There were 1,113 press releases posted in the last 24 hours and 400,915 in the last 365 days.

Cód Dea-Chleachtais Maidir le hÚsáid Freagrach na nÁbhar Frithmhiocróbach i gCaoirigh seolta ag an Aire Hackett

Tá Cód Dea-Chleachtais Maidir le hÚsáid Freagrach na nÁbhar Frithmhiocróbach i gCaoirigh seolta ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett.

 

Á sheoladh, dúirt an tAire "Uirlis áisiúil a bheidh sa Chód Dea-Chleachtais seo d'fheirmeoirí caorach agus iad ag obair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán 'One Health’ maidir le frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbaigh (AMR)."

 

D'fháiltigh an tAire roimh an gCód seo mar bhealach chun béim a leagan ar an ábhar imní leanúnach atá ar fud an domhain maidir le AMR agus leis an mbagairt a d'fhéadfadh a bheith ag baint léi do shláinte daoine agus ainmhithe, mar aon leis na dúshláin a bhaineann le slándáil bia agus an comhshaol.  Dúirt sí, "Ní mór antaibheathaigh a chosaint ar mhaithe le daoine agus ainmhithe araon, agus baineann barrthábhacht leis an idirghabháil maidir le straitéisí chun an úsáid a bhaintear as antaibheathaigh sna hearnálacha sláinte daoine agus ainmhithe a laghdú.

 

Ina theannta sin, dúirt sí, "Baineann ríthábhacht le gníomhaíochtaí a ghlactar chun sláinte ainmhithe a fheabhsú, agus chun galar a chosc d'fhonn úsáid antaibheathach a laghdú agus dul i ngleic le AMR go héifeachtach.  Leagann na straitéisí praiticiúla atá leagtha amach sa cháipéis seo béim ar chuid de na gníomhaíochtaí tábhachtacha nár mhór d'fheirmeoirí a ghlacadh chun a n-úsáid fhoriomlán antaibheathach a laghdú agus sláinte a dtréad a fheabhsú."

 

Seoltar an Cód an t-am céanna le himeacht Teagasc a bheidh ar siúl ar feadh seachtaine agus ina mbeifear ag díriú ar na torthaí taighde is déanaí a chur in iúl d'fheirmeoirí caorach lena mbaineann, agus beifear ag díriú inniu ar thionchar bheartais Náisiúnta agus AE agus ar thionchar na timpeallachta ar tháirgeadh caorach.

 

Thug an tAire aitheantas don tacaíocht agus comhoibriú leanúnach le páirtithe leasmhara sa tionscal, go háirithe comhaltaí choiste earnáil sláinte ainmhithe an iNAP, faoi chathaoirleacht an Phríomhoifigigh Tréidliachta, an Dochtúir Martin Blake, i ndáil leis an gCód Dea-Chleachtais seo a chur i dtoll a chéile.  Mar fhocal scoir dúirt sí, "ní féidir an plean AMR atá ann i láthair na huaire don earnáil sláinte ainmhithe agus comhshaoil a bhaint amach gan páirtithe leasmhara éagsúla ag glacadh róil ceannaireachta agus a bheith ag obair i gcomhar."

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Cad is iNAP ann?

Is é iNAP an fhreagairt ó Éirinn do na héilimh idirnáisiúnta sin go n-ullmhófaí plean gníomhaíochta ilearnálach chun dul i ngleic le AMR.  Tá Éire lántiomanta d’aghaidh a thabhairt ar réiteach a fháil ar fhadhb AMR agus tá sí lánghafa san obair sin.  Leanfaimid de dhul i mbun comhair ar leibhéal idirnáisiúnta, AE agus náisiúnta chun na críche sin. 

Tá Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2017-2020 le fáil ag:

https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/animalhealthwelfare/amr/iNAP251017.pdf

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcomhar leis an Roinn Sláinte a d'fhorbair agus a sheol an chéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta 'One Health' chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht na n-ábhar frithmhiocróbach (iNAP) in 2017 agus táthar ag obair ar an dara plean gníomhaíochta i láthair na huaire a chuirfear tús leis an 2021. Tá cur chuige ‘One Health’ glactha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ag an Roinn Sláinte maidir le AMR agus spreagann siad iarrachtaí i gcomhar i ndisciplíní éagsúla ar fud earnálacha éagsúla ar nós sláinte, talmhaíocht agus an comhshaol chun na torthaí sláinte is fearr a bhaint amach do dhaoine agus d'ainmhithe.

 

Cad is AMR ann?

Is é is frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ann ná frithsheasmhacht miocrorgánaigh in aghaidh druga a bhí éifeachtach roimhe sin chun cóireáil a chur in aghaidh ionfhabhtuithe a mbíonn an miocrorgánach lena mbaineann ina gcúis leo. Tá miocrorgánaigh fhrithsheasmhacha (lena n-áirítear baictéir, fungais, víris agus seadáin) in ann ionsaí a sheasamh ó dhrugaí frithmhiocróbacha amhail drugaí frithbhaictéaracha (e.g. antaibheathaigh), drugaí frithfhungasacha, drugaí frithvíreasacha agus drugaí frithmhaláireacha. Dá bhrí sin, ní éireoidh le cóireálacha caighdeánacha ina n-aghaidh agus ní bheifear in ann fáil réidh leis an ionfhabhtú dá bharr sin, rud a mhéadóidh an baol go scaipfear an t-ionfhabhtú chuig daoine eile.

