Maoiniú do 58 tionscadal cuain Údarás Áitiúil fógartha ag Creed
Comhairle Contae
Áit
Oibreacha
Cúnamh Deontais atá Ceadaithe
€
Comhairle Chontae
an Chláir
Cé Charraig an Chabhaltaigh
Obair dheisiúcháin agus atógáil riachtanach ar chuid de sheanbhalla na cé.
Cé Bournapeaka (Baile Uí Bheacháin)
Taca a chur faoin gcuid láir den ché. An chuid den ché atá scoilte a bhaint agus píosa nua a chur ina áit. Cuid den deic a bhaint agus píosa nua a chur ina áit a thiocfaidh leis an gcuid deisithe den ché. Cloch gearrtha a bhaint agus a athleagan ar feadh imeall na cé.
Cé Bhaile Uí Bheacháin
Geata tuile agus 3 chomhla liopa a shuiteáil. Armúr carraige a chur ar fáil chun balla na cé a chosaint.
Maoiniú iomlán an Chláir
Comhairle
Chontae Chorcaí
Cé Bhaile Choitín
Spás feistithe breise a chur ar fáil sa chuid is doimhne den ché. 1 sholas loingseoireachta nua a shuiteáil ag béal an chuain. Gardaí nua a shuiteáil ag ceann na príomhché.
Cuan Chionn tSáile - Cé ag Pontún an Iascaire
Athghrádáil agus deic a nua a chur ar an mbealach isteach chuig pontún an iascaire. Geata bordála nua a chur in áit an tseanchinn. Comharthaíocht nua agus, más gá, ráillí sábháilteachta a chur ar fáil.
Cé Eochaille - Cé Nealson, Market Dock & Green Dock
Ráillí láimhe nua, gardaí coise a shuiteáil, dréimirí, fáinní múrála, ceap múrála agus geata i gcomhair aimsir stoirme nua a chur in áit na seanchinn. Na céimeanna atá ann a uasghrádú agus obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhalla na cé agus dromchla nua a chur ar an bhfánán.
Keelbeg - Cé Bhréantrá - Bearta Sábháilteachta
Bacán fisiciúil a chur ar fáil chun teacht ar a gcé a rialú. Tá línte marcála de dhíth ar limistéir ainmnithe oibre, áit siúlóide agus áit stórála. Córas CCTV a chur ar fáil. Gardaí coise a shuiteáil ar feadh imeall na cé.
Fóntas a Uasghrádú (uisce) ag Keelbeg (Cé Bhréantrá), Cé Dhún na Séad, Cé Bhaile Choitín
Córas dírithe uisce a uasghrádú lena n-áirítear pointí soláthair ar thaobh na cé chun saoráidí a fheabhsú d'úsáideoirí/iascairí.
Beart Bhearta Sábháilteachta & Obair Fheabhsúcháin - Oileán na gCaorach (An tOileán Mór), Cé Bea Lough, Cé na Mainistreach (Inis Arcáin), An Cé Thoir (Oileán Heir), Middle Land (Inis Fada). Cé an Chalaidh & Cé na Mainistreach (Inis Arcáin)
Comharthaí sábháilteachta caighdeánacha a chur in airde ar Oileán na gCaorach, ar Ché Bea Lough, Cé na Mainistreach, An Ché Thoir & Middle Land. Dréimirí, ráillí láimhe, gardaí coise nua a chur in áit cinn a bhfuil damáiste déanta dóibh, miondheisiúcháin coincréite ar Ché Bea Lough, ar Ché an Chladaigh & Cé na Mainistreach.
Beart Fóntais a Uasghrádú (Uisce & Leictreachas) Cé na Scoile, Cúirt Mhic Shéafraidh & Middle Land (Inis Fada)
An Scoil - An córas leictreachais atá ann a uasghrádú agus córas dáilte a chur ar fáil, lena n-áirítear pointe soláthair ar an gcé. Cúirt Mhic Shéafraidh - An córas uisce & leictreachais atá ann a uasghrádú agus córas dáilte a chur ar fáil, lena n-áirítear pointe soláthair ar an gcé. Middle Land (Inis Fada) - An córas uisce & leictreachais atá ann a uasghrádú agus córas dáilte a chur ar fáil, lena n-áirítear pointe soláthair ar an gcé.
