There were 2,132 press releases posted in the last 24 hours and 428,923 in the last 365 days.

Cathaoirleacht déanta ar a chéad chruinniú den Fhóram Déiríochta ag an Aire McConalogue

Tá cathaoirleacht déanta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., ar a chéad cruinniú den Fhóram Déiríochta inniu, Dé Céadaoin an 30 Meán Fómhair, a reáchtáladh ar fhíschomhdháil.  

 

Tugtar na príomhpháirtithe leasmhara ar fad san earnáil le chéile leis an bhFóram Déiríochta chun forbairt straitéiseach na hearnála a phlé, lena n-áirítear eagraíochtaí feirme, na hearnálacha próiseála déiríochta tánaisteacha, agus ionadaithe baincéireachta agus ionadaithe ó ghníomhaireachtaí stáit.

 

Ghlac an tAire McConalogue buíochas le gach duine san earnáil déiríochta as a dtiomantas i dtreo slabhraí soláthair a choinneáil ag feidhmiú go héifeachtúil le linn thréimhse phaindéim Covid-19 inar cuireadh isteach ar sholáthair. Dúirt sé, ‘‘Thóg sé dícheall ollmhór amach is amach ó gach duine atá anseo inniu a chinntiú go bhféadfaí bainne agus táirgí déiríochta a thabhairt ón bhfeirm, go dtí an próiseálaí agus ansin go dtí an margadh. Is léiriú é sin ar an tiomantas agus an obair i gcomhar atá ina sainghné ag earnáil déiríochta na hÉireann."

 

Thug an tAire McConalogue aitheantas don obair mhaith atáthar ina bun cheana féin chun feidhmiú timpeallachta na hearnála a fheabhsú. Leag sé béim ar nár mhór an dícheall sin a choinneáil ag imeacht agus dúirt ‘‘ós rud é gur muid an earnáil agraibhia, iarrfar orainn cur lenár n-uaillmhianta maidir leis an tionchar atá againn ar an timpeallacht a mhaolú amach anseo. Táthar ag iarraidh ar gach earnáil sa gheilleagar sin a dhéanamh agus beidh ar an earnáil talmhaíochta a cuid féin a dhéanamh."  Leag an tAire béim chomh maith ar nár mhór na caighdeáin is airde a choinneáil an t-am ar fad maidir le leas laonna.

 

Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue, “Creidim go bhfuil muid ábalta aghaidh a thabhairt ar go leor de na dúshláin atá romhainn ach sin a dhéanamh le chéile agus creidim go bhfuil muid ábalta na deiseanna maidir le fás inbhuanaithe a bhaint amach a fhorbairt. Tá mé ag súil le rannpháirtíocht láidir leanúnach ón ngrúpa a fheiceáil de réir mar a théann a gcuid oibre ar aghaidh.”

Áiríodh plé tábhachtach mar chuid den Fhóram ar chúrsaí margaidh, an nuacht is déanaí ar straitéis Agraibhia 2030 agus ar Rochtain chuig Airgeadas, chomh maith le cuir i láthair ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ó Oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis an mBreatimeacht araon.  

 

 

CRÍOCH

Date Released: 30 September 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.