There were 1,967 press releases posted in the last 24 hours and 357,559 in the last 365 days.

McConalogue agus Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara CAP tagtha le chéile

Tháinig an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. agus Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara tar éis CAP 2020 le chéile den chéad uair inniu, agus thug an t-eolas is déanaí ar na forbairtí le déanaí maidir leis na hidirbheartaíochtaí athchóirithe leanúnacha.

 

Dúirt an tAire McConalogue i ndiaidh an chruinnithe a bhí aige le páirtithe leasmhara ó ar fud na hearnála agraibhia, chomh maith le grúpaí timpeallachta, NGOnna, lucht léinn agus Ranna Rialtais eile, "Táim fíorbhuíoch as na páirtithe leasmhara ó tharla nach bhfuil siad á spáráil féin maidir lena gcuid oibre ar an gCoiste Comhairleach. Tá ról lárnach ag an gCoiste a chinntiú go mbeidh baint éifeachtach ag páirtithe leasmhara sa phróiseas leasaithe."

 

Le linn an chruinnithe, thug an tAire an t-eolas is déanaí don Choiste maidir le cuspóir Uachtaránacht na Gearmáine Cur Chuige Ginearálta Comhairle maidir le hAthchóiriú CAP a aontú i mí Dheireadh Fómhair. Chuir sé in iúl go raibh roinnt príomhghnéithe fós le haontú, agus go rabhthas ag súil le dianrannpháirtíocht ag leibhéal an AE sna seachtainí amach romhainn.

 

D'fhreastail an tAire ar a chéad Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil Dé Luain agus dhírigh cainteanna lena linn ar an bpacáiste athchóirithe CAP.  Le linn na gcainteanna sin d'éiligh an tAire gné láidir ghlas a choinneáil sna hidirbheartaíochtaí.  Dúirt sé, "Ní mór don CAP nua torthaí timpeallachta agus aeráide níos fearr a bhaint amach, torthaí a eascraíonn as bonnlíne chomhchoiteann, ach lena mbaineann solúbthacht atá riachtanach do Bhallstáit."

 

Le linn a chuairte chuig an mBruiséil, chas an tAire McConalogue leis an gCoimisinéir ainmnithe Maireád McGuinness agus le roinnt FPEnna Éireannacha chun saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú CAP a phlé.  Bhí cruinniú déthaobhach tábhachtach ag an Aire leis an gCoimisinéir Wojciechowski chomh maith chun na forbairtí is déanaí sa phróiseas athchóirithe CAP agus maidir le Rialacháin Idirthréimhseacha a phlé.  

 

Nóta d'eagarthóirí:

Tá Coiste Comhairleach CAP comhdhéanta de 27 ngrúpa éagsúla páirtithe leasmhara chomh maith le hionadaithe ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.  Tá tuilleadh sonraí a bhaineann le hobair an Choiste ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 24 September 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.