There were 1,262 press releases posted in the last 24 hours and 401,188 in the last 365 days.

"Bainfidh Feirmeoirí agus iascairí tairbhe as tacaíochtaí leachtachta do chaipiteal oibre agus infheistíocht níos fadtéarmaí" Fáilte curtha ag an Aire Calleary roimh fhógra Spreagtha mhí Iúil

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary T.D., cur síos inniu ar na príomhghnéithe a bhaineann le Spreagadh mhí Iúil a rachaidh chun tairbhe na hearnála agraibhia agus earnáil na mara.

 

Dúirt an tAire Calleary, "Tá sé ríthábhachtach go dtugaimid aghaidh ar riachtanais airgeadais gach gnó, lena n-áirítear iad sin san earnáil agraibhia, feirmeoirí, iascairí agus gnóthaí bia; beidh tacaíocht ag teastáil uathu sin le haghaidh caipiteal oibre agus infheistíocht níos fadtéarmaí. Fáiltím roimh fheirmeoirí agus iascairí a bheith san áireamh sa Scéim Ráthaíochta Creidmheasa nua €2 billiún agus an deimhniú go gcuirfear leis an Scéim Iasachta d'Fhás Amach Anseo €500 milliún. Anuas ar an réimse eile tacaíochtaí a fógraíodh i bpacáiste Spreagtha mhí Iúil, is pacáiste cuimsitheach de bhearta é seo".

 

Tá sin sa bhreis ar an réimse de thacaíochtaí sonracha atá ann cheana féin don earnáil mar chuid de fhreagra eacnamaíochta an Rialtais ar dhúshláin Covid:

 

  • Tá leithroinnt €50 milliún i maoiniú Státchiste curtha ar fáil don earnáil mairteola ar mhaithe le scéim tacaíochta d'fheirmeacha críochnaithe mairteola a raibh tionchar tromchúiseach orthu - fógrófar sonraí ina leith sin go gairid.
  • Thug an Coimisiún Eorpach scéim cúnaimh isteach i ndáil le stóráil phríobháideach faoi CAP, a chuaigh chun tairbhe earnáil na déiríochta ach go háirithe, i ndiaidh fheachtas de chuid na mBallstát ar a raibh Éirinn ar thús cadhnaíochta ina leith.
  • Tá Scéim Feistiú Deonach Flít Shealadach Covid-19 tugtha isteach d'árthaí iascaireachta.
  • Tá solúbthachtaí praiticiúla éagsúla d'iarratais ar na príomhscéimeanna feirme tugtha isteach.

 

"Ar nós go leor gnóthaí eile, bhí ról thar a bheith tábhachtach ag ár bhfeirmeoirí, iascairí agus cuideachtaí bia le linn na paindéime", a dúirt an tAire Calleary. Chruthaigh an earnáil agraibhia agus earnáil na mara go raibh teacht aniar iontu le linn na géarchéime, coinníodh gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus próiseála bia ar bun, coinneoidh slabhraí soláthair ag imeacht, agus cinntíodh go raibh táirgí bia agus dí na hÉireann fós ag dul ar sheilfeanna ollmhargaí ansin sa bhaile, san Eoraip agus ar fud an domhain. Níos déanaí i mbliana, leagfaidh an Rialtas amach Plean Náisiúnta Geilleagair, an tráth ceanna leis an mBuiséad i nDeireadh Fómhair. Cinnteoidh mé go bhfuil mo Roinn féin agus a cuid gníomhaireachtaí, i gcomhar le páirtithe leasmhara, de leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar an earnáil agraibhia de réir mar bheidh eolas ar chúrsaí ag teacht chun cinn, agus chun tacaíochtaí cuí a chur ar fáil don earnáil.

 

Áirítear sa bpacáiste spreagtha chomh maith leithroinnt caipitil níos mó €17 milliún don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do:

  • Bhinn Éadair - Tionscadal Athfhorbartha na Cé Láir ag an Lárionad Cuain Iascaigh
  • leithroinnt bhreise le haghaidh infheistíochtaí fuinnimh inathnuaite ar an bhfeirm faoi scéim TAMs;
  • infheistíocht in athchóiriú gnáthóg ar scála mór arna déanamh ag Coillte.

