There were 483 press releases posted in the last 24 hours and 427,912 in the last 365 days.

Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2020 seolta ag an Aire McConalogue

Tá “Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2020 don Talmhaíocht, Bia agus Cúrsaí Mara” na Roinne seolta inniu ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D.

 

Dúirt an tAire McConalogue, Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach onnmhairithe is tábhachtaí de chuid na hÉireann agus tá ról fíorthábhachtach aici i ngeilleagar na tíre Is fiú tuairim is €8 billiún an méid a tháirgeann 137,000 feirm; agus tá os cionn 770,00 heicteár foraoise chomh maith le breis is 2,000 árthach iascaireachta & suíomhanna dobharshaothraithe sa tír. Tá slabhra soláthair na hearnála agraibhia ag síneadh ó cheantair thuaithe agus ó cheantair le cósta ar fud na hÉireann chuig an Ríocht Aontaithe, an Eoraip agus níos faide ó bhaile chuig margaí i gCríocha Mheiriceá, san Áise agus san Afraic. Onnmhairíodh bia, deoch agus táirgí agraibhia de chuid na hÉireann chuig breis is 180 margadh ar fud na cruinne in 2019, agus ba ionann luach na n-onnmhairí sin agus €14.5 billiún, méadú 63% ar an €8.9 billiún in 2010. Leanann an earnáil de bheith ag athrú i gcónaí agus ag freagairt do riachtanais a custaiméirí, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta."

 

Cuirtear eolas agus anailís staitisticí cothrom le dáta ar fáil ó fhoinsí éagsúla san Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn don Talmhaíocht agus is scrúdú mionsonraithe é ar earnáil agraibhia na hÉireann, agus caitear súil chun cinn ar an am atá le teacht. Cuimsítear i bhfoilseachán na bliana seo caibidlí ar an Earnáil Agraibhia agus an Geilleagar; Ioncaim agus Struchtúir Feirmeacha, Tráchtearraí agus Ionchuir Talmhaíochta; Trádáil na hEarnála Agraibhia; Beartas AE agus Idirnáisiúnta; an Timpeallacht agus Forbairt Tuaithe.

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue, "Cé go bhfuil dúshláin shuntasacha roimh an earnáil, go háirithe i mbliana agus paindéim Covid 19 ag cur isteach ar an margadh, chomh maith leis an neamhchinnteacht a bhaineann leis an toradh a bheidh ar an mBreatimeacht, is iomaí deis atá ann chomh maith í a fhorbairt tuilleadh agus rath a bheith uirthi. Táimse agus an Roinn dírithe ar leanúint de thacaíocht a thabhairt don earnáil agraibhia sa bhliain romhainn agus forbairt inbhuanaithe na hearnála a éascú."

 

Tá Coiste de pháirtithe leasmhara earnála ag obair ar straitéis nua agraibhia go dtí 2030 ó dheireadh na bliana seo caite. Is iad na téarmaí tagartha atá ag an gCoiste breac-chuntas a thabhairt ar fhís agus ar na príomhchuspóirí, chomh maith le gníomhartha gaolmhara, atá riachtanach le hinbhuanaitheacht geilleagair, timpeallachta agus shóisialta na hearnála agriabhia a chinntiú sna deich mbliana atá romhainn. Bainfear leas as an eolas agus anailís atá in Athbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn na bliana seo i bpróiseas "Agraibhia 2030" agus cuideoidh le hanailís a dhéanamh ar bheartas agus le díospóireacht a chur ar bun san earnáil an bhliain seo chugainn".

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Is féidir an tAthbhreithniú Bliantúil agus Súil Chun Cinn 2020 don Talmhaíocht, Bia agus Mara chomh maith le leaganacha roimhe seo a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag https://www.agriculture.gov.ie/agri-foodindustry/agri-foodandtheeconomy/economicpublications/aro2020/

 ARO

CRÍOCH

Date Released: 08 October 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.