Réamhaisnéis na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir leis an ngalar Nematodirus sa bhliain 2020
An galar
Dianghalar seadánach é Nematodirosis a bhíonn ar uain idir sé agus dhá sheachtain déag. Tolgann na huain an galar nuair a ionghabhálann siad líon mór den larbha ionfhabhtaíoch agus iad ar féarach ar thalamh atá éilithe leis. Ní hionann saolré na péiste cúisí Nematodirus battus agus saolré cruinnphéisteanna eile sa tslí is go mbíonn sé beagnach bliain sula dtagann an larbha ionfhabhtaíoch amach as an ubh. San earrach is mó a thagann an larbha amach nuair a ardaíonn teocht na hithreach i ndiaidh tréimhse fhuar agus is i mí Aibreáin, na Bealtaine agus an Mheithimh a bhíonn an galar tréan go hiondúil.
Ar an larbha Nematodirus a ionghabháil, ionsaíonn sé balla na stéige sna huain. Mar chomhartha sóirt ar an ionfhabhtú seo, tá an bhuinneach, díhiodráitiú agus cailleadh meáchain. Nuair a bhriseann an galar amach, cruinníonn na huain timpeall ar umair uisce mar gheall ar an tart ollmhór a thagann orthu. Ní fhaigheann caoirigh an galar agus leanann orthu ag innilt.
An bealach is fearr chun an galar a chosc ná uain na bliana seo a choinneáil de thalamh féaraigh a raibh uain nó laonna óga (a d’fhéadfadh a bheith ag iompar an ionfhabhtaithe) ar féarach air anuraidh. Fiontair a bhfuil rátaí arda stoic acu is mó atá i mbaol. Tabhair ar aird gur cúplaí uan nó uain aonair ó chaoirigh nach raibh mórán bainne acu is mó atá i mbaol an galar a fháil mar go n-itheann siad níos mó féir ag aois an-óg. Má tá talamh féaraigh 'glan' ar fáil, ní mór na huain a bhogadh ansin ar dtús.
Cén uair a cheaptar a thiocfaidh an galar chun cinn i mbliana?
Meastar gur idir an 14 agus 21 Aibreán, cúpla lá níos déanaí ná mar a bheifí ag súil de ghnáth, is mó a bheidh larbha an Nematodirus á scaoileadh amach ar fud na tíre. Is mar gheall ar theas na hithreach a bheith níos fuaire ná de ghnáth é seo.
Meastar, áfach, go dtarlóidh sin beagán níos túisce i gceantair le cósta in iardheisceart na tíre, i.e. roimh an 10 Aibreán agus atá níos gaire don am is mó a mbíonn an larbha á ligean amach sna coda sin den tír de ghnáth.
Féach an léarscáil thíos (Fíor 1) maidir leis na buaicamanna a mbeidh an larbha Nematodirus á scaoileadh amach ar thalamh féaraigh.
Cén uair is ceart cóireáil a chur ar uain?
Ba chóir cóireáil ar chur ar uain atá i mbaol (i.e. Uain atá idir 6-12 seachtain agus atá ar féarach ar thalamh atá éillithe) tuairim is coicís i ndiaidh an bhuaicama a mheastar a dtiocfaidh an larbha as na huibheacha.
Ba chóir dáileog de chóireáil díphéistithe oiriúnach (ábhar frith-heiliminteach) a bheith tugtha d’uain ar chósta thiar theas na hÉireann faoin tríú seachtain d’Aibreán agus uain sa gcuid eile den tír idir an tseachtain deiridh d’Aibreán agus an chéad tseachtain de mhí Bealtaine.
Ba chóir smaoineamh, áfach, ar dháileog a thabhairt d’uain níos túisce ar fheirmeacha aonair ina bhfuil comharthaí cliniciúla ann go bhfuil Nematodirus ar uain. Is ar bhuaicam larbha á scaoileadh amach atá na treoirlínte cóireála thuas bunuithe.
Fíor 1. An dáta measta i mí Aibreáin 2020 is mó a beidh an larbha Nematodirus á scaoileadh amach ar thalamh féaraigh
Foinse: Met Éireann
Cén chóireáil díphéistithe is ceart a úsáid?
