There were 1,320 press releases posted in the last 24 hours and 303,619 in the last 365 days.

Tacaíocht do fhreagra an Chláir Dhomhanda Bia maidir le COVID-19 fógartha ag Creed

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu íocaíocht luath iomlán €23 milliún maidir le príomhranníocaíocht 2020 na hÉireann chuig an gClár Domhanda Bia (WFP).

 

Dúirt an tAire Creed, "Ó tharla na hiarratais le déanaí ar dheontóirí chun tacú le freagra an WFP maidir le COVID-19 cuideoidh an deonachán €0.7m seo leis an WFP a gcláir rialta cúnaimh a choinneáil ag imeacht do dhaoine a bhfuil said ag tacú leo cheana féin chomh maith lena a bhfreagra i ndáil le géarchéim na paindéime a neartú. Tugann sé seo ranníocaíocht €23m na hÉireann chuig an WFP chun críche."

 

Dúirt Stiúrthóir an WFP, an tUasal David Beasley, "Tá an Clár Domhanda Bia fíorbhuíoch do Rialtas na hÉireann as dheimhniú luath a thabhairt maidir lena ranníocaíocht bhliantúil agus táimid buíoch gur maoiniú solúbtha atá i gceist a bheimid ábalta a úsáid san áit is mó a bhfuil gá leis. Baineann an WFP leas as an gcomhpháirtíocht láidir atá aige le hÉirinn agus táimid ag súil leanúint den obair i gcomhar sin le chéile chun troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain i rith na gcúinsí deacra seo".

 

 

Nótaí d'Eagarthóirí

Clár Domhanda Bia na NA (WFP)

Is eagraíocht Náisiún Aontaithe é WFP atá freagrach as cúnamh bia a chur ar fáil do na daoine is boichte agus is leochailí ar domhan. Oibríonn sé i gcomhar le gníomhaireachtaí eile Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha, leis an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach d'fhonn a chur ar chumas daoine, pobail agus tíortha a gcuid riachtanas bia féin a shásamh. Is é an WFP an ghníomhaireacht dhaonnúil is mó atá ag troid i gcoinne an ocrais ar fud an domhain agus déantar é a mhaoiniú ó ranníocaíochtaí deonacha amháin.

 

Faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí (2019-2021) idir Éirinn agus an Clár Domhanda Bia gealltar ranníocaíocht €70m ó Éirinn chuig an WFP thar an tréimhse sin, faoi réir leithroinntí buiséid bhliantúla Dháil Éireann. Sa bhreis ar phríomh-mhaoiniú an DAFM ar an WFP, cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maoiniú ar fáil don WFP chomh maith ar mhaithe le cláir ghéarchéime i dtíortha agus i réigiún faoi leith.

 

CRÍOCH

 

Date Released: 13 May 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.