There were 1,874 press releases posted in the last 24 hours and 400,164 in the last 365 days.

Cowen agus Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara CAP tagtha le chéile

Tháinig an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Barry Cowen T.D. agus Coiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara CAP le chéile den chéad uair i dtús na seachtaine chun an dul chun cinn maidir leis an bhforbairt atá déanta ar Phlean Straitéiseach CAP na hÉireann don tréimhse 2021-2027 a athbhreithniú.

 

Dúirt an tAire Cowen i ndiaidh an chruinnithe a bhí aige le páirtithe leasmhara ó ar fud na hearnála agraibhia, chomh maith le grúpaí timpeallachta, NGOnna agus lucht acadúil, "Ba an-deis a bhí anseo dom teagmháil a dhéanamh den chéad uair le réimse leathan daoine atá ag cur leis an obair thábhachtach atáthar ag tabhairt fúithi chun mar a dhéanfar CAP amach anseo a chur i bhfeidhm in Éirinn a mhúnlú. Ní mór don chreat i ndiaidh-2020 réimse leathan éileamh ón tsochaí a shásamh, ní amháin maidir le tacú le feirmeoirí agus pobail thuaithe a chothú, ach uaillmhian ar ardleibhéal i ndáil le timpeallacht agus aeráid a chur ar fáil. Tá lámh ag gach duine againn sa toradh a bheidh ar an bpróiseas sin agus beidh príomhról ag an gCoiste Comhairleach maidir leis an gcreat nua a mhúnlú."

 

Thapaigh an tAire Cowen an deis béim a leagan arís ar an nasc tábhachtach atá idir buiséad CAP agus leibhéal na huaillmhéine atá ann don timpeallacht. Dúirt sé, "Cuireann Éirinn agus Ballstáit eile fáilte roimh leibhéil níos airde na huaillmhéine atá ann don aeráid agus do bhithéagsúlacht atá leagtha amach sa straitéis ón bhFeirm go dtí an Bord agus an straitéis Bithéagsúlachta, ach ní mór tuilleadh feola a chur le go leor de na sonraí, agus, níos tábhachtaí fós, ní mór dúinn buiséad leordhóthanach a dhaingniú chun a chinntiú go sásaítear na spriocanna."

 

Mar fhocal scoir, thug an tAire Cowen ar aird go raibh an Coiste ag leanúint dá chuid gníomhaíochtaí ar bhealach an-éifeachtúil le linn na srianta Covid-19 agus tá an Coiste anois ag an gcéim maidir le Measúnú ar na Riachtanais de phróiseas forbartha Phlean Straitéiseach CAP. D'aithin sé an rannpháirtíocht an-chuiditheach atá léirithe ag rannpháirtithe go dtí seo agus tá sé ag súil leis an dul chun cinn breise a dhéanfar sna míonna amach romhainn.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 02 July 2020