Nós imeachta seolta ag an Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara maidir le hiarratais chun “Irish Grass Fed Beef” a chlárú mar ainm a bhfuil stádas Tásc Geografach faoi Chosaint aige agus “Achill Island Sea Salt” mar ainm a bhfuil stádas Ainmniúchán Tion…
Sheol an tAire Talmhaíochta Bia agus Mara nósanna imeachta freasúra náisiúnta maidir le:
hiarratas chun “Irish Grass Fed Beef” a chlárú mar Thásc Geografach faoi Chosaint (PGI)
agus
Iarratas chun “Achill Island Sea Salt” a chlárú mar Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint (PDO).
“Irish Grass Fed Beef” an t-ainm a thugtar ar mhairteoil na hÉireann ó eallach a thógtar ar bhia-aiste féar-bhunaithe ar fheirmeacha féaraigh in Éirinn.
Salann sáile é “Achill Island Sea Salt” a thógtar le lámh as uiscí timpeall Acla, Co Mhaigh Eo, Éire.
Ní mór tabhairt faoi nós imeachta freasúra náisiúnta sular féidir iarratais a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach. Tugtar deis leis an nós imeachta freasúra d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá bunaithe nó ina chónaí in Éirinn ráiteas a thaisceadh lena ndéantar freasúra i gcoinne an iarratais. Ar an nós imeachta freasúra a thabhairt chun críche go rathúil, is féidir iarratais a chur ar aghaidh chuig Coimisiún an AE lena scrúdú.
Tá tuairiscí iomlána ar an dá tháirge le fáil ag https://www.agriculture.gov.ie/gi/
Tá tréimhse ceithre seachtainí a thiocfaidh chun críche ag 5.45 pm an Aoine an 11 Meán Fómhair 2020 ag páirtithe leasmhara le ráiteas freasúra réasúnaithe a chur ar aghaidh i gcomhréir leis na ceanglais rialála. Ba chóir aighneachtaí a dhéanamh ar ríomhphost chuig GeographicalIndications@agriculture.gov.ie nó i scríbhinn chuig an Rannán um Fhorbairt an Tionscail Bia, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, 2, D02WK12.
Nóta d'Eagarthóirí:
Is cineál maoine intleachtúil is ea Tásc Geografach, a thugann cosaint d'ainmneacha táirgí bia atá ceangailte le críoch ar leith nó le modh táirgthe. Tá an scéim Tásc Geografach an AE tairbheach do tháirgeoirí mar go gceadaíonn sí ainmneacha táirgí talmhaíochta ar leith a bhfuil tréithe breisluacha ar leith ag baint leo agus ceangal acu lena n-áit thionscnaimh a shainaithint agus a chosaint. Cuireann aitheantas GI ar chumas tomhaltóirí muinín a bheith acu as táirgí ar ardchaighdeán agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus cuidiú le táirgeoirí a gcuid táirgí a mhargú.
Ní mór a léiriú in iarratais ar chlárúchán mar atá tionchar ag tréithe an réigiúin - topagrafach, dea-cháil, acmhainní nádúrtha - ar shaintréithe an táirge. Tugann clárúchán cosaint do tháirgeoirí i gcoinne táirgí aithrise agus úsáid an ainm ar earraí a tháirgtear lasmuigh den limistéar ainmnithe.
Is éard atá i gceist le “Tásc Geografach faoi Chosaint” ainm lena sainaithnítear táirge: (a) de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin nó tíre;
(b) a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus (c) ar tharla ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.
Is éard atá i gceist le “ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint” (PDO) ainm lena sainaithnítear táirge: (a) de thionscnamh ionaid ar leith, réigiúin nó, i gcásanna eisceachtúla, tíre; (b) arb é timpeallacht gheografach ar leith agus gnéithe dúchasacha nádúrtha agus daonna na timpeallachta sin is cúis, go bunúsach nó go heisiach, lena cháilíocht nó lena shaintréithe; agus (c) ar tharla a chéimeanna táirgthe ar fad sa limistéar geografach sainithe.
Tá ocht n-ainm táirgí bia PDO/PGI cláraithe in Éirinn -Clare Island Salmon (PGI), Imokilly Regato (PDO), Timoleague Brown Pudding (PGI), Connemara Hill Lamb (PGI), Waterford Blaa (PGI), Oriel Sea Salt (PDO), Oriel Sea Minerals (PDO) agus Sneem Black Pudding (PGI).
Tá stádas GI ag trí ainm biotáille - Irish Whiskey, Irish Cream agus Irish Poitín –faoi Rialachán (AE) Uimh. 110/2008.
CRÍOCH
Date Released: 14 August 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.