There were 1,732 press releases posted in the last 24 hours and 426,677 in the last 365 days.

An Tascfhórsa Mairteola le teacht le chéile ag deireadh na míosa fógartha ag an Aire McConalogue

Tá sé fógartha ag Charlie McConalogue TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara inniu go mbeidh an ceathrú cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola ar siúl ag deireadh mhí Mheán Fómhair trí fhíschomhdháil.  

 

Is éard a dúirt an tAire McConalogue, "Bhí cainteanna tairbheacha agam le páirtithe leasmhara feirmeoireachta agus tionscail mairteola ó thosaigh mé sa roinn, agus is maith atá a fhios agam faoin ról ríthábhachtach atá ag tionscal na mairteola sa gheilleagar faoin tuath.  Cuireann an Tascfhórsa, a bhfuil Michael Dowling ina chathaoirleach air, fóram ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht mhionsonraithe ar na príomhshaincheisteanna atá roimh an earnáil mairteola, agus tá sé tábhachtach ach go háirithe chun gealltanais a rinne na páirtithe leasmhara ar fad faoi Chomhaontú na hEarnála Mairteola bliain ó shin a bhrú chun cinn."

 

Áireofar ar na príomhphointí a bheidh le plé ag an gcruinniú an dréacht-iarratas ar stádas PGI do mhairteoil féar-chothaithe na hÉireann; agus an dul chun cinn atá déanta ar na staidéir ar thrédhearcacht an mhargaidh a bhfuil Grant Thornton ina mbun.

 

Déanfar na miontuairiscí a comhaontaíodh agus na cáipéisí cuí leis an eolas is déanaí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an DAFM chomh luath agus atá siad ar fáil: https://www.agriculture.gov.ie/farmingsectors/beef/beeftaskforce/

 

 

CRÍOCH

Date Released: 10 September 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.