There were 1,864 press releases posted in the last 24 hours and 399,329 in the last 365 days.

Comhghairdeas déanta ag an Aire Hackett le Feirmeoireacht don Dúlra faoi dhuais a bhuachan i gcomórtas idirnáisiúnta mór le rá

 

D'fháiltigh an tAire Pippa Hackett, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar a bhfuil freagracht as úsáid talún agus cúrsaí bithéagsúlachta, inniu roimh an aitheantas idirnáisiúnta atá bainte amach ag tionscnamh 'Feirmeoireacht don Dúlra' na hÉireann i measc comhpháirtithe idirnáisiúnta. Féachtar leis an tionscnamh 'Feirmeoireacht don Dúlra' arna fhorbairt ag Burren Beo in 2018 le haitheantas a thabhairt d'fheirmeoirí a bhíonn ag feirmeoireacht nó atá ag iarraidh dul i mbun feirmeoireachta ar bhealach a fheabhsaíonn sláinte nádúrtha na tuaithe agus tacú leo.

 

Tugadh cuardach domhanda chun críche le gairid faoina rabhthas sa tóir ar nuálaithe a mbeadh sé ar a gcumas an dream is mó a bhíonn ag caomhnú agus ag athchóiriú na bithéagsúlachta a thabhairt le chéile.  Leagtar béim leis an tionscnamh Feirmeoireacht don Dúlra ar an ról dearfach atá ag feirmeoirí i leith aire a thabhairt don dúlra ar a gcuid talún. Cé nár éirigh leo an chéad duais a bhaint amach tháinig siad sa dara háite i nDúshlán Gníomhaigh ar mhaithe leis an mBithéagsúlacht Vittel and Ashoka. Rinneadh breis is 200 tionscadal a mheas sa dúshlán. Thug moltóirí na gcomórtas moladh mór d'Fheirmeoireacht don Dúlra faoin gcuidiú éifeachtach agus nuálach a thug siad, ag tabhairt ar aird go bhfuil Feirmeoireacht don Dúlra, a bhfuil maoiniú faighte aige ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), chun athrú a chothú i measc feirmeoirí chun cúram a dhéanamh don dúlra. Bronnfar €40,000 ar Fheirmeoireacht don Dúlra agus beidh teacht acu chomh maith ar chlár Luasaire a mbeidh sé i gceist leis an méid atá déanta in Éirinn agus ar éirigh go maith leis a roinnt le tíortha eile na hEorpa.

 

Thug an tAire Hackett moladh d'Fheirmeoireacht don Dúlra agus dúirt "Déanaim comhghairdeas le Feirmeoireacht don Dúlra" as an ngradam an-mhór le rá seo a fháil.  Tá aitheantas mór tuillte ag an tionscnamh Feirmeoireacht don Dúlra as an obair den scoth atá déanta acu le cúrsaí bithéagsúlachta ar thalamh feirme a fheabhsú in Éirinn trí thacú le cleachtais feirmeoireachta agus trí fheirmeoirí a fheabhsaíonn cúrsaí bithéagsúlachta ar thalamh feirme a aithint, a chur chun cinn agus cuidiú leo."

 

"Tá ríméad orm a bheith ag cur acmhainní airgeadais ar fáil, i gcomhar leis an NPWS, don tionscnamh Feirmeoireacht don Dúlra".   

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Is féidir tuilleadh sonraí maidir le ‘Feirmeoireacht don Dúlra’ a fháil ag https://www.farmingfornature.ie/ .

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an Dúshlán Gníomhaigh ar mhaithe leis an Bithéagsúlacht a fháil ar https://network.changemakers.com/challenge/act-for-biodiversity-challenge/brief .

 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 03 July 2020