There were 1,718 press releases posted in the last 24 hours and 402,557 in the last 365 days.

Feabhas Suntasach Beartaithe ar Mhaoiniú CAP faoi Thogra Athbhreithnithe Buiséid an AE tugtha ar aird ag Creed

Tá an fógra a rinne an Coimisiún Eorpach inniu maidir le buiséad níos mó a chur ar fáil do CAP sa tréimhse idir 2021-2027 sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil Eorpach athbhreithnithe atá ag dul leis an gClár Téarnaimh Eorpach nua tugtha ar aird ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D..

“Ó thaobh na talmhaíochta de, ní mór féachaint ar an togra le maoiniú CAP a mhéadú, mar a d'fhógair an tUachtarán von der Leyen ar maidin, mar céim shuntasach chun cinn ar bhuntogra MFF an Choimisiúin a rinneadh i mBealtaine 2018, agus cuirtear fáilte roimhe", a dúirt an tAire Creed nuair a bhí an fógra déanta.”

Faoi thogra athbhreithnithe CAP, cuirfear maoiniú breise leis an gciste go dtí go mbeidh na leibhéil mhaoinithe cothrom le nach mór €375 billiún (praghsanna reatha), agus cuirfear maoiniú speisialta eile ar fáil do chistí forbartha tuaithe - nach mór €16.5 billiún - ó chiste nua Next Generation an AE, agus tabharfaidh sin an leithroinnt iomlán go dtí €391 billiún don tréimhse 2021-2027.

Dúirt an tAire chomh maith, "Ní rún ar bith é go raibh mé go hiomlán i gcoinne chéad thogra an Choimisiúin do bhuiséad CAP, togra a fógraíodh i mBealtaine na bliana 2018. Tá oibrithe agam ó shin i leith le mo Chomhghleacaithe san Eoraip chun comhghuaillíocht leathan a chur le chéile d'fhonn tacú le buiséad CAP a choinneáil. Is tograí casta iad seo go deimhin agus beidh siad le ceadú ag gach ballstát. Ina theannta sin, tá impleachtaí acu sin do réimsí go leor eile seachas réimse na talmhaíochta agus ní mór iad a scrúdú go mion leis an tionchar a bheidh acu a mheas go maith. Táim sásta áfach, gurb ionann an togra seo agus aitheantas tábhachtach go gcaithfear cúnamh réasúnach a thabhairt d'fheirmeoirí sna seacht mbliana sin amach romhainn."

CRÍOCH

 

Date Released: 27 May 2020