There were 1,174 press releases posted in the last 24 hours and 425,481 in the last 365 days.

Scéim Shealadach Feistiú Deonach Covid-19 fógartha ag Creed i ndáil le cuid den Fhlít Iascaireachta

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu scéim feistiú deonach flít shealadach d'árthaí iascaireachta maidir leis an bhflít Ilfheidhmeach, Brálaeireachta Bíoma agus Sainréimsí sa bhflít iascaireachta. Tacófar le húinéirí árthaí atá incháillithe an rogha deonach a dhéanamh a n-athraí a fheistiú ar feadh mí nó dhó as an gcéad trí mhí amach romhainn, a bheidh i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2020 agus leathnófar an scéim chun í a chur ar fáil don fhlít cois cladaigh agus d'árthaí níos mó.   Cuirfear an Scéim i bhfeidhm faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann 2014-20, arna cómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach.

 

Mhínigh an tAire Creed “Tacóidh an Scéim Feistiú Deonach Covid-19 nua atá á fógairt inniu agam leis na costais sheasta a thabhóidh úinéirí árthaí iascaireachta agus a gcuid árthaí feistithe sa chalafort. Tá an scéim leagtha amach chun cur le tacaíochtaí pá Covid-19 agus socruithe iasachta atá á gcur ar fáil ag an Rialtas cheana féin maidir leis an earnáil iascaireachta agus, go deimhin, le hearnálacha eile a bhaineann le bonneagar na tíre.   Idir €6,000 sa mhí ar feadh dhá mhí ar a mhéad, i ndáil le hárthaí os cionn 24 méadar, agus €500 sa mhí ar feadh dhá mhí ar a mhéad, i ndáil le na hárthaí is lú faoi 6 mhéadar ar fhaid, a bheidh na tacaíochtaí ar fáil i ndáil le costais sheasta. Beidh an scéim feistithe ar fáil do 66% den fhlít iascaireachta ar a mhéad, i gcatagóirí na méideanna éagsúla, in aon mhí amháin. Beidh an scéim dheonach i bhfeidhm ar feadh na míonna féilire, Meitheamh, Iúil & Lúnasa, chun teacht le tréimhsí bainistithe cuótaí iascaigh míosúla, d'fhonn an soláthar éisc atá á chur ar fáil i margadh atá laghdaithe i láthair na huaire a athrú agus an cuóta atá ar fáil a chosaint i ndáil le tráth níos faide amach sa bhliain. Is féidir le hárthach ar bith nach bhfuil tacaíocht á fáil aici le feistiú in aon mhí ar leith leanúint den iascaireacht chun tacú le beartas an Rialtais a chinntiú nach gcuirtear isteach ar an slabhra bia."

 

Dúirt an tAire Creed agus an Scéim á fógairt aige "Tá earnáil iascaireachta na tíre, ach go háirithe, buailte go dona mar gheall ar chomh tromchúiseach agus a cuireadh isteach ar an margadh san Eoraip agus go hidirnáisiúnta de bharr Phaindéim Covid-19. Tá titim shuntasach tagtha ar éileamh margaidh agus ar phraghsanna díola i go leor dár bpríomh-mhargaí de bharr gur dúnadh go leor margaí agus gur cuireadh isteach ar bhealaí dáilte bunaithe, go háirithe chuig bialanna agus an tionscal seirbhíse bia sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Tá sé tábhachtach rogha eile a thabhairt don fhlít iascaireachta chun cuidiú leo an soláthar a mheaitseáil leis an éileamh sna margaí bia mara i bhfianaise na gcúinsí ar leith seo nach bhfacthas go dtí seo.

