There were 1,848 press releases posted in the last 24 hours and 399,163 in the last 365 days.

Preasráiteas i gComhar maidir le Sábháilteacht ar Fheirmeacha DAFM, HSA agus IFJ tagtha le chéile chun Cúrsa Oiliúna ar líne maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Tarracóra a fhorbairt

Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (ar a bhfuil freagracht do Shábháilteacht ar Fheirmeacha) Martin Heydon T.D. agus Príomhfheidhmeannach an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta, an Dochtúir Sharon McGuinness, Cúrsa Oiliúna ar líne maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Tarracóra inniu i gcomhar leis an Irish Farmers Journal. 

 

I bhfianaise na ngortuithe marfacha a bhfuil baint ag innealra feirme leo tá forbairt i gcomhar déanta ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta agus an Irish Farmers Journal ar Chúrsa Oiliúna ar líne maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Tarracóra. 

 

Ag tagairt don tionscnaimh, dúirt an tAire Haydon, "Deis iontach atá sa chúrsa seo do gach duine a bhíonn ag obair le hinnealra feirme a gcuid scileanna a thabhairt chun cuimhne arís. D'fhéadfadh an cúrsa seo feidhmiú mar mheabhrúchán do dhaoine a bhfuil an-taithí acu ar a bheith i bhfeighil innealra feirme agus do dhaoine óga nach bhfuil ach ina thús sin chomh maith."

 

Dúirt an Dochtúir Sharon McGuinness, "Ní mór d'fheirmeoirí am a chur i leataobh chun iad féin, a muintir agus daoine eile a bhíonn ag obair ar a bhfeirm a oiliúint. Bhí baint ag tarracóirí agus ag feithiclí eile le hos cionn 50% de bhásanna ar fheirmeacha le 10 mbliana anuas. Iarraim ar fheirmeoirí dul ar líne agus an Cúrsa Oiliúna maidir le Feasacht ar Shábháilteacht Tarracóra a chomhlánú. Déan cinnte go gcomhlánaíonn duine óg ar bith a bhfuil cónaí orthu leat agus a bhíonn ag obair leat é chomh maith. D'fhéadfadh an méid a fhoghlaimeoidh tú ar an gcúrsa tú féin agus do dhaoine muinteartha a choinneáil slán anois agus amach anseo."

 

Dúirt Eagarthóir an Irish Farmer's Journal, Justin McCarthy, "Tá freagracht orainn ar fad maidir le sábháilteacht ar an bhfeirm, ní hamháin asainn féin ach as ár muintir. Mholfainn d'fheirmeoirí agus dá muintir tabhairt faoin gcúrsa idirghníomhach seo chun na cleachtais chearta agus nósanna imeachta cearta a cheart tabhairt fúthu sula dtéitear i bhfeighil aon chineál innealra a thabhairt chun cuimhne."   

 

Is ar dhaoine óga nach bhfuil ach ag tosú ag tiomáint tarracóirí ar fheirmeacha is mó atá an cúrsa dírithe agus leagtar béim ar na gnéithe sábháilteachta nár mhór a thabhairt ar aird. D'fhéadfadh sé gur meabhrúchán maith a bheadh ann do dhaoine níos síne chomh maith.

 

Is fadhb leanúnach í sábháilteacht ar fheirmeacha agus ní mór d'fheirmeoirí smaoineamh faoi a bheith aireach i gcónaí i ngach tasc a chuirtear i gcrích, beag beann ar an mbrú atá i gceist.  Is trí iompar a athrú agus trí fheirmeoirí aird a chéile a tharraingt ar chleachtais nach bhfuil sábháilte amháin a dhéanfar rátaí na n-eachtraí seo a laghdú.  I ndeireadh na dála, mura dtiocfaidh athrú ar mheon feirmeoirí aonair ní laghdóidh na gortuithe ná na básanna.

 

CRÍOCH

Tractor Safety new

Date Released: 29 September 2020