Cuideachtaí Agraibhia Éireannacha ábalta iarratas a dhéanamh anois ar Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice fógartha ag an Rialtas
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Dara Calleary T.D. agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney T.D. inniu go bhfuil glao eile tionscanta chun iarratais a chur ar aghaidh do chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice (AADP). Comhthionscnamh idir an dá Roinn é an clár seo faoina gcuirtear tacaíocht suas le €250,000 ar fáil do chuideachtaí Éireannacha i gcomhpháirtíochtaí le cuideachtaí san Afraic.
Ní mór do thionscadail a bheith lonnaithe san Afraic, a bheith dírithe ar chúrsaí tráchtála agus tairbhí cearta a chur ar fáil do phobail áitiúla. Beidh gach maoiniú stáit le meaitseáil ag an gcuideachta Éireannach. Beidh cistí ar fáil chomh maith le haghaidh staidéir féidearthachta.
"Tá an-áthas orm an babhta maoinithe is déanaí seo faoi Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice a sheoladh" a dúirt an tAire Calleary. Tá sé léirithe cheana féin go gcuireann an AADP deis ar fáil do chuideachtaí agraibhia na hÉireann chun dul i gcomhpháirtíocht le cuideachtaí na hAfraice d'fhonn tacú le fás inbhuanaithe an tionscail áitiúil bia; margaí do tháirgí áitiúla a chothú; agus tacú leis an gcomhthrádáil idir Éire agus an Afraic. Uaillmhian mhór de chuid Chlár an Rialtais is ea trádáil agus tionscnaimh idirnáisiúnta mar an AADP d'fhonn na ceangail atá ann cheana a neartú agus tá sin tábhachtach chomh maith i gcomhthéacs fhreagra na hÉireann ar Thascfhórsa an AE do Cheantar Tuaithe na hAfraice."
Dúirt an tAire Coveney, "Tá ríméad orm go bhfuil mo Roinnse ag tacú arís le Clár Forbartha Agraibhia na hAfraice mar go dtugann sin aitheantas don ról tábhachtach atá ag cúrsaí talmhaíochta i ngeilleagar na hÉireann agus i ngeilleagair thíortha na hAfraice. Cuireann an AADP ar chumas chuideachtaí Éireannacha comhpháirtíochtaí a bhunú le gnóthaí san Afraic le go mbeidh siad ábalta leasa comhroinnte a thabhairt chun tosú d'fhonn earnáil agraibhia na hAfraice a leathnú agus a neartú."
Ní mór iarratais ar thacaíocht AADP a chur ar aghaidh ar líne agus is féidir teacht ar an bhfoirm iarratais ag https://www.agriculture.gov.ie/aadp/
An 2 September 2020 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Nóta d'eagarthóirí:
Cuireann an AADP tacaíocht ar fáil do Chuideachtaí Éireannacha atá ag feidhmiú i gcomhar le Cuideachtaí san Afraic nó a bhfuil spéis acu comhpháirtíochtaí a bhunú le Cuideachtaí san Afraic i 16 thír san Afraic fho-Shahárach: An Bhotsuáin, Cóte d’Ivoire, an Aetóip, Gána, an Chéinia, an Libéir, an Namaib, an Nigéir, an Mhaláiv, Mósaimbíc, Ruanda, Siarra Leon, an Afraic Theas, an Tansáin, Uganda agus an tSaimbia.
Déanfar airgeadas do Chlár Forbartha Agraibhia na hAfraice a tharraingt as buiséid cúnaimh forbartha thar toinn atá ann cheana sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; agus sa Roin Gnóthaí Eachtracha. Coiste Stiúrtha atá comhdhéanta d'oifigigh as an dá Roinn ata ag bainistiú an Chláir.
Bunaíodh an Tascfhoireann Náisiúnta do Cheantar Tuaithe na hAfraice (NTTRA) chun freagra na hÉireann a thabhairt ar thuarascáil Thascfhórsa an AE ar Cheantar Tuaithe na hAfraice, a eisíodh i Márta 2019. Cur chuige roinnte a bheidh i bhfreagra na hÉireann, ó gach páirtí leasmhar cuí, chun forbairt tuaithe agus Athrú Córas Bia (FST) a chur chun cinn ar fud mhór-roinn na hAfraice.
CRÍOCH
Date Released: 23 July 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