 

Dúirt an tAire freisin, "Tá margaí fós ann atá oscailte sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon, agus tá sé tábhachtach go leanfaimid de bheith ag soláthar do na margaí seo chun soláthar bia a cothabháil, chun seirbhís a chur ar fáil dár gcustaiméirí bunaithe agus chun bheith in áit mhaith le leas a bhaint as an méadú a thiocfaidh ar éileamh agus na margaí ag oscailt arís. Chun na críche sin, ba mhaith linn go mbeadh leibhéal leanúnach iascaireachta ar bun ag flít iascaireachta na tíre. Ach, tá sé tábhachtach áfach, an tionscal a éascú go sealadach chun go mbeidh gníomhaireachtaí iascaireachta ag teacht le héileamh margaidh, táim anois ag cur scéim shealadach i bhfeidhm chun tacaíocht a chur ar fáil do chuid de fhlít na tíre a roghnaíonn, ar bhonn deonach, a n-árthaí a fheistiú le cé fad agus atá árthaí eile fós i mbun iascaireachta."  

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

Seoladh Clár Oibríochta an Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (EMFF) in Eanáir 2016.  Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.

 

Déantar foráil in Airteagal 33.1(d) de Rialachán EMFF (508/2014) íocaíochtaí a dhéanamh le húinéirí árthaí i ndáil le gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith scortha go sealadach mar gheall ar phaindéim Covid-19. D'achtaigh an tAE an fhoráil nua seo an 23 Aibreán trí Rialachán 2020/560 mar chuid de Thionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas an AE.  

 

Tá Scéim Feistithe Covid-19 leagtha amach chun tacaíocht a thabhairt maidir le costais sheasta a thabhóidh úinéirí árthaí fad agus atá a n-árthaí feistithe sa chalafort agus chun teacht le tacaíochtaí pá agus bearta cothrománacha atá á gcur ar fáil ag an Rialtas. Áirítear ar na costais sheasta a bheadh á dtabhú ag úinéirí árthaí de ghnáth árachas árthaigh, ús ar iasachtaí, táillí calafoirt, táillí dlí agus táillí cuntasaíochta. Cuirtear na costais sheasta a thagann chun cinn i ndáil le hárthaí ar fhaid éagsúla ar fud an fhlít ar aghaidh chuig BIM gach bliain mar chuid de Chreat Bailithe Sonraí an AE.  

 

Le bheith incháilithe don scéim, ní mór go raibh an t-árthach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta ar an bhfarraige ar feadh ar a laghad 120 lá thar na tréimhse 2 bhliain 2018/19 agus go raibh luach €5,000 ar a laghad ar an gcéad díolachán éisc a rinneadh sa bhliain féilire 2019, faoi threoir Chóras Nóta Díolachán na hÉireann arna riar ag an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara.

 

Déanfar na híocaíochtaí a leanas le húinéirí árthaí a dhéanann iarratas agus a cheadaítear faoin scéim.

 

 

Méid an árthaigh

Íocaíocht thar thréimhse feistithe 1-mhí

Íocaíocht thar thréimhse feistithe 2-mhí

> 24m

€6,000

€12,000

18 < 24m

€4,600

€9,200

15 < 18m

€2,000

€4,000

12 < 15m

€1,900

€3,800

10 < 12m

€800

€1,600

8 < 10m

€750

€1,500

6 < 8m

€500

€1,000

<6m

€500

€1,000

 

 Is féidir le húinéirí árthaí iarratas a dhéanamh le BIM a n-árthaí a fheistiú ar feadh aon nó dhá mhí as an trí mhí ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Lúnasa. Leanfar d'athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim seo ar bhonn míosúil agus d'fhéadfaí stop a chur leis an scéim sula dtagann an chéad tréimhse feistithe eile i bhfeidhm sa chás go dtagann feabhas ar na margaí. Ceadófar tacaíocht i ndáil le 66% ar an mhéad de líon na n-árthaí i gach aon cheann de na catagóirí i ndáil le fad na n-árthaí maidir le tréimhse aon mhí ar leith, ag cinntiú go bhfuil roinnt árthaí ar fáil le bheith ag iascach i gcónaí chun leanúint de bheith ag soláthar don mhargadh. 

 

CRÍOCH

 

Date Released: 08 May 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.