An Breatimeacht pléite ag an Aire Calleary le hionadaithe ó thionscal iascaireachta na hÉireann
Bhuail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary T.D. inniu le hionadaithe ó thionscal iascaireachta na hÉireann le go bhfaigheadh sé amach dó féin an t-ábhar imní atá orthu faoi chúrsaí iascaireachta sna hidirbheartaíochtaí AE/RA agus na dúshláin a chaithfidh siad dul i ngleic leo mar thoradh ar ghéarchéim Covid-19. Ionadaithe tionscail ó na ceithre Eagraíocht Táirgthe Iascaigh a bhí i láthair (Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Oirthear na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Iascairí na gCealla Beaga, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc Dheisceart agus Iarthar na hÉireann, Eagraíocht Táirgeoirí Éisc na hÉireann), an Cumann Náisiúnta Iascairí Cois Cladaigh agus Cumann Táirgeoirí agus Onnmhaireoirí Éisc na hÉireann.
Bhí cruinniú mionsonraithe agus tairbheach ag an Aire le hionadaithe ón tionscal iascaireachta. Rinne na hionadaithe na saincheisteanna tromchúiseacha fadtéarmacha a mbeidh ar a gcuid ball aghaidh a thabhairt orthu sa chás go ndéanfadh an RA éileamh ar sciar níos mó den stoc éisc agus sa chás go dtabharfaí cead rochtain shrianta a chur ar bhfeidhm ar limistéir iascaireachta na RA soiléir. Leag gach ionadaí amach chomh maith na dúshláin thar a bheith deacra atá ag teacht chun cinn de bharr go bhfuil margadh níos laige ann d'iasc agus na praghsanna íslithe maidir le go leor speiceas.
Dúirt an tAire Calleary "Thug mé chluas mhór do na dúshláin a ndearna na hionadaithe cur síos soiléir orthu a gcaithfidh an tionscal iascaireachta aghaidh a thabhairt orthu i ndáil leis an mBreatimeacht agus atá tagtha chun cinn de bharr ghéarchéim Covid-19. Rinne mé soiléir é go mbeidh mise ag iarraidh comhaontú iascaigh a bheith i bhfeidhm leis an RA faoina gcoinneoimid an sciar den chuóta atá againn chomh maith leis an teacht cómhalartach atá ann cheana maidir le huiscí na RA. Leanfaidh mé de bhrú a chur i ndáil le cothabháil a dhéanamh ar nascadh na n-iascaigh sa chomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíochta foriomlán mar go mbeidh sin lárnach i gcomhaontú rathúil. Dheimhnigh mé mo ghealltanas agus gealltanas an Rialtais oibriú i dtreo chomhaontú iascaigh a bhaint amach leis an RA a thugann cosaint dá leasa agus a chinntíonn todhchaí fadtéarmach do na pobail cois cósta atá ag braith ar iascaigh do na hionadaithe tionscail".
Maidir leis na dúshláin reatha a bhfuil an earnáil ag tabhairt aghaidh orthu de bharr ghéarchéim Covid, dúirt an tAire Calleary "Is é cuspóir soiléir an Rialtais é tacaíocht a chur ar fáil a chuidíonn beocht a chur arís i ngach réimse den gheilleagar, an earnáil bia mara san áireamh. Beidh mise ag obair le gach réimse den Rialtas chun bearta a cheapadh a thacóidh le poist agus pobail sa tréimhse amach romhainn. Ina dhiaidh sin leag mé amach an uaillmhian ollmhór atá i gClár an Rialtais chun earnáil iascaigh inbhuanaithe a choinneáil. Gné shuntasach i gClár nua an Rialtais é an uaillmhian leanúnach chun earnáil iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt. Táim ag súil le bheith ag obair leis an earnáil agus an cuspóir sin a bhaint amach."
CRÍOCH
Date Released: 22 July 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