Is Beinsimideasóil (droinsí bána) an roghchóireáil d'ionfhabhtuithe Nematodirus agus tá siad éifeachtach ag céim an larbha agus ag an gcéim lánfhásta. Cuideoidh an cineál seo frith-heilimintigh mar an chéad rogha cóireála an teagmháil le péisteanna mar Trichostrongylus agus Teladorsagia le cineálacha eile frith-heilimintigh a laghdú (e.g. lachtóin mhacrafháinneacha) ag tréimhse sa séasúr féaraigh ina bhféadfadh sé nach mbeadh gá le cóireáil ina leith sin. Cuideoidh sé sin le héifeacht na ndrugaí sin agus tá sin tábhachtach go háirithe ar fheirmeacha a raibh fadhbanna orthu cheana le frithsheasmhacht beinsimideasóil maidir leis na cruinnphéisteanna coitianta boilg/stéige.]
Tabhair ar aird nach bhfuil aon droinsí ann faoi láthair atá éifeachtach i dtaobh gníomhaíocht iarmharach i gcoinne Nematodirus. Dá bhrí sin má fhanann uain ar féarach d’fhéadfadh go dtógfadh siad an larbha an athuair agus go mbeadh gá an chóireáil díphéistithe chéanna a thabhairt dóibh arís nó ceann cosúil leis gach ré coicís nó trí seachtainí.
Nematodirus agus coiciodóis in uain
Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh feirmeoirí ar an eolas maidir leis na seadáin eile a chuireann an bhuinneach ar uain óga agus a mbíonn bearta srianta agus cóir leighis ar leith ag teastáil ina leith. D’fhéadfadh go gceapfaí, agus gan sin a bheith ceart, gur Nematodirus is cúis le drochbhuinneach a bheith ar uain nuair is ionfhabhtú coiciodóise is cúis léi. Chun coiciodóis a chosc in uain óga, cuideoidh sé uainíocht a dhéanamh a thalamh féaraigh agus umair bheathaithe agus uisce a bhogadh go minic go dtí áiteanna níos tirime. Is éasca coiciodóis a scaipeadh in áiteanna taise ina mbíonn caitheamh ar an talamh. Chun cuidiú le héilliú beatha le faecas a laghdú agus leis sin tarchur na coiciodóise a laghdú, chuideodh sé umair a ardú. Is féidir, i roinnt cásanna, go dtiocfadh nematodiroisis agus coiciodóis in éineacht ar uain agus dianghalar a bheith mar thoradh air.
Comhairle ó thréidlianna agus uirlisí diagnóiseacha saotharlainne
Má thugtar uain a bhfuil drochbhuinneach agus straidhneáil orthu faoi deara, moltar dul i gcomhairle le tréidlia príobháideach chun diagnóis chruinn a fháil chomh maith le comhairle maidir leis an gcógas cuí. Go háirithe nuair is léir gur beag feabhas nó nach bhfuil feabhas ar bith tagtha ar an tréad ón gcéad chóireáil. Ó tharla go bhféadfadh nematodirosis agus coiciodóis a bheith in éineacht ar uain, d’fhéadfadh go mbeadh gá cóireáil a thabhairt a bheadh dírithe ar an dá phataigin.
Moltar go gcuirfeadh do thréidlia príobháideach aon uan a fhaigheann bás go tobann ar aghaidh chuig saotharlann tréidliachta réigiúnach chun scrúdú iarbháis a dhéanamh air mar gur féidir le N. battus a bheith ina chúis bháis sula dtagann comharthaí cliniciúla chun cinn.
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gur céimeanna an larbha is measa i dtaobh tionchair phataigineacha an tseadáin seo a thabhairt chun cinn. Dá bharr sin, ní féidir a bheith brath ar mhonatóireacht ar líon na n-uibheacha sa bhfaecas mar an t-aon treoir go bhfuil cóireáil ag teastáil.
CRÍOCH
Date Released: 20 April 2020
Legal Disclaimer:
EIN Presswire provides this news content "as is" without warranty of any kind. We do not accept any responsibility or liability for the accuracy, content, images, videos, licenses, completeness, legality, or reliability of the information contained in this article. If you have any complaints or copyright issues related to this article, kindly contact the author above.
