There were 1,732 press releases posted in the last 24 hours and 401,950 in the last 365 days.

Leanann Airí de Rannpháirtíocht Dhian a dhéanamh le Páirtithe Tábhachtacha i Réimse an Agraibhia

Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen TD, céim eile den rannpháirtíocht dhian atá sé ina bun le páirtithe tábhachtacha ag leibhéal an AE agus anseo ag baile chun críche inniu.

 

Bhí cruinniú aige níos luaithe an tseachtain seo le Coimisinéir Trádála na hEorpa, Phil Hogan, agus labhair an tAire Cowen trí fhíschomhdháil ar maidin leis an gCoimisinéir Talmhaíochta Janusz Wojciechowski. Bhí cruinniú ag an Aire an tseachtain seo chomh maith lena chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, Edwin Poots MLA, agus lean sé den chruinniú sin trí phlé a bheith aige tráthnóna inné le Rúnaí Stáit na Ríochta Aontaithe don Chomhshaol, Bia agus Gnóthaí Tuaithe, George Eustice, MP. Níos túisce tráthnóna, phlé an tAire Cowen na dúshláin atá roimh an earnáil talmhaíochta le ceannairí Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann agus Thionscal Feola Éireann. Bhí na hAirí Stáit an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon TD ina theannta arís don phlé seo uilig.

 

Is éard a dúirt an tAire Cowen nuair a bhí cainteanna an lae inniu thart: "Seachtain an-tairbheach a bhí inti an tseachtain seo ina ndearnadh plé le réimse de dhaoine tábhachtacha i mo thuairimse agus muid ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar thréimhse thar a bheith dúshlánach san earnáil agraibhia. Tá go leor neamhchinnteachta i gcónaí ann i ndáil leis an mBreatimeacht, athchóiriú CAP, buiséad an AE amach anseo agus an timpeallacht trádála níos leithne. Caithfear dul i ngleic leo sin go léir agus an earnáil ag iarraidh leibhéil uaillmhianta i bhfad níos airde timpeallachta agus aeráide a bhaint amach ag an am céanna. Tá sé tábhachtach mar sin go bhfaighinnse dearcthaí na bpáirtithe tábhachtacha ag leibhéal AE, ag leibhéal Rialtas na Ríochta Aontaithe chomh maith leis an dearcadh atá i measc páirtithe leasmhara anseo sa mbaile. Leanfar den phróiseas sin dar ndóigh de réir mar a bheidh mé i mbun tuilleadh idirbheartaíochta le gach páirtí leasmhar sa tréimhse amach romhainn.

 

Leag an tAire béim ar roinnt fadhbanna áirithe a pléadh i rith shraith rannpháirtíochtaí na seachtaine seo. Dheimhnigh sé arís an gá atá le buiséad CAP a mheaitseálann na leibhéil uaillmhianta timpeallachta agus aeráide nuair a bhí sé i mbun cainte leis an gCoimisinéir Hogan agus leis an gCoimisinéir Wojciechowski. Thagraigh sé don ghá atá le tuilleadh rannpháirtíochta teicniúla ar chúrsaí praiticiúla a bhaineann leis an mBreatimeacht in am tráth sna cainteanna a bhí aige leis an Rúnaí Stáit George Eustice agus leis an Aire Poots. Agus bhí plé cuimsitheach aige ar dhearcthaí ionadaithe feirmeoireachta agus tionscail ar na dúshláin faoi leith atá roimh an earnáil ina gcásanna féin. Thapaigh an tAire Hackett agus an tAire Heydon an deis chomh maith chun tuairimí a thabhairt ar shaincheisteanna laistigh dá gcuid réimsí freagrachta féin.

 

Mar focal scoir dúirt an tAire: "Táim ag súil le leanúint ar aghaidh agus tabhairt faoi na dúshláin seo ar bhealach éifeachtach, agus ar bhealach i gcomhar, atá roimh an earnáil agraibhia. Tá sé soiléir domsa ó mo chuid cainteanna an tseachtain seo, cé go bhfuil dúshláin mhóra romhainn, go mbeidh deiseanna ollmhóra ann a bhféadfaimid triail leas a bhaint astu. Tá an-dóchas agam don méid atá i ndán don earnáil, agus creidim go láidir gur chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar an todhchaí le muinín.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 09 July 2020