Fógartha ag an Aire Creed go bhfuil margadh Mheicsiceo á oscailt do mhuiceoil
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil teacht ag Éire anois ar mhargadh Mheicsiceo chun muiceoil a onnmhairiú go dtí an tír.
Dúirt an tAire Creed "Táim fíorshásta go raibh toradh maith ar an obair a rinne mo Roinn i gcomhar le hAmbasáid na hÉireann i Meicsiceo, le Bord Bia agus le páirtithe leasmhara eile sa tionscal. Leagann go bhfuilimid ábalta muiceoil a onnmhairiú chuig Meicsiceo béim arís ar chomh fiúntach agus atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcaidrimh i margaí príomhthábhachta. Tá buíochas tuillte go háirithe ag Ambasáid na hÉireann i Meicsiceo, ag an Ambasadóir Barbara Jones agus ag ataisé talmhaíochta mo Roinne san Ambasáid, Gráinne Roughan, as an méid atá déanta ina leith.
Is i ndiaidh roinnt céimeanna tábhachtacha a ghlac an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), Bord Bia, Ambasáid na hÉireann i Meicsiceo, i gcomhar leis an tionscal le roinnt blianta anuas ar éiríodh leis an méid seo a bhaint amach:
- Tugadh faoin gcéad mhisean trádála chuig Meicsiceo faoi stiúir an Aire Creed i Meitheamh 2017.
- Rinne údaráis Mheicsiceo saoráidí oibríochtaí agus rialuithe oifigiúla i monarcha próiseála agus fuarstórais na hÉireann a scrúdú i mí na Samhna 2018.
- Thug an DAFM ataisé talmhaíochta ar iasacht d'Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo anuraidh, d'fhonn tacaíocht a thabhairt don Ambasáid díriú ar dheiseanna trádála agraibhia agus teacht ar an margaidh agus forbairt a dhéanamh ina leith sin.
Margadh mór tomhaltóra is ea Meicsiceo, tír a bhfuil 120 milliún duine ina gcónaí inti. Meastar muiceoil a bheith ina foinse fholláin próitéine i measc tomhaltóirí agus itear é ar bhonn laethúil i réimse leathan mias. Dar le Bord Bia, tá éileamh allmhairithe atá ag fás, agus an margadh ag allmhairiú tuairim is 1 mhilliún tonna muiceola in aghaidh na bliana, á thiomáint ag daonra meánaicme atá ag fás agus níos mó uirbiú. Is ionann allmhairí faoi láthair agus 38% de thomhaltas iomlán muiceola, agus táthar ag súil go dtiocfaidh tuilleadh fáis air seo. Is í Meicsiceo an tríú allmhaireoir muiceola is mó ar domhan de bharr scála na n-allmhairí sin. Tugann taighde a thug Bord Bia faoi le déanaí le fios go bhfuil deiseanna ann do chomhlachtaí muiceola táirgí cos agus guaillí reoite a sholáthar ach go háirithe.
I bhfianaise an Chomhaontaithe Dhomhanda idir an tAE-Meicsiceo a aontaíodh le déanaí, ach go háirithe, déanfaidh an teacht seo a bhaint amach bacainní taraife ar thrádáil a laghdú go suntasach, cuirfear deiseanna nua margaidh onnmhairithe ar fáil don earnáil muiceola agus don earnáil níos leithne agus an earnáil ag leanúint de fhreagra a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le paindéim COVID-19.
Ba cheart go dtreiseodh teacht a bheith ar líon níos mó margaí taobh amuigh den AE próifíl tháirgí muiceola na hÉireann i margaí idirnáisiúnta ar fiú €275m, nó 31% d'onnmhairí iomlána muiceola na hÉireann in 2019 iad.
Nótaí d'Eagarthóirí:
Tá sé dearbhaithe anois ag údaráis Mheicsiceo go sásaíonn na saoráidí ceadaithe (5 mhonarcha próiseála agus 5 fhuarstóras) na riachtanais go hiomlán maidir le muiceoil amh reoite a onnmhairiú ó Éirinn go Meicsiceo. Foilseoidh údaráis Mheicsiceo sonraí na saoráidí seo in am trátha.
Aithníodh Meicsiceo mar mhargadh tábhachtach i ndáil le muiceoil in 2017 mar chuid de Thosaíocht Margaidh a sheachaid Bord Bia i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
D'éirigh leid an iarratas a rinne Bord Bia ar mhaoiniú bolscaireachta AE i ndáil le clár muiceola agus éineola do Mheicsiceo agus don tSín in 2020. Is ionann luach an chláir trí bliana seo, a gcuirfear tús leis i Meitheamh, agus €3.82m agus díreoidh an clár ar "Mhuiceoil agus ar Éineoil na hEorpa: Barr Feabhais i nDearbhú Cáilíochta agus Sábháilteacht Bhia" agus cuideoidh le tacaíocht a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí margaidh a chuireann le leibhéal feasachta agus claontacht i dtreo tháirgí muiceola na hÉireann a cheannach le réimse tionscadal éagsúil mar seónna trádála, seimineáir thrádála, cuairteanna ar an tír ó iriseoirí agus lucht ceannaithe i rith na dtrí bliana amach romhainn.
CRÍOCH
Date Released: 12 May 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
