There were 1,009 press releases posted in the last 24 hours and 402,986 in the last 365 days.

Meabhraíonn an tAire Creed d’fheirmeoirí gurb é an 15 Bealtaine an spriocdháta chun Iarratais BPS a Chur ar Aghaidh ar Líne

Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, T.D., d’fheirmeoirí inniu gur Dé hAoine an 15 Bealtaine an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar líne ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus ar an gClár Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil - Laonna Diúil (BEEP-S). Tá an ráta i dtaobh iarratais a dhéanamh ar BPS 2020 fós chun cinn ar ráta na bliana anuraidh agus tá ag éirí go maith le hiarratais BEEP-S freisin.

 

Tá an Roinn ag cuidiú le feirmeoirí a n-iarratais a dhéanamh le roinnt seachtainí trí sheirbhísí Dheasc Chabhrach na Roinne.  D’fhógair an tAire go mbeadh an tseirbhís teileafóin Lo-Ghlao seo ar fáil d’fheirmeoirí uaireanta níos faide ag teannadh leis an spriocdháta.

 

Beidh an tseirbhís teileafóin deisce cabhrach 0761 06 44 20 ar fáil mar seo a leanas:

  • Dé Sathairn an 9 Bealtaine ó 9.30 am go 5.00 pm
  • Idir 9.15 am agus 9.00 pm ón Luan an 11 Bealtaine go Déardaoin an 14 Bealtaine
  • Idir 9.15 am agus 12 meán oíche Dé hAoine an 15 Bealtaine.

 

Dúirt an tAire “Is tacaíocht thábhachtach d’fheirmeoirí an tacaíocht airgid a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna.  Iarraim ar na feirmeoirí ar fad a gcuid iarratas a thaisceadh a luaithe agus is féidir roimh an spriocdháta an 15 Bealtaine.  Sa chás go mbeadh treoir ag teastáil ó aon fheirmeoir chun a n-iarratas a dhéanamh, ba chóir dóibh glaoch ar dheasc chabhrach na Roinne áit a mbeidh ball foirne ar fáil le cuidiú leo.

 

Nóta d'Eagarthóirí:

Chun cúnamh a fháil chun clárú ar www.agfood.ie ar dtús sula ndéantar iarratas ar líne, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach Clárúcháin AgFood ag an uimhir 0761 064424.  Is féidir leo glaoch ar an uimhir sin chomh maith má tá cúnamh ag teastáil uathu comhairleoir talmhaíochta nó comhairleoir Teagasc a chlárú chun iarratas a dhéanamh thar a gceann.  Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird nach mór dóibh clárú ar www.agfood.ie ar dtús sula mbeidh siad ábalta a n-iarratais a chomhlánú ar líne.  Ní mór dóibhsean nach bhfuil cláraithe fós, sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Chun cúnamh a fháil chun na foirmeacha a chomhlánú ar líne, is féidir le feirmeoirí teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach na nÍocaíochtaí Díreacha ag an uimhir 0761 064420.

 

 

CRÍOCH

 

 

Date Released: 08 May 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.