There were 1,877 press releases posted in the last 24 hours and 399,353 in the last 365 days.

Íocaíochtaí ar fiú €185 milliún iad faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2020 fógartha ag an Aire McConalogue

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., inniu go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí ar fiú €185 milliún iad faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2020 (ANC) a eisiúint le 86,000 feirmeoir an tseachtain seo.

Dúirt an tAire “Tá fhios agam go maith na dúshláin go léir a bhfuil feirmeoirí ag tabhairt aghaidh orthu in 2020 agus an tábhacht a bhaineann leis na híocaíochtaí faoin scéim ANC a chur ar fáil in am trátha. Dá réir sin, táim sásta a dheimhniú gur méadú atá i gceist leis an 86,000 feirmeoir a íocfar sa chéad tráinse de réamhíocaíochtaí na bliana 2020, ar an €168.5m a íocadh le 79,000 feirmeoir ag an gcéim seo in 2019. Ís íocaíochtaí iad seo a thabharfaidh cúnamh airgeadais suntasach agus tráthúil d'fheirmeoirí agus don gheilleagar tuaithe i gcoitinne.  Leanfaidh mo Roinn de gach cás nach bhfuil aon íocaíocht faighte fós acu a phróiseáil, ar bhonn práinneach, de réir mar a shásaíonn siad critéir na scéime.

Dúirt an tAire “Trí na híocaíochtaí seo a eisiúint, léirítear mo thiomantas chun íocaíochtaí a chur ar fáil don líon is mó feirmeoirí agus is féidir a luaithe agus is féidir.  Scríobh mo Roinnse chuig na feirmeoirí ar fad le déanaí chun achoimre a thabhairt ar an gclár ama maidir le híocaíochtaí faoi scéimeanna éagsúla sna míonna atá romhainn agus táimid fós dírithe ar na híocaíochtaí sin a sheachadadh san am a bhí beartaithe."

Mar fhocal scoir, dheimhnigh an tAire go bhfuil na socrúcháin leagtha amach chun éascaíocht a dhéanamh don réamhíocaíocht 70% faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí a íoc, a thiocfaidh i bhfeidhm ó Dé hAoine an 16 Deireadh Fómhair 2020. 

Nóta d'Eagarthóirí:

I gcomhréir le socrúchán na bliana anuraidh, is ionann na híocaíochtaí atáthar a eisiúint i láthair na huaire agus réamhíocaíocht 85% ar an Scéim ANC. Cuirfear tús le híocaíochtaí comhardaithe 15% go luath i mí na Nollag.

 

Mar aon le blianta roimhe seo, níl gach iarratas ANC ceadaithe chun íocaíocht a fháil faoi láthair.  Tá go leor feirmeoirí ann nach bhfuil an meándlús stocála bliantúil 0.15 d'aonaid bheostoic an heicteár foráiste don bhliain féilire bainte amach fós acu.  Tá go dtí an 31 Nollaig 2020 ag feirmeoirí amhlaidh a dhéanamh áfach. Déanfar íocaíocht a cheadú i gcásanna mar sin chomh luath agus atá an riachtanas sin deimhnithe.

Leanfar leis na sraitheanna íocaíochtaí sna seachtainí amach romhainn lena chinntiú go ndéantar na cásanna atá ceadaithe a phróiseáil le haghaidh íocaíochta chomh tapa agus is féidir.  Ba chóir d'fheirmeoirí aon fhianaise stocála atá fós le réiteach i dtaca lena n-iarratas a chur ar aghaidh chuig Oifig na Roinne i bPort Laoise chomh luath agus is féidir chun eisiúint luath na n-íocaíochtaí a éascú.

 

 

CRÍOCH

Date Released: 16 September 2020