There were 1,647 press releases posted in the last 24 hours and 426,179 in the last 365 days.

Maoiniú €197,500 fógartha ag an Aire Creed do Thionscadail Turasóireachta Agraibhia

I ndiaidh glao ar thograí do Thionscnaimh Turasóireachta Agraibhia a dhéanamh i mí Eanáir faoi Chiste Forbartha agus Nuálaíochta Tuaithe 2020, tá na tionscadail a gheobhaidh maoiniú ón Roinn fógartha ag Michael Creed T.D., an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara. 

Dúirt an tAire Creed “Ag am mar seo, am nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, tá mé sásta tacú leis na tionscnaimh seo in earnáil na turasóireachta agraibhia agus cur leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Leagtar béim i Food Wise 2025 ar an ngaol nádúrtha atá idir agraibhia agus turasóireacht áitiúil. Creidim go bhfuil an turasóireacht agraibhia ríthábhachtach do cheantair thuaithe chun na daoine, an taobh tíre, an stair agus an cultúr a chur i láthair trí na táirgí talmhaíochta, bia agus dí agus bia áitiúil atá le fáil iontu.  Ina theannta sin, cuirtear deiseanna ar fáil do ghnóthaí faoin tuath, lena n-áirítear feirmeoirí, táirgeoirí agus ceardaithe chun a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt, nascadh leis an bpobal agus le cuairteoirí agus feabhas a chur ar scileanna agus ar an dea-chleachtas”. 

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá maoiniú €197,500 á chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas:

 

    • Comhairle Chontae Cheatharlach (Grúpa Turasóireachta Agraibhia Oirdheisceart na hÉireann – €12,987
    • Salann Mara Acla - €10,800
    • Comhairle Chontae na Gaillimhe (Taithí Bia Discover Galway) - €25,000
    • Comhairle Chontae an Chabháin (Líonra Bia an Chabháin) - €12,987
    • O’Connell Marketing/Taste Wexford - €12,987
    • Féile Bia Iarthar Phort Láirge - €24,802.75
    • Conair Bhia Shligigh - €17,500
    • Comhairle Pobail Dhroim Seanbhó (Taithí Bia agus Dí Taste Leitrim) - €22,750
    • Campas Nuálaíochta Bia, Baile Átha an Rí (Taithí Bia agus Talmhaíochta) - €25,000
    • Drinks Ireland (Cumann Fuisce na hÉireann (Irish Whiskey 360) - €13,744.85.
    •  Margadh Pobail an Leathrois

 

CRÍOCH

Date Released: 10 June 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.