 

Tagraíonn frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach go sonrach do fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach a tharlaíonn i mbaictéir choitianta atá ina gcúis le hionfhabhtaithe.  Is téarma níos leithne atá i gceist le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, ina gcuimsítear frithsheasmhacht do dhrugaí chun ionfhabhtuithe a chóireáil a mbíonn miocróibí eile ina gcúis leo freisin. Tagraíonn frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach sa Chód Dea-Chleachtais seo go sonrach le frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach, nuair nach bhfuil aon mhaith níos mó san antaibheathach mar choiréal ar ghalar baictéarach.  

 

Cén tionchar atá ag AMR?

I dTuarascáil ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach sa bhliain 2009, measadh gur baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh drugaí ba chúis le thart ar 25,000 bás duine san Aontas Eorpach (AE) amháin sa bhliain 2007. Measadh go raibh costais chúram sláinte agus caillteanais táirgeachta ar fiú €1.5 billiún iad ag baint leo freisin. Luadh sa Tuarascáil chomh maith go mbuaileann ionfhabhtú atá bainteach le cúram sláinte thart ar 4 mhilliún othar in AE gach bliain.  (COMHTHUARASCÁIL THEICNIÚIL Ó ECDC ‘The Bacterial Challenge: time to react’ (2009)).

 

Cad a chiallaíonn 'One Health'?

Tá coincheap ‘One Health’ ina straitéis dhomhanda a bhfuil sé mar aidhm léi comhar agus cumarsáid idirdhisciplíneach a mhéadú ar gach gné de chúram sláinte do dhaoine agus d’ainmhithe agus don chomhshaol.  Aithnítear le cur chuige ‘One Health’ gur fite fuaite ina chéile atá sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an éiceachórais. Mar sin, is é an aidhm atá leis sláinte agus folláine gach speiceas a chur chun cinn, a fheabhsú agus a chosaint trí chomhar a mhéadú idir lianna, tréidlianna agus gairmithe eile sláinte eolaíche agus comhshaoil agus trí láidreachtaí a chothú i measc ceannairí agus bainisteoirí chun na spriocanna sin a bhaint amach.

 

Trí thionscnamh ‘One Health’, atá sínithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) agus an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), tá comhaontú idirnáisiúnta ann gur gá gníomhaíocht a dhéanamh ar fud earnáil shláinte an duine agus na hearnála sláinte ainmhithe, na hearnála talmhaíochta agus na hearnála comhshaoil i gcoitinne má táthar chun dul i ngleic leis an mbagairt a ghabhann le AMR ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain. 

 

Ag leibhéal náisiúnta, rinne an Príomhoifigeach Míochaine (CMO) agus an Príomhoifigeach Tréidliachta (CVO) ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, faoi seach, an Coiste Comhairleach Náisiúnta Idir-rannach um Fhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach a bhunú sa bhliain 2014 mar chuid de thionscnamh ‘One Health’ agus chun dul chun cinn a dhéanamh ar chur chuige iomlánaíoch náisiúnta maidir le hoibriú le chéile chun a chinntiú go mbeidh fáil ann ar antaibheathaigh éifeachtacha sa todhchaí.

 

Comhaltaí Choiste Feidhmiúcháin Sláinte Ainmhithe iNAP

Eagraíocht

Name

Teideal

Sláinte Ainmhithe Éireann (AHI)

An Dochtúir David Graham

Príomhfheidhmeannach

An Cumann um Shláinte Ainmhithe agus Plandaí (APHA)

An tUasal John Keogh

Príomhfheidhmeannach

Bord Bia

Alice McGlynn Uasal

An Bainisteoir um Chreidiúnú agus Beartas, Dearbhú Cáilíochta

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM)

An Dochtúir Martin Blake

Príomhoifigeach Tréidliachta

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)

An Dochtúir Jonathan Derham

Ceannasaí na gClár

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI)

An Dochtúir Lisa O’Connor

Príomhspeisialtóir, Sábháilteacht Bitheolaíochta

An tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (HPRA)

An Dochtúir Lorraine Nolan

Príomhfheidhmeannach

Cumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann (ICOS)

An tUasal Ray Doyle

Feidhmeannach um Sheirbhísí Beostoic

Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA)

An tUasal Lorcan McCabe

Leas-Uachtarán

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

An t-Uasal Tomán Bourke

Rúnaí Feidhmiúcháin um Shláinte Ainmhithe

Cumann Gráinne agus Beatha na hÉireann (IGFA)

Deirdre Webb Uasal

Stiúrthóir

Tionscal Feola Éireann (MII)

An tUasal Joe Ryan

Stiúrthóir

Biaslán

Linda Gordon Uasal

Príomhspeisialtóir san Eolaíocht Bia

Teagasc

An tUasal Edgar Garcia Manzanilla

Ceann ar Rannóg Forbartha Muc

UCD/CVERA

An Dochtúir Simon More

Ollamh Eipidéimeolaíochta Tréidliachta agus Anailís Riosca

Comhairle Tréidliachta na hÉireann (VCI)

Niamh Muldoon Uasal

Cláraitheoir

Tréidliacht Éireann (VI)

Conor Geraghty

Uachtarán

 

 

 

Tá leathanach gréasáin AMR na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara le fáil ag

https://www.agriculture.gov.ie/amr/

 

 

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 25 September 2020