Scéim nua chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thalamh poiblí fógartha ag an Aire Calleary agus ag an Aire Hackett
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary T.D., agus an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Foraoiseacht sa Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, scéim nua inniu chun maoiniú a chur ar fáil chun coillearnacha dúchasacha a chur ar thailte poiblí. Sásaíonn an scéim seo ceann de na príomhghealltanais atá tugtha i gClár an Rialtais agus déanfaidh Roinn an Aire an scéim a mhaoiniú agus clúdóidh sin an costas a bhaineann le foraoisí den chineál sin a bhunú ar thalamh feiliúnach atá faoi úinéireacht phoiblí.
Tá an scéim dírithe ar na Comhlachtaí Poiblí ar fad, lena n-áirítear:
- Ranna Rialtais agus Eagraíochtaí Státurraithe
- Údaráis Ardoideachais agus
- Údaráis Áitiúla
Dúirt an tAire Calleary "Is iontach láidir an teachtaireacht a bheidh comhlachtaí poiblí a ghlacann páirt sa tionscnamh nua seo a thabhairt dá gcustaiméirí, comhpháirtithe sa tionscal agus don phobal go ginearálta, is é sin, go bhfuil siad ag déanamh a gcuid, ar bhealach atá fiúntach, chun cuspóirí timpeallachta a shásamh. Tá mo Roinnse ag súil le bheith i dteagmháil leo agus a bheith ag tabhairt tacaíochta dóibh maidir leis na coillearnacha seo a leagan amach agus a chur.
Cheadaigh an Rialtas an scéim ag deireadh na míosa seo caite agus cuirfear tús leis trí anailís chúlsoláthair talún a dhéanamh chun go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí oiriúnacht a dtalamh a mheas do chur.
Dúirt an tAire Hackett ““Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is léiriú í an scéim seo ar thiomantas an Rialtais maidir le bithéagsúlacht a fheabhsú agus coillearnacha buana a chur a dhéanfaidh carbón a ghabháil, a bheidh ábalta uisce a chosaint agus a chuirfidh lenár dtírdhreach ar feadh bliana fada amach romhainn”
Tá spéis léirithe ag Iarnród Éireann sa scéim, an chéad chomhlacht poiblí a rinne sin.
Dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann, “Aithníonn Iarnród Éireann an tábhacht a bhaineann lena ról i gcaipiteal nádúrtha na tíre a fhorbairt agus a feabhsú ó tharla gurb é an caomhnóir is mó talún poiblí sa tír é. Le tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara táthar ag lorg ceadú chun coillearnach dhúchasach a bhunú ar shuíomh ar thalamh dár gcuid i gContae Ros Comáin mar thogra píolótach faoin scéim seo. Táimid ag déanamh scrúdú ar chúlsoláthar talún anois chun oiriúnacht suíomhanna eile a mheas maidir lena gcur ar aghaidh sa scéim seo."
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí ag https://www.agriculture.gov.ie/forestservice/grantsandpremiumschemes2014-2020/
Is cuid lárnach d'oidhreacht dúlra, staire agus cultúir na hÉireann coillearnacha dúchasacha, atá uathúil ó thaobh na bithéagsúlachta de. Is iontu a mhaireann ainmhithe, éin, feithidí agus plandaí speisialaithe coillearnaí, lena n-áirítear, gan ach cúpla ceann a lua, an t-iora rua, an cat crainn, an mórchnagaire breac, an cuaichín caol agus an muiléad coille. Cuireann siad líon mór seirbhísí éiceachórais ar fáil, lena n-áirítear carbón a ghabháil, caighdeán uisce a chosaint agus a fheabhsú, gnáthóga níos leithne a nascadh, an taobh tíre a fheabhsú, deiseanna maidir le caithimh aimsire faoin spéir agus léirléamh.
Tá sé mar aidhm leis an Scéim um Choillearnach a Chur ar Thalamh Poiblí an dúlra a chaomhnú trí choillearnacha buana, neamhthráchtála a fhorbairt ar thalamh poiblí a chuirfidh na tairbhí seo a leanas ar fáil:
- Gnáthóga coillearnaí dúchasaí atá caillte a thabhairt ar ais, gnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus atá suntasach ó thaobh cultúir de.
- An scoilteadh atáthar a dhéanamh ar ghnáthóga eile agus na conair bhithéagsúlachta atá á gcailleadh a chúlú laistigh den taobh tíre níos leithne.
- Ceapadh carbóin ó fhoraoisí a mhairfidh go brách.
- Uisce agus na héiceachórais uisceacha lena mbaineann a chosaint agus a fheabhsú.
- Saoráidí coillearnaí tarraingteacha a chur ar fáil, chun sláinte agus folláine a chur chun cinn chomh maith le deiseanna a thabhairt do phobail áitiúla le foghlaim a dhéanamh faoin spéir.
- Caighdeán aeir a fheabhsú i gceantair uirbeacha agus i gceantair mháguaird.
- Ithir a chosaint agus láithreáin líonta talún agus láithreáin athfhorbraíochta a thabhairt ar ais.
Is mar seo a leanas an maoiniú a bheidh ar fáil:
|
Gné |
Gníomh maoinithe |
Ráta Deontais |
Tairsí Uasta |
|
Gné 1 |
Cásanna Curtha 1-3 |
€6,220 / ha (le híoc in 2 ghála) |
|
|
Gné 2 |
Cásanna Curtha 4-5 |
€5,880 / ha (le híoc in 2 ghála) |
|
|
Gné 3 |
Conair agus Comharthaíocht |
suas le €3,800 / ha |
€45,600 an méid is mó a íocfar |
|
Gné 4 |
Áit Súgartha i gCoill |
Suas le €10,000 in aghaidh an iarratais |
Suas le €10,000 |
|
|
Deontas ar Shuíomhanna Tréigthe |
€500 / ha |
€2,500 an méid is mó |


CRÍOCH
Date Released: 12 August 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.