Cé Monkstown Sand
Plionta coincréite a chur ar fáil le taobh an fhánáin. Ráille láimhe a shuiteáil. Garda coise ceartingearach a chur ar fáil ar an dá fhánán. Bealach isteach a shoiléiriú le Slabhraí/Ceap Sábháilteachta. Baoi Tarrthála nua a shuiteáil. Comharthaíocht Sláinte & Sábháilteachta caighdeánaithe a shuiteáil.
Baile an Chaisleáin
Ráille láimhe agus garda coise a shuiteáil chuig na céimeanna. Obair dheisiúcháin coincréite a dhéanamh ar na céimeanna agus ar áiteanna ar dheic na cé atá lochtach. Comharthaíocht sábháilteachta. Líneáil bóthair a chur ar fáil ag an mbealach isteach chuig an gcé. Baoi tarrthála a chur ar fáil.
Drom Leamh (Eadargóil)
Dréimire nua a chur in áit an dréimire lochtaigh agus dréimire breise, garda coise, ráille láimhe agus fáinní múrála a chur ar fáil. Obair fheabhsúcháin coincréite a dhéanamh ar na céimeanna. Comharthaíocht sábháilteachta.
Cé & Fánán Chnoc an Dúin
Deic nua coincréite ar an gcuid uachtarach den fánán. Stráice garda coise coincréite a chur ar fáil ar an dá thaobh den fhánán. Stráice nua ráille láimhe a chur ar fáil ar an bpíosa coincréite ardaithe ag an trá & tonnchosc. 2 dhréimire nua a chur in áit na gcinn atá ag béal an tonnchoisc. Draein uisce dromchla nua le silteán le taobh na ngaibiún. Comharthaíocht sábháilteachta.
Loch Hyne Thoir
Ráille láimhe a shuiteáil ar na céimeanna. Obair dheisiúcháin coincréite ar bhalla na cé lena n-áirítear an cúinne a dheisiú. Comharthaíocht sábháilteachta.
Cé Theach Bád Warren
Céimeanna a uasghrádú agus ráillí láimhe a shuiteáil. Deic coincréite agus fánán nua ar an gcé. Dréimirí adhmaid a uasghrádú agus cinn nua a chur ina n-áit. Fáinní múrála, ceap múrála agus garda coise a chur ar fáil. Comharthaíocht sábháilteachta.
Maoiniú iomlán Chorcaí
Comhairle Chontae Dhún na nGall
Fánán an Líonáin
Fánán nua 8m ar leithead a thógáil chun báid a thabhairt i dtír chun iad a stóráil go sábháilte le linn drochaimsire.
Cé an Chaisleáin Nua
Obair Dheisiúchán ar Phíle - Conraitheoir tumadóireachta a fháil chun na pílí atá ann cheana féin a dhaingniú trí plátaí cruach a tháthú dóibh atá ar phróifíl cosúil leo.
Crann Tochrais Fhánán Mhálainn Bhig
Crann tochrais leictrihiodrálach a chur in áit an chrainn tochrais leictreonaigh atá ann.
Cé Ballyederlan
Soilsiú, deiceáil fánáin, comharthaíocht agus ráillí sábháilteachta a chur ar fáil.
Carrickarory
Gardaí D ceartingearacha a chur ar fáil ag ceann na cé chomh maith le dréimirí a dheisiú/nua a chur in áit na gcinn atá ann, an suiteáil leictreonach a dheisiú (soicéad cumhachta) agus comharthaíocht a chur ar fáil. Obair dheisiúcháin agus atógála a dhéanamh ar bhalla na cé atá ann.
Port Inver (Comharthaí Loingseoireachta)
Baoi Clébhoird agus solas loingseoireachta chomh maith le comharthaíocht sábháilteachta a chur ar fáil ar an gcé.
Nead na Gé
Dromchla a chur ar dheic an fhánáin an athuair, comharthaíocht agus soilsiú poiblí a chur ar fáil.
