There were 1,798 press releases posted in the last 24 hours and 400,254 in the last 365 days.

Cathaoirleacht déanta ar a Chéad Chruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025 ag an Aire Cowen

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen T.D. cathaoirleacht inniu ar a chéad chruinniú de chuid Choiste Feidhmiúcháin Ardleibhéil Food Wise 2025 (HLIC) chun iarmhairtí leanúnach eacnamaíochta COVID-19 don earnáil, ullmhúcháin Bhreatimeachta agus an dul chun cinn i ndáil le Straitéis nua Agraibhia go dtí an bhliain 2030 a phlé.

D'fhreastail na POF agus na hoifigigh shinsearacha ó Bhord Bia, Fiontraíocht Éireann, Bord Iascaigh Mhara agus Teagasc chomh maith le hoifigigh shinsearacha ó Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais cuí ar an gcruinniú.

Dúirt an tAire Cowen "Is í earnáil an agraibhia, lena n-áirítear iascaigh, an earnáil dúchais is tábhachtaí againn agus táim ag súil le forbairt leanúnach na hearnála a threorú, go háirithe anois agus muid ag déanamh an bhealaigh tríd an dá dhúshlán seo - tionchar eacnamaíoch Covid-19 agus neamhchinnteacht leanúnach an Bhreatimeachta."

Chomh maith leis sin dúirt an tAire, "Mar atá leagtha amach sa Chlár Rialtais, is iad teaghlaigh feirme agus gnóthaí bia croí na tuaithe in Éirinn, agus oibreoimid leis an earnáil chun an teacht isteach atá ag feirmeacha a fheabhsú agus cosaint a thabhairt do fheirmeacha teaghlaigh do ghlúnta amach anseo. Féachfaimid le cur leis an gcáil ghlas atá ar Éirinn as táirgí ar ardchaighdeán agus inmharthana a tháirgeadh ag an gcostas is ísle don timpeallacht, ag cinntiú go bhfanfaidh an dearcadh fadtéarmach don tionscal agraibhia dearfach agus beo."

Maidir le bia mara dúirt an tAire "Tuigim go maith an poitéinseal atá ag an earnáil chomh maith leis na dúshláin atá roimpi mar gheall ar iarmhairtí an Bhreatimeachta agus Covid-19. Trínár mbealach a oibriú tríd na dúshláin sin leis an earnáil, táim cinnte go gcuirfear ar an mbóthar ceart í a bhainfidh poitéinseal na hearnála amach."

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 30 June 2020