€50 milliún i dtacaíochtaí fógartha ag Creed d'fheirmeoirí mairteola a bhfuil tionchar ag éifeachtaí eacnamaíochta Phaindéim COVID-19 orthu
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil ceadú na nAirí faighte i ndáil le leithdháileadh €50 milliún chun scéim tacaíochta a chur ar fáil d'fheirmeacha mairteola réidhe a raibh tionchar tromchúiseach ag éifeachtaí eacnamaíochta phaindéim Covid-19 orthu.
Dúirt an tAire Creed “Tuigim go maith go bhfuiltear ag cur isteach go leanúnach ar earnáil mairteola na hÉireann de bharr Covid-19 mar aon leis na hiarmhairtí suntasacha atá ann d'fheirmeoirí mairteola agus maidir leis an ngeilleagar tuaithe ina iomlán. Tá dhá thionchar ag cur isteach ar fheirmeoirí le hainmhithe réidh le cúpla mí anuas: praghsanna íslithe agus marú laghdaithe. Is ionann an tacaíocht seo don earnáil mairteola agus freagra éigeandála ar thuairt eacnamaíochta, chun na tionchair is measa eacnamaíochta maidir le Covid-19 ar na fiontair feirme seo a mhaolú. Cuireann feirmeoireacht mairteola go mór le geilleagar phobail thuaithe ó thaobh na heacnamaíochta de agus, mar sin, tá sé níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh na pobail seo a choinneáil ag imeacht fad agus atáimid ag obair i dtreo téarnamh eacnamaíochta."
Dúirt an tAire Creed go mbeidh a Roinn i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara maidir le sonraí na scéime atá le forbairt, atá le cur ar aghaidh go dtí an AE lena cheadú i ndáil le cúnamh stáit faoin gCreat Cúnaimh Stáit Sealadach Covid-19.
Dúirt an tAire Creed, "Is cuid den iarracht leanúnach atá ar siúl agam é seo lena chinntiú go gcuirtear na bearta tacaíochta cuí i bhfeidhm ag leibhéal náisiúnta agus leibhéal AE do phobail feirmeoireachta na tíre. Iarraim ar chách a bhfuil ról acu sa slabhra soláthair a n-idirspleáchas a aithint agus tabhairt faoin obair i gcomhar i dtreo chuspóir roinnte - earnáil mairteola atá inbhuanaithe go heacnamaíoch, de réir an chomhshaoil agus go sóisialta."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed "Tá os cionn €200 milliún d'airgead nua curtha ar fáil agam d'fheirmeoirí mairteola go sonrach le dhá bhliain anuas agus sin sa bhreis ar an €300 milliún atá curtha ar fáil faoin gClár um Shonraí agus Géanómaíochta Mairteola (BDGP).
D'fhógair an tAire Creed chomh maith go bhfuil cruinniú de chuid an Tascfhórsa Mairteola beartaithe do dheireadh mhí an Mheithimh, a bheidh ar siúl ar fhíschomhdháil i bhfianaise na srianta a bhaineann le Covid-19.
Nóta d'Eagarthóirí:
Tacaíochtaí maidir le Covid-19
Tá tús áite tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le seirbhísí riachtanacha chur ar fáil d'fheirmeoirí, iascairí agus na hearnálacha bia agus foraoiseachta ar feadh na paindéime; lena n-áirítear seirbhísí mar deimhnithe onnmhairithe, íocaíochtaí scéime, agus prótacail chun go mbeidh seirbhísí marglainne ábalta leanúint ar aghaidh ar bhonn teoranta agus faoi smacht.
Thug an Coimisiún Eorpach scéim cúnaimh isteach i ndáil le stóráil phríobháideach faoi CAP i ndáil le táirgí déiríochta áirithe agus gearrthacha mairteola agus caoireola áirithe i ndiaidh fheachtais na mBallstát ar a raibh Éirinn ar thús cadhnaíochta ina leith.
D'fhógair an tAire Scéim Feistiú deonach Flít Shealadach Covid-19 i mí Bealtaine d'árthaí iascaireachta, lena cur i bhfeidhm faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann 2014-20.
Aírítear ar na tacaíochtaí feirmeoireachta sonracha: ardú buiséid maidir le Scéim nua Infheistíochta Laonna go €4 mhilliún; Íocaíochtaí Comhardaithe faoi GLAS agus an Scéim Orgánach a thabhairt chun cinn; solúbthacht éagsúil phraiticiúil lena cur i bhfeidhm maidir leis na príomhscéimeanna feirme.
Bainfidh feirmeoirí, iascairí agus gnóthaí bia leas as teacht a bheith acu ar fhreagraí an Rialtais maidir le leachtacht agus infheistíocht i ndáil le tionchair Covid-19 chomh maith, lena n-áirítear leathnú na Scéime Iasachta um Fhorás sa Todhchaí maidir le hinfheistíocht chaipitil agus iasachtaí Microfinance Ireland i ndáil le caipiteal oibre. Agus síneadh ó trí mhí go sé mhí curtha ag na bainc lena sos maidir le híocaíochtaí do dhaoine atá faoi thionchar díreach Covid-19, tá Scéim Ráthaíochta Creidmheasa leathnaithe fógartha ag an Rialtas, a thabharfaidh tacaíocht caipitil oibre do SMEnna, lena n-áirítear feirmeoirí agus iascairí.
Ina theannta sin, tá gnóthaí bia incháilithe don Scéim Iasachta Caipitil Oibre Covid-19, chomh maith le tacaíochtaí Fhiontraíocht Éireann chun leanúnachas agus leachtacht gnó a chothabháil agus tacaíochtaí Bord Bia chun dlús a chur faoi Ríomhthráchtáil agus gníomhaíochtaí margaidh a mhéadú.
CRÍOCH
Date Released: 12 June 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
