There were 1,255 press releases posted in the last 24 hours and 401,158 in the last 365 days.

Fógartha ag an Aire Calleary go bhfuil tús curtha le híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna

Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tUasal Dara Calleary T.D., go bhfuil tús curtha anois le híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna.

 

Is éard a dúirt an tAire faoi na híocaíochtaí "Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil tús curtha leis na híocaíochtaí faoin Scéim Infheistíochta Laonna. Cuireadh an tionscnamh seo i bhfeidhm roimh shéasúr breithe laonna an Earraigh le súil is na torthaí is fearr agus is féidir maidir le leas laonna a chinntiú agus chun tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil maidir le laonna mairteola ón tréad déiríochta a thógáil chomh maith le laonna bodóige a rugadh ar fheirmeacha déiríochta in Éirinn a chur in áit na gceanna atá ann”.

 

Seoladh an Scéim Infheistíochta Laonna i mí na Nollag seo caite agus bhí daoine ábalta iarratais a dhéanamh ón 7 Eanáir 2020. Fuarthas agus ceadaíodh os cionn 2,300 iarratas lena gcur ar aghaidh faoin scéim.

 

Is é príomhchuspóir beartais na scéime tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí le leas laonna a bheirtear ar fheirmeacha déiríochta in Éirinn a chinntiú, ag tabhairt aitheantas do na dúshláin oibríochtúla a bhaineann le beathú sna cúpla seachtain i ndiaidh a mbreithe. Mar chuid den infheistíocht, díreofar ar thacú le córais beathaithe laonna, lena n-áirítear beathaitheoirí laonna, cairteacha bainne le meascthóir san áireamh agus beathaitheoirí sine do laonna. Nuair a cheannaigh feirmeoir ceann de na nithe sin, bhí siad incháilithe tacaíocht a fháil chun nithe eile a cheannach, ar nós teasairí bainne do laonna, racaí foráiste/féir do laonna, trachanna mine do laonna, bacainní bia do laonna agus rannadóirí cró do laonna.

 

Dúirt an tAire chomh maith "Tá áthas orm faoin méid spéise atá léirithe sa scéim seo agus mholfainn do dhuine ar bith a bhfuil ceadú faighte acu a dtrealamh a cheannach agus a gcuid éilimh íocaíochta a chur ar aghaidh chomh luath agus is féidir. Chuirfinn i gcuimhne d'iarratasóirí ceadaithe nár mhór dóibh a n-iarratas ar íocaíocht a bheith curtha ar aghaidh faoin dáta deiridh sínte an 30 Meán Fómhair ar a dheireanaí."

 

Cuirtear i gcuimhne d'iarratasóirí a d'fhéadfadh a bheith incháilithe go bhfuil síneadh go dtí an 21 Lúnasa 2020 curtha leis an dáta deiridh a nglacfar le Tráinse 18 de TAMS II.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá tuilleadh sonraí a bhaineann leis an Scéim Infheistíochta Laonna ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:

https://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/calfinvestmentscheme/

 

Tá tuilleadh sonraí a bhaineann le scéimeanna TAMS II ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag:

DAFM - TAMS

 

CRÍOCH

Date Released: 07 August 2020