There were 1,557 press releases posted in the last 24 hours and 413,301 in the last 365 days.

Cowen ag éileamh maoiniú a bheadh ag teacht leis an uaillmhian atá ann ó thaobh

D’áitigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen T.D., inniu an gá atá le tuilleadh maoinithe a chur ar fáil a bheadh ag teacht leis an uaillmhian atá sa chlár CAP ó thaobh an chomshaoil agus go ndéanfaí buiséad cuí a leithroinnt chun a chinntiú gur féidir an uaillmhian sin a bhaint amach.

 

Ag a chéad chruinniú lena chomhghleacaithe i mBallstáit an AE i gcomhdháil físeáin le hAirí Talmhaíochta agus Iascaigh AE, an Coimisinéir Talmhaíochta Janusz Wojciechowski agus an Coimisinéir Iascaigh Virginijus Sinkevicius, dúirt an tAire Cowen, “Bhí Éire i gcónaí i bhfabhar gné láidir ghlas a bheith leis an gclár nua CAP. Tugtar chun solais sna straitéisí Bithéagsúlachta ón bhFeirm go dtí an Bord an treo a cheart do chúrsaí Talmhaíochta na hEorpa dul. Agus muid ag dul chun cinn, má táimid le maith a dhéanamh ar an uaillmhian atá ann ó thaobh an chomhshaoil, ní mór an tacaíocht riachtanach airgid a bheith ar fáil d’fheirmeoirí.

 

Leag an tAire béim ar an ngá atá le gluaiseacht go pras chun impleachtaí na straitéisí nua seo a bhreithniú ar bhonn measúnachtaí iomlán tionchair. Luaigh sé freisin nach mór tuilleadh soiléireachta a thabhairt ar na gnéithe sonracha de na tograí chun athchóiriú a dhéanamh ar CAP a chuideoidh leis na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear coinníollacht agus éiciscéimeanna.

 

Thapaigh an tAire Cowen an deis béim a leagan ar an tábhacht atá le buiséad AE a chomhaontú a d’éascódh an t-uaillmhian atá ann ó thaobh na haeráide a bhaint amach. Á chur sin i gcomhthéacs an róil ríthábhachtaigh atá ag earnáil na talmhaíochta chun dul i ngleic le géarchéim Covid-19, dúirt sé, “ is é an maoiniú a chuirtear ar fáil chun tacú leis an gComhbheartas Talmhaíochta an phríomhshaincheist anseo. Ní mór dúinn meas a bheith againn ar an gcóras CAP, tacú leis agus thar ní eile maoiniú ceart a chur ar fáil chun gur féidir sin a bhaint amach. 

 

Maidir le hiascaigh, chuir an Coimisiún i láthair cáipéis maidir lena bhfuil beartaithe faoi láthair ó thaobh deiseanna iascaigh sa bhliain 2021.  Thug an tAire Cowen ar aird an dul chun cinn mór atá déanta i dtreo inbhuanaitheacht a bhaint amach san iascach, rud atá an-tábhachtach d’Éirinn.  Dúirt an tAire Cowen “tá dul chun cinn maith déanta chun stoic éisc a ath-threisiú le cúpla bliain faoi chreat an Chomhbheartais Iascaigh a bhuíochas go háirithe don obair atá déanta ag an earnáil iascaireachta féin agus páirtithe leasmhara eile.  Tá sé curtha in iúl go soiléir agam áfach go bhfuil fadhbanna móra le sárú maidir leis an gcion cuótaí agus rochtain ar uiscí na RA de réir mar a leantar de na hidirbheartaíochtaí leis an RA ar chomhaontú nua iascaigh.  Leag mé béim freisin go bhfuil Éire, tír ar oileán í, tiomanta leasa an tionscail iascaireachta a chosaint agus leanfaidh an tír ag obair go fiúntach chun freastal ar na dúshláin a thiocfaidh chun cinn go cinnte sna seachtainí agus míonna atá le teacht.

 

 

CRÍOCH

Min Cowen Ag Fish 29 June

Date Released: 29 June 2020