Béal Loch Chionn Caslach (Comharthaí Loingseoireachta)
Rabhchán Deasbhoird agus solas loingseoireachta chomh maith le comharthaíocht sábháilteachta a chur ar fáil. Dréimirí nua a chur in áit na dréimirí atá creimthe ag an bhfarraige ar Charraig an Toirc, Leac na bhFear agus ar Chúrsa an Éilín.
An Chruit Íochtarach
An fánán a dheisiú, dréimirí nua a chur in áit na ndréimirí atá ann, ráille láimhe, comharthaíocht a chur ar fáil agus sábháilteacht go ginearálta a fheabhsú.
Baile Dhún na nGall (Comharthaí Loingseoireachta)
Soilse nua a chur in áit na gcinn atá ann ar 8 mBaoi chun loingseoireacht chuig cé an bhaile a dhéanamh níos sábháilte.
Mullanasole
Soilsiú hibrideach nua a chur ar fáil ag ceann na cé.
Maoiniú iomlán Dhún na nGall
Comhairle Chontae
Fhine Gall
Cé Bhaile Brigín
Pointí soláthair seirbhísí (uisce agus leictreachas) a chur ar fáil ar thaobh ó thuaidh an chalafoirt agus naisc lena mbaineann.
Cuan Loch Sionnaigh
Pábháil agus balla farraige a athriochtú agus a athneartú.
Cuan Loch Sionnaigh
Dréimirí nua, ráillí cosanta a shuiteáil in áit na gcinn atá ann, agus obair foghabhálach lena mbaineann ar an gCé Theas.
Cé an Rois
Roinnt de bhunchlocha dhromchla an fhánáin a bhaint aníos agus a athleagan agus iad a athdhaingniú sa chuid ó thuaidh de Ché an Rois.
Maoiniú iomlán Fhine Gall
Comhairle Chontae Chiarraí
Cé Thairbirt
Balla na cé a láidriú tuilleadh agus taca breise a chur faoi chomh maith le héadan cloiche a chur ar an mballa. Painéil réamhtheilgthe a shocrú agus na poill a ghrútáil
Cé Glin, Baile an Sceilg
Obair dheisiúcháin ar an gcé - céimeanna nua a thógáil agus na poill a líonadh isteach.
Cé Fhionntrá
Céimeanna coincréite a thógáil.
Maoiniú iomlán Chiarraí
Comhairle Chontae Mhaigh Eo
Ruanaid
Craein nua a sholáthar. Obair fheabhsúcháin sábháilteachta.
Cill Ala
Áit talamh chrua feistithe a thógáil chun obair dheisiúcháin ar bháid / stóráil / bainistiú dramhaíola a éascú. Obair chothabhála chun siolta a ghlanadh ón áit feistithe / ceangailte. Obair sábháilteachta ar chéimeanna, ráillí etc.
An Fód Dubh
Craein nua a sholáthar. Obair fheabhsúcháin sábháilteachta ar Ché an Fhóid Dhuibh
Cé Bhéal an Átha
Tuilleadh obair dheisiúcháin ar dheic na cé agus bealach isteach sábháilte chuig limistéir an chalafoirt a chur ar fáil. Comharthaí Loingseoireachta ag béal na Muaidhe chuig an gcalaidh a fheabhsú, a uasghrádú agus cinn nua a chur in áit na seanchinn.
Maoiniú iomlán Mhaigh Eo
Comhairle Chontae Shligigh
Cé Iascaí
Mórobair dheisiúcháin ar struchtúir lena n-áirítear obair dheisiúcháin ar cheann na cé; an spallú ag cúl na cé a dheisiú; an spallú agus an sciúradh ar an gcé le taobh an fhánáin a dheisiú; agus spallú ar bharr bhalla na cé a dheisiú.
Cé Eachrois
Mórobair dheisiúcháin ar struchtúr lena n-áirítear ceann na cé de bharr sciúrtha agus spallaithe; agus ar chúl an bhalla de bharr spallaithe agus scoilte.
Cuan na Srithidí
Mórobair dheisiúcháin ar struchtúr lena n-áirítear obair dheisiúcháin ar bhallaí na cé agus an deic a athchóiriú.
