There were 705 press releases posted in the last 24 hours and 400,174 in the last 365 days.

An tAire Cowen ag casadh leis an gCoimisinéir Iascaigh Sinkevičius

Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen T.D. leis an gCoimisinéir Iascaigh Virginius Sinkevičius inniu den chéad uair ó ceapadh é le gairid. Is trí nasc físe ó oifigí na Roinne i dTulach Mhór a reáchtáladh an cruinniú.  Phléigh an tAire saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a bhaineann le hiascach, ag díriú go príomha ar na hidirbheartaíochtaí leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú iascaigh a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

 

Phléigh an tAire Cowen agus an Coimisinéir an tábhacht a bhaineann le mandáid idirbheartaíochta an AE trína leagtar amach cuspóir an AE go soiléir chun "na coinníollacha rochtana frithpháirteacha, scaireanna cuótaí agus gníomhaíocht thraidisiúnta fhlít an Aontais atá ann a choinneáil".

 

Phléigh an tAire agus an Coimisinéir an lárnacht a bhaineann leis an gceangal atá idir an chomhpháirtíocht eacnamaíochta ar an iomlán agus do chomhaontú iascaigh a thabhairt chun críche.

 

Dúirt an tAire Cowen, "Plé an-tairbheach a bhí sa chéad phlé seo a bhí agam leis an gCoimisinéir Sinkevičius agus bhí sé tábhachtach a bheith ábalta labhairt leis an gCoimisinéir féin faoi chúrsaí atá ag déanamh imní d'Éirinn maidir leis na tionchair dhiúltacha fhéideartha atá ann do phobail iascaireachta na tíre mura gcuireann muid Comhaontú Iascaigh cóir agus cothrom i bhfeidhm leis an Ríocht Aontaithe." 

 

Dúirt an tAire chomh maith, "Dúirt mé arís go raibh tacaíocht iomlán ag an Rialtas seo do mhandáid idirbheartaíochta an AE agus go raibh muinín agam go leanfadh an Coimisinéir agus Michel Barnier de bheith ina gcrainn taca ag leasanna iascaireachta na hÉireann agus an AE. Is ríshoiléir atá sé dom nach bhféadfaí a mheas gur éirigh leis na hidirbheartaíochtaí ó thaobh comhaontú iascaigh ach amháin i gcomhthéacs níos leithne maidir le caidreamh chomhaontaithe an AE/RA agus beidh ríthábhacht ag baint le luamhán a oibriú air sin chun pobail le cósta na tíre a chosaint. 

 

Phléigh an tAire Cowen agus an Coimisinéir Sinkevičius roinnt saincheisteanna iascaigh eile nach mbaineann leis an mBreatimeacht.  D'ardaigh an Coimisinéir roinnt saincheisteanna agus roinnt ábhar atá ag déanamh imní dó maidir le rialú iascaigh in Éirinn.  Luaigh an tAire arís go raibh gealltanas tugtha ag an Rialtas i gClár an Rialtais chun deireadh a chur le hiascaireacht mhídhleathach agus chun cultúr comhlíonta a chur chun cinn maidir le hárthaí de chuid an AE atá ag feidhmiú i limistéar 200 míle na hÉireann. Leag an tAire Cowen béim chomh maith ar ghealltanas na hÉireann chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn d'fhonn cuótaí agus modhanna iascaireachta a leagan amach.  

 

Phléigh an tAire agus an Coimisinéir mar atá i ndán don Chiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe.

 

CRÍOCH

Date Released: 10 July 2020