There were 1,844 press releases posted in the last 24 hours and 399,968 in the last 365 days.

Béim leagtha ag an Aire McConalogue, ag cruinniú leis an gCoimisinéir Iascaigh Sinkevičius, ar an tábhacht atá le Tionscal Iascaireachta na hÉireann a chosaint le linn idirbheartaíochtaí leis an RA

Den chéad uair ó ceapadh é, chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., le Coimisinéir Iascaigh an AE, Virginius Sinkevičius, sa Bhruiséil. Bhí cruinniú an lae inniu dírithe ar mar a sheasann cúrsaí maidir le hiascaigh laistigh d'idirbheartaíochtaí foriomlána an Bhreatimeachta.

 

Leag an tAire béim arís ar an tábhacht lárnach a bhaineann le tionscal na hiascaireachta in Éirinn, mar náisiún oileáin. Rinne an tAire thar a bheith soiléir é go bhfuil tionscal iascaireachta na hÉireann neamhbhuan ach go háirithe de bharr go roinneann Éire a cuid príomhstoic éisc agus a cuid farraigí ar thrí thaobh den oileán leis an RA. Leag an tAire béim chomh maith go ndéanfaidh aon toradh amach anseo ar na hidirbheartaíochtaí caidrimh a mbeadh caillteanas i sciar an chuóta don AE damáiste buan dár dtionscal iascaireachta. 

 

Dúirt an tAire McConalogue, "Caithfidh an fhoireann idirbheartaíochta mandáit an AE a leanúint agus cosaint a dhéanamh ar na sciaranna den chuóta atá ann agus na socruithe rochtana, trí nasc a dhéanamh idir an chomhpháirtíocht gheilleagrach fhoriomlán agus comhaontú iascaireachta a bheith tugtha chun críche a oiread agus is féidir."

 

Léirigh an tAire go raibh sé muiníneach go leanfadh an Coimisinéir Michel Barnier de leasa iascaireachta na hÉireann agus an AE a chosaint agus chuir teachtaireacht láidir thionscal iascaireachta na hÉireann faoi bhráid arís go bhfuil ríthábhacht le haontacht agus comhoibriú i measc Institiúidí Eorpacha agus Ballstáit.

 

Is éard a bhí le rá ag an Aire McConalogue tar éis an chruinnithe "Bhí an-áthas orm casadh leis an gCoimisinéir Sinkevičius inniu agus cur síos a dhéanamh dó ar na tionchair shóisialta agus eacnamaíochta dhiúltacha a bheadh ar phobail iascaireachta agus le cósta in Éirinn, mura dtagtar ar Chomhaontú Iascaigh atá cothrom agus féaráilte leis an RA. Fáiltím roimh an deis leanúint den dlúthrannpháirtíocht seo leis an gCoimisinéir Sinkevičius as seo amach."

 

 

CRÍOCH

Date Released: 22 September 2020