There were 1,787 press releases posted in the last 24 hours and 403,806 in the last 365 days.

Moill ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Cothromaithe Cuótaí Phíolótaigh maidir leis na Stoic Éisc Grinnill (Iasc Geal) fógartha ag an Aire Creed

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. go mbeidh moill ar chur i bhfeidhm an Pholasaí Cothromaithe Cuótaí Phíolótaigh maidir leis na Stoic Éisc Grinnill (Iasc Geal) go dtí an 1 Meitheamh 2020.

 

D'admhaigh an tAire go raibh tionchar suntasach ag cúrsaí geilleagair i láthair na huaire ar an tionscal bia mara agus go bhfuil sé dúshlánach go háirithe d'árthaí i gcabhlach Éisc Grinnill (Iasc Geal) agus dúirt "cuirfidh an mhoill seo breis ama ar fáil do chabhlach éisc geal na tíre níos mó aithne a chur ar an bpróiseas cothromaithe cuótaí agus dul in oiriúint dó sa tráth seo nach bhfacthas a leithéid riamh cheana."

 

Bhí sé beartaithe an Polasaí Cothromaithe Cuótaí Píolótach maidir leis na Stoic Éisc Grinnill (Iasc Geal) (le leasú teicniúil i ndáil le Lúnasa 2019) a bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2020, agus ráitis cothromaithe a eisiúint chuig sealbhóirí ceadúnais ag deireadh na míosa seo. Táthar ag súil go n-eiseofar ráitis cothromaithe cuótaí maidir leis na stoic éisc grinnill (iasc geal) i ndáil leis na míonna féilire Eanáir 2020 go dtí Bealtaine 2020 chuig sealbhóirí ceadúnais chun críocha faisnéise amháin.

 

Is féidir breathnú ar chóip den Pholasaí Cothromaithe Cuótaí Píolótach maidir leis na Stoic Éisc Grinnill (le leasú teicniúil i ndáil le Lúnasa 2019) ar láithreán gréasáin na Roinne ar https://www.agriculture.gov.ie/seafood/seafoodpolicy/forms/.

 

Nótaí d'Eagarthóirí:

  • Rinneadh an scéim cothromaithe cuótaí seo a fhorbairt ar iarratas ón gCoiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí, agus le cúnamh ón gCoiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí. Tá an Coiste Comhairleach Bainistíochta Cuótaí déanta suas d'ionadaithe ó thionscal na hiascaireachta a bhaineann leis na hearnálacha gabhála agus próiseála, agus cuireann sé moltaí faoi bhráid an Aire i ndáil le cuótaí iascaireachta na hÉireann a bhainistiú.
  • Cuirfear cothromaíocht cuótaí i bhfeidhm maidir leis an gcúig stoic éisc geall a leanas ó Meitheamh 2020: o Colmóir i 6 agus 7 (HKE/571214) o Láimhíneach i 7 (ANF/07-14)
  • o Faoitín i 7b-k (WHG/(7X7A)7X7A-C)
  • o Láimhíneach i 6 (ANF/56-14)
  • o Cadóg i 6a (HAD/5BC6A)
  • Cuirfear cothromaíocht cuótaí maidir le stoic eile ar fáil ag tráth níos déanaí.
  • Is éard is brí le cothromaíocht cuótaí ná nuair a thugann árthach níos mó ná an teorainn gabhála stoic i dtír ná mar a leithdháiltear don árthach sin a dhéanamh le linn thréimhse bainistithe iascaigh, déanfar asbhaint i ndáil le teorainn gabhála amach anseo maidir leis an árthach sin.
  • Cuirfear gné iolraithe i bhfeidhm maidir leis an iomarca iasc a thabhairt i dtír. Sa chás go dtugann árthach níos mó ná 10% den teorainn gabhála i dtír beidh leibhéal níos airde aisíocaíochta i gceist.
  • Tá an cothromú cuótaí a bhfuil an Roinn ina bhun idirscartha ó aon ghníomh a mheasann nó a ghlacann na húdaráis rialaithe.
  • Thug an tAire scéim phíolótach i ndáil le stoic pheiligeacha isteach an 1 Eanáir 2018 agus leanfar den scéim sin a chur i bhfeidhm.

 

CRÍOCH

Date Released: 24 April 2020

Legal Disclaimer:

EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.