Comhbhrón déanta ag na hAirí McConalogue, Hackett agus Heydon le muintir Pat Smullen i ndiaidh a bháis
Bhí an-bhrón ar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Charlie McConalogue T.D. agus a Chomhairí an tUasal Martin Heydon T.D. agus an Seanadóir Pippa Hackett a chloisteáil go bhfuil an marcach Pat Smullen, a bhuaigh 9 gcuradh, tar éis bháis.
Ba mhaith leo comhbhrón a dhéanamh le bean Pat, Frances, lena leanaí Hannah, Paddy agus Sarah, lena mhuintir níos leithne, a chuid dlúthchairde agus a chomhghleacaithe sa seomra meá, a thraenálaí Dermot Weld agus leis an bhfoireann ar fad ag Teach Roswell. Cuimhneofar go brách ar Pat mar mharcach as cuimse agus sármhaith, a thug leis curadh na hÉireann naoi n-uaire agus a bhuaigh iomaí rás i nGrád 1 ar fud na cruinne. D'ainneoin a chuid éachtaí rásaíochta, fanfaidh Pat i gcuimhne na nAirí chomh maith de bharr a chuid iarrachtaí as cuimse le hairgead a bhailiú trí Cancer Trials Ireland a rachaidh chun tairbhe do go leor daoine amach anseo. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
CRÍOCH
Date Released: 16 September 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
