There were 1,709 press releases posted in the last 24 hours and 426,234 in the last 365 days.

Tuilleadh deontas bronnta ag Grúpaí Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh EMFF fógartha ar an Aire McConalogue

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil luach breise €1.2 milliún i ndeontais bronnta ar 56 grúpa pobail áitiúla agus micrithionscadail ag sé cinn den seacht nGrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh atá bunaithe faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na Roinne. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar na deontais.

 

Ag fógairt na ndeontas, dúirt an tAire McConalogue: "Tá ríméad orm a fhógairt inniu go mbeidh 56 tionscadal cósta eile ag baint tairbhe as cistiú EMFF tríd an seacht nGrúpa Áitiúla Gníomhaíochta Iascaigh a bunaíodh mar chuid de Chlár EMFF na Roinne chun tacú lenár n-earnáil bia mara agus pobail cois cósta a fhorbairt.   Ciallaíonn na deontais is déanaí seo a bronnadh go bhfuil cistiú FLAG ar fiú €2.7 milliún é bronnta i mbliana aisti féin le 155 tionscadal le cósta".

 

Dúirt an tAire McConalogue chomh maith: "Is tionscadail neamhthráchtála iad go leor de na tionscadail atá ag baint tairbhe as cistiú EMFF FLAG agus téann sé chun leasa an phobail go léir ina gceantar cois cósta. Is féidir le tionscadail den chineál sin suas le 80% de chostas an tionscadail a bhaint amach, agus déanann sin difear mór d'inmharthanacht tionscadail den chineál sin. Níl anseo ach ceann de na bealaí a bhfuil Clár EMFF mo Roinne féin ag déanamh difríocht cheart dár bpobail cois cósta.

 

Tá sonraí na scéime FLAG agus conas iarratas a dhéanamh uirthi le fáil ag www.bim.ie/schemes/

 

Fisheries Fund

 

     

           

Nótaí d'Eagarthóirí

Seoladh Clár Oibríochta EMFF i mí Eanáir 2016.  Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. An Státchiste agus an tAontas Eorpach a mhaoiníonn an Clár eatarthu.

 

Is straitéis forbartha do phobail le cósta í FLAG, an Bhuíon Gníomhaíochta Limistéir Áitiúil Iascaigh (2014 – 2020) a bhfuil ciste €12 milliún ar fáil le dáileadh ar 7 bpobal ainmnithe le cósta na hÉireann. Is iad na 7 réigiún FLAG - Deisceart, (Corcaigh), Iardheisceart (Ciarraí, Luimneach), Oirdheisceart (Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin), Iarthar (Gaillimh, An Clár), Iarthuaisceart (Maigh Eo, Sligeach, Liatroim), Tuaisceart (Dún na nGall) agus Oirthuaisceart (Baile Átha Cliath, Lú, An Mhí).

 

Cuidíonn Bord Iascaigh Mhara (BIM), an Ghníomhaireacht Forbartha Bia Mara, le grúpaí FLAG an scéim seo a sheachadadh trí thacaíocht a riaradh trí dheontais i gcabhair, oiliúint agus éascú i measc an phobail. Tá comhordaitheoirí FLAG ar fáil i ngach réigiún.

 

Seo a leanas mar a dámhadh na deontais:

 

 

FLAG

Líon na dtionscadal

Infheistíocht Iomlán

Deontais a Dámhadh

Iarthuaisceart

9

€313,800

€209,748

Oirthuaisceart

4

€364,148

€204,318

Deisceart

4

€358,518

€204,842

Oirdheisceart

9

€273,678

€216,865

Iardheisceart

1

€10,000

€5,000

Iarthar

7

€270,577

€194,139

Tuaisceart

22

€416,190

€243,164

IOMLÁN

56

€2,006,911

€1,278,077

 

 

Tá sonraí ar na deontais aonair go léir a bronnadh leagtha amach thíos maidir le gach ceann den 7 FLAG.

 

FLAGS Sept 2020 -Ag Gaeilge (pdf 478Kb)  

 

CRÍOCH

Date Released: 21 September 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.