheabhsú,  éiceolaithe, cigirí foraoiseachta agus foireann nua riaracháin ina measc.

 

Dúirt an tAire, "Cé gur gníomhaíochtaí riachtanacha iad sin ar fad, is ar fheidhmiú anois atáimid ag díriú chun go mbeifear ábalta an tosaíocht a thugann an Rialtas don fhoraoiseacht a sholáthar.  Príomhghné de sin í forbairt an Chláir nua Foraoiseachta.  Táim ag tnúth le bheith ag obair le gach páirtí leasmhar chun an múnla nua Foraoiseachta a fhorbairt in Éirinn a mbeidh tairbhe leis do chách. Tá mar aidhm agam a chinntiú go mbeidh an Clár nua ag teacht le beartas ar fud gach earnáil agus go háirithe maidir lenár ngealltanais faoin bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Bhí 81% de na haighneachtaí a fuarthas le linn na tréimhse comhchomhairliúcháin i bhfabhar an dréacht-Bhille. Tá tuarascáil ina leagtar amach príomhthorthaí na tréimhse comhairliúcháin foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne mar aon le liosta de na haighneachtaí ar fad.

 

Is iad a leanas príomhfhorálacha an Achta:

 

  • Acmhainn an Choiste Achomhairc Foraoiseachta (FAC) a mhéadú d'fhonn achomhairc a chinneadh trína chur ar a chumas suí i rannóga de féin;
  • A chur ar chumas an FAC achomhairc a chinneadh gan éisteacht ó bhéal a reáchtáil sa chás gur féidir achomharc a chur de lámh i gceart ar an mbealach sin;

 

 

  • An chumhacht a thabhairt don Aire le rialacháin a dhéanamh chun nósanna imeachta maidir le ceapacháin san FAC agus cúrsaí ábhartha eile a bhaineann leis an FAC go ginearálta a mhionsonrú, inter alia,;
  • Táillí a thabhairt isteach le haghaidh achomharc trí rialachán;

 

 

  • Cead a thabhairt do gach páirtí leasmhar achomharc a dhéanamh díreach chuig an FAC, gan aon srian a bheith ar rochtain.
  • Córam de 2 seachtach 3 a thabhairt isteach maidir le héisteachtaí coiste FAC. Is éard is aidhm leis sin ná éifeachtúlacht an Choiste a fheabhsú agus áirítear cosaint leis sa chás nach bhfuil cinneadh d'aon ghuth i gceist, filleadh an t-achomharc chuig Coiste de bheirt nó níos mó;
  • Ról an FAC a dhearbhú; i.e. gur féidir leis an FAC cinntí an Aire a athrú i dtaobh ceadúnais, an t-achomharc a cheadú agus an cinneadh a chur i leataobh, an cinneadh a chur i leataobh agus é a tharchur, nó cinneadh eile a chur in ionad an chinnidh.

 

 

  • Soiléireacht a thabhairt maidir leis na cúinsí a bhféadfadh an tAire treoir ghinearálta beartais a eisiúint i.e. féadfaidh an tAire nuair a bheadh aicmí ar leith á gcur ord tosaíochta, aird a thabhairt ar an ngá atá le tacú le seirbhís agus earraí foraoiseachta atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair agus na timpeallachta.
  • R. Uimh. 417 de 2020 - Rialacháin Foraoiseachta (Táillí Iarratais ar Cheadúnais agus Táillí Aighneachta) 2020

 

Rialacháin Foraoiseachta a thugadh isteach an 7 Deireadh Fómhair, 2020

De réir Alt 25 den Acht Foraoiseachta 2014, forálfaidh na rialacháin seo do tháille €20 a ghearradh in aghaidh gach iarratas ar cheadúnas foraoiseachta agus in aghaidh gach aighneacht i leith iarratas den chineál sin.

 

  • R. Uimh. 418 de 2020 Rialacháin 2020 an Choiste Achomhairc Foraoiseachta

Mar a cheadaítear faoi Acht Foraoiseachta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2020, forálann na rialacháin seo do nithe áirithe a bhaineann leis an bpróiseas achomhairc ar cheadúnais foraoiseachta agus do mhuirearú €200 i leith gach aicme achomhairc.

 

CRÍOCH

Date Released: 07 October 2020