There were 1,822 press releases posted in the last 24 hours and 399,434 in the last 365 days.

Labhair an tAire le Comhpháirtíocht LEAP FAO ag seoladh a cuid treoirlínte maidir le breiseáin fodair

Labhair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inné le tionól idirnáisiúnta de pháirtithe leasmhara ó ar fud philéir an taighde, rialtais, na sochaí sibhialta agus tionscail ag seoladh na dTreoirlínte LEAP FAO maidir leis an bhfeidhmíocht timpeallachta a bhaineann le breiseáin fodair i slabhraí soláthair an bheostoic. Rinneadh grúpa oibre ar a raibh 26 saineolaí ó 15 thír na Treoirlínte a fhorbairt chun cuidiú leis na hualaí timpeallachta a bhaineann le breiseáin fodair a tháirgeadh a mheas chomh maith leis na buntáistí timpeallachta a bhaineann lena n-úsáid i dtáirgeadh beostoic.

 

Chuir an tAire fáilte roimh na treoirlínte agus dúirt, "Tá taighde ríthábhachtach i dteicneolaíochtaí den chéad scoth á chur chun cinn chun éifeachtúlacht carbóin agus seasmhacht maidir le cúrsaí aeráide a fheabhsú in earnáil talmhaíochta na hÉireann. Mar shampla, tá an tionscadal “METH-ABATE” arna maoiniú ag mo Roinnse agus arna threorú ag Teagasc ag breathnú ar theicneolaíochtaí nua chun astaíochtaí meatáin a laghdú i gcórais atá bunaithe ar thalmhaíocht féaraigh in Éirinn a fhorbairt agus a bailíochtú. Áirítear an líon breiseán fodair a mheas chun astaíochtaí meatáin a mhaolú agus monatóireacht a dhéanamh ar tháirgiúlacht ainmhithe ag an am céanna. Tá tionscadal mór atá maoinithe ag tionscal agus ag an Rialtas ar a dtugtar Vista Milk ann chomh maith, ina bhfuil baint láidir ag astaíochtaí meatáin a laghdú ón tréad déiríochta leis.

 

D'fhéadfadh iomaí feidhm a bheith i gceist le breiseáin fodair, lena n-áirítear: ionsú cothaithigh a mhéadú; astaíochtaí meatáin ó choipeadh eintreach a laghdú; agus astaíochtaí cothaitheach a laghdú ó bhainistiú agus ó leitheadú aoiligh. I bhfianaise an iomadú ar mhodheolaíochtaí measúnachta timpeallachta agus an gá atá ann fianaise a chur ar fáil chun tacú le beartais ar tháirgeadh beostoic inbhuanaithe, tá obair déanta ag an gComhpháirtíocht LEAP FAO chun na modhanna a chomhchuibhiú chun lorg timpeallachta breiseán fodair mar atá leagtha amach sna Treoirlínte seo a mheas.

 

Tá Éirinn, tríd an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Teagasc, ina chomhalta gníomhach den Chomhpháirtíocht LEAP FAO le blianta fad agus tugaimid tacaíocht ar bhonn gníomhach do thaighde agus nuálaíocht maidir le teicneolaíochtaí nua mar bhreiseáin fodair.

 

Dúirt an tAire, "Is iomaí tír ann gurb ionann beostoc agus mórcholún do shlándáil bia, do sheirbhísí éiceachórais agus GDP. Dúirt an tAire; “Is í an earnáil agraibhia an tionscal dúchasach is tábhachtaí ag Éirinn. Mar sin féin, tá dúshláin amach romhainn don earnáil beostoic ar bhonn domhanda agus creidim go bhfuil ról ceannasaíochta le glacadh ag Éirinn chun bóthar i dtreo chóras táirgthe bia amach anseo a leagan amach don todhchaí, córas nach gcuirfidh isteach go diúltach ar an timpeallacht."

 

Nóta d'Eagarthóirí:

 

Tionscnamh de ghrúpa páirtithe leasmhara atá sa Chomhpháirtíocht Measúnachta Timpeallachta ar Bheostoc (LEAP) a seoladh i mí an Iúil 2012 a bhfuil mar sprioc leis inbhuanaitheacht timpeallachta na hearnála beostoic a fheabhsú trí mhodhanna, meadarachtaí agus sonraí a chomhchuibhiú. Glacann LEAP ceannasaíocht maidir le tionscnamh domhanda comhordaithe chun forbairt inbhuanaithe an tslabhra soláthair beostoic a luathú agus chun tacú le gníomhaíochtaí aeráide comhtháiteacha agus cur leis an éacht a baineadh amach leis an gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 agus le Comhaontú Pháras.

 

Arna óstáil ag Foras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), tugann LEAP an earnáil phríobháideach, rialtais, lucht acadúla, ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus saineolaithe atá chun tosaigh a bhfuil leas díreach acu i dtreoir eolaíocht-bhunaithe, thrédhearcach agus phragmatach a fhorbairt chun feidhmíocht timpeallachta na dtáirgí beostoic a thomhais agus a fheabhsú.

 

Feidhmíocht timpeallachta a bhaineann le breiseáin fodair i slabhraí soláthair an bheostoic

 

Thug an Grúpa Comhairleacha Teicniúil (TAG) ar bhreiseáin fodair faoi thaighde cúlra agus rinne sé an príomhábhar teicniúil a fhorbairt. Bhí an TAG ar bhreiseanna fodair comhdhéanta de 26 shaineolaí. Rinne siad treoirlínte teicniúla maidir le tionchar timpeallachta a bhaineann le breiseáin fodair a tháirgeadh a fhorbairt; agus na héifeachtaí a bhain lena n-úsáid ar na tionchar timpeallachta i gcórais beostoic.

 

Is é is aidhm leis an modheolaíocht a forbraíodh sna treoirlínte seo ná cur chuige idirnáisiúnta comhchuibhithe a thabhairt isteach chun lorg timpeallachta na mbreiseán fodair i slabhraí soláthair an bheostoic a mheas agus na tionchar a bhaineann lena dtáirgeadh agus lena n-úsáid ar fud an tslabhra soláthair a ghlacadh san áireamh. Tá mar aidhm leis chomh maith tuiscint a mhéadú ar bhreiseáin fodair agus measúnú a fheabhsú maidir lena bhfeidhmíocht timpeallachta.

 

CRÍOCH

Date Released: 22 September 2020