Maoiniú iomlán Shligigh
Comhairle Chontae Loch Garman
Cé Thuaidh Thrá Mhór
Obair fheabhsúcháin ar an mballa ar aghaidh chun farraige bhalla na cé ó dheas, balla nua RC a mhúnlú den aghaidh nochta chomh maith le cosaint bunsraithe agus creimthe a mbeidh obair coincréite RC i gceist leis.
Cé Heilbhic
Leac choincréite a thógáil ar bhalla na cé níos giorra, obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhalla na cé agus limistéir a ghrútáil de réir mar a bheidh de dhíth ag Calafort Heilbhic.
Cé Thrá na mBád
An chéim deiridh le hoibreacha láidrithe ar an bpríomhché thoir. An aghaidh ar fhad lasmuigh aghaidh thoir theas na príomhché a chríochnú.
Droichead Eochaille / Cé Ticknock
Ní mór dréimire rochtana nua a chur in áit an dréimire atá ag an gcé seo.
Maoiniú iomlán Phort Láirge
Comhairle Chontae Loch Garman
Calafort an tSlaoid
Obair dheisiúcháin struchtúrtha riachtanach ar bhallaí agus ar fhánán an chalafoirt. Obair Sláinte agus Sábháilteachta.
Cé na Cille Móire
Obair dreideála caipitil ag cainéal slí isteach an chalafoirt.
Cé na Cille Móire
Uasghrádú ar phointí cumhachta.
Cé na Cille Móire
Balla an chalafoirt Thiar - Fiondar agus obair dheisiúcháin ar an mballa
Muiríne Ros Mhic Triúin
An mhuiríne a uasghrádú
Muiríne Ché na Cille Móire
An mhuiríne a uasghrádú
Calafort Fhiodh Ard
Feabhsúcháin rochtana, obair Sláinte agus Sábháilteachta.
Calafort Bhaile na Cúirte
Córas bacainne a chur ar fáil ar an bhfánán
Maoiniú Iomlán Loch Garman
Comhairle Chontae Chill Mhantáin
Na Céanna Thuaidh agus Theas, An tInbhear Mór
Solas teascógtha LED nua a bhfuil raon 9 míle aige a shuiteáil ar an gCé Thuaidh. Grianshoilse 15 vata de Ghrád Mara a shuiteáil feadh na Cé Thuaidh. Soilsiú teascógtha LED MSM agus na cáblaí bainteacha a shuiteáil ar an gCé Theas.
Cé Packet, Cill Mhantáin
Ceap ceangail múrála nua 50 tonna tromshaothair a sholáthar agus a shuiteáil. Tá trí cheap ceangail múrála 7.5/10 dtonna bhreise le suiteáil ag áiteanna ar Ché Packet.
An Ché Thuaidh agus an Ché Theas, Cill Mhantáin
Uasghrádú a dhéanamh ar dhréimirí atá ann agus dréimirí nua le ráillí láimhe a shuiteáil feadh na Cé Thuaidh agus na Cé Theas.
An Ché Thoir, Cill Mhantáin
Áirítear ar na mionoibreacha feabhsúcháin atá le déanamh ar an gCé Thoir: Gardaí rubair ceartingearacha a shuiteáil; Soilse LED a shuiteáil; ráillí nua a chur in áit ráillí damáistithe agus ráillí nua a shuiteáil ag pointí áirithe, Pointí cumhachta agus uisce a sholáthar; Obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar na céimeanna atá ag dul i dtreo an uisce ag barr Ché Packet agus taobh na mbád tarrthála; 3 dhréimire nua a shuiteáil; 2 nó 3 cheap ceangail bheaga a shuiteáil idir na ceapa ceangail atá ann d'fhonn acmhainní a mhéadú / trasnasc a laghdú.
Calafort Chill Mhantáin agus an Inbhir Mhóir
Comharthaíocht Shábháilteachta a chur in airde thimpeall ar na calafoirt agus céanna.
Maoiniú iomlán Chill Mhantáin
CÚNAMH DEONTAIS IOMLÁN ATÁ CEADAITHE
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