 

Maidir leis na hinfheistíochtaí breise seo: Dúirt an tAire Calleary "Cuirfidh saoráidí níos fearr feistithe ar fáil le Tionscadal Athfhorbartha na Cé Láir ag Lárionad Cuain Iascaigh Bhinn Éadair chun gníomhaíocht iascaireachta níos mó a spreagadh, chomh maith le gníomhaíocht fóillíochta níos mó a éascú i limistéir eile sa Chuan.

 

Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha amach ag an Rialtas dár n-earnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta chun cur le spriocanna timpeallachta i gClár an Rialtas. Cuireann giniúint fuinnimh inathnuaite ar an bhfeirm scóip ollmhór ar fáil chun cur leis na spriocanna sin agus tá mé thar a bheith sásta leis an ardú mór atá ag teacht ar líon na n-iarratas atáimid a fháil faoi scéim TAMs, iarratais ar infheistíochtaí in gcumhacht na gréine ach go háirithe."

 

Chuir an tAire Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett fáilte roimh na hinfheistíochtaí breise agus dúirt "Táim an-sásta an bhéim atá leagtha ar thionscadail timpeallachta ar mhórscála sa phacáiste spreagtha a fheiceáil. Cuideoidh sin le staid níos fearr arís a thabhairt d'earnáil talmhaíochta agus foraoiseachta na hÉireann mar cheannaire domhanda inbhuanaitheachta. Tá mé sásta ach go háirithe leis an leithroinnt atá déanta ar thionscadal athchóirithe gnáthóg ar mhórscála le Coillte ar bhratphortaigh Atlantaigh. Is tionscadal 2,100 acra talún é seo faoina ndéanfar talamh Coillte a athchóiriú trí chréanna móna, ina bhfuil gnáthóga neamhchoitianta, a fhliuchadh arís. Cuirfidh sin gnóthachan timpeallachta ollmhór ar fáil trí bhuntáistí bithéagsúlachta agus aeráide chomh maith le luach áineasa agus áiseanna poiblí níos fearr a chur ar fáil. Is mar gheall gur bhunaigh Coillte a rannán neamhbhrabúis Coillte Nature ar féidir na cineálacha seo tionscadal a éascú agus déanaim comhghairdeas le Coillte ar an treallús agus an uaillmhian sin a bheith acu don tionscadal seo".

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Tá an pacáiste €7.4 billiún seo "Ag Tacú le Gnóthaí na hÉireann", lena n-áirítear Scéim Tacaíochta Pá Fostaíochta nua a thiocfaidh in áit na Scéime Fóirdheontais Pá Shealadaigh, go dtí Aibreán 2021; tionscnamh i ndáil le ráta úis 0% a bheith ar iasachtaí SME sa chéad bhliain; síneadh a chur leis an Deontas Atosaithe agus é a leathnú amach; agus tuilleadh sonraí maidir le Scéim Ráthaíochtaí Creidmheasa COVID-19 ar fiú €2 billiún í, lena n-áirítear an leathnú €500 milliún atá le cur leis an Scéim Iasachta d'Fhás Amach Anseo. Táthar "Ag Cuidiú le Daoine, Daoine Óga ach go háirithe, filleadh ar an obair", lena n-áirítear infheistíocht a dhéanamh i gcruthú post agus ardoideachas. Táthar "Ag cur le Muinín agus ag Infheistiú i bPobail", lena n-áirítear tionscnaimh éagsúla cánachais a thabhairt isteach lena n-áirítear bearta ar Fhaoiseamh ar Chaillteanas Cáinioncaim agus an meán a fháil d'fheirmeoirí. Táthar "Ag Ullmhú na hÉireann don Gheilleagar agus don Todhchaí", trí infheistíochtaí éagsúla a dhéanamh i gcúrsaí taighde, oiliúna agus tacaíochtaí fiontraíochta eile. Áirítear orthu sin scéim Chiste Cothabhála Fiontair €180 milliún Fhiontraíocht Éireann a leathnú amach, faoina gcuirfear tacaíocht deontais dhíreach do ghnóthaí inmharthana san áireamh, agus maoiniú €10 milliún do Chiste Caipiteal Síl agus Fiontair Fhiontraíochta Éireann. Beidh tacaíochtaí breise do chomhlachtaí miondíola ar líne (€25.5 milliún) chomh maith le tacaíochtaí ullmhachta Breatimeachta (€20 milliún) do ghnóthaí ann chomh maith.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.gov.ie/en/campaigns/5654a-july-jobs-stimulus/

 

 

CRÍOCH

Date Released: 24 